10
AN GAOḊAL
AIṪRIS Ó 'N IARṪAR.
Chicago, an cuigeaḋ lá deug Oċt-
ṁiosa, 1881.
Ceud míle fáilte roṁad-sa agus an
GAOḊAL! Do ráinig do ċeud uiḃir
ċugam an-dé, agus creid me go raiḃ luaṫ-
ġáire ṁór orm dá ḟeicsint, agus geall-
aim ḋuit go n-deunfaiḋ mé gaċ níḋ a
tá cumasaċ liom, cungnaṁ do ṫaḃairt
duit ann gaċ moḋ is féidir liom.
Beiḋ tú luaṫġáraċ le cloisdin go ḃ-
fuil cúis na Gaeḋilge dul air aġaiḋ gaċ
lá, ní aṁáin ann Éirinn, aċt air feaḋ
an doṁain ṁóir; agus muna raiḃ air
ṡon ceiste so na talṁan, do ḃeiḋeaḋ
páipeur go léir a n-Gaeḋilge aca ann
Aṫ-cliaṫ anois ; agus tá dóċus agam
go m-beiḋ aca go goirid é.
Tá mé doiliġ nac d-tig liom a ráḋ go
ḃ-fuil stuidear na Gaeḋilge dul air a-
ġaiḋ mórán fós amaċ ann so ansan Iar-
ṫar ; aċt do rinne taisbeánt an Ġaoḋ-
ail maiṫeas ṁór ċeana, óir tá ḋá ḋuine
uasal 'san g-caṫair so a tá air ti dul
dá foġluim; agus tá dóċus agam go m-
beiḋ rang Gaeḋilge againn annsa g-Cum-
ann-Americain-Éireannaċ (Irish Ameri-
can Club) a g-cúrsa na miosa seo; dá
m-beiḋinn féin ann so a g-coṁnuiḋe, geal-
laim go m-beiḋeaḋ rang againn gan stád
Is cosaṁail go ḃ-fuil iongna ortsa a-
gus air iomad gráġuiġṫeoiriḃ eile na
Gaeḋilge mar ġeall naċ scríoḃaim níos
mó do 'n Americain-Gaoḋlaċ, aċt meas-
aim an uair a g-cluinfiḋ siḃ na creud-
faiṫ, naċ m-beiḋ aon loċd am aġaiḋeas-
a ann inntinn aoin duine.
Tá ḟios agad go raiḃ me ag sgríoḃ-
aḋ do 'n ṗáipeur sin beagnaċ air feaḋ
trí bliaḋan ; níor ṫuil mé aon ṗíġin as
mo sgríḃinn dó, agus níor ḟiafruiġeas
aon ṗíġinn ó ḟear-eagair dé. Do ċuir
mé mórán píos sgríḃinn air feaḋ na g-
cúig míos déiġneaċ ċum fear-eagair an
ṗáipéir sin, dá iarraiḋ iad do ċlóḃual-
aḋ ; aċt níor ċuir sé aon ṡuim an mo
ġuiḋe. Ḃí na píosa do ċuir mé ċuige
freagraċ dá ṗáipeur; ba aon aca cun-
tas curṫa amaċ leis an Aonaċd Gaeḋ-
ilge (Gaelic Union). ba ceann eile mo
leitir ċum an Ollaiṁ Blacie, noċ ċuirim
ċugad anois. Is cuma lióm má ċloḃuail¬
eann sé mo sgríḃinn, nó má ḋeunann sé
an ruḋ eile, óir tá go leor de ṗáipéir-
iḃ eile ann anois ann a d-tig linn Gaeḋ-
ilig ċloḃualaḋ.
Tá daoine 'san doṁan agus feicṫear
liom naċ féidir leo ḃeiṫ díreaċ ná ḟear-
aṁail ann aon niḋ dá n-deunann siad.
Tá fear-eagair an ṗáipéir reiṁráite
ag ċloḃualaḋ píos Gaeḋilge agus Beur-
la gaċ seaċtṁain ó 'n Éireannaċ d' Áṫ-
Cliaṫ, aċt ní ḋeir sé cá h-áit as a d-
tógann sé iad. Ní 'l seo ceart ná beus-
aċ, níos mó 'ná a ḋiultaḋ do ċloḃualaḋ
na h-iomad píos eile do ċuir mé ċuige
go déiġneaċ a nGaeḋilge agus a m-Beur-
la. Ní ḋeirfinn einniḋ timċioll an ġno
so muna raiḃ go n-duḃairt mé go minic
a nduilleogaiḃ an Americain-Gaoḋalaiġ
go m-beiḋ mé réiḋ a g-cóṁnuiḋe cúng¬
naṁ do ṫaḃairt dó annsa g-cuid Gaeḋ-
ilge, agus b' feárr liom ṫaisbeánaḋ nar
ḃriseas m' ḟocal, agus naċ raiḃ an loċd
liomsa
Beiḋ luaṫġáir ort lé cloidin go ḃ-fuil
againn annsa Leabar Lann Ċoitċeann
(Public Library) annso macsaṁla na d-
trí príoṁ-leaḃar Gaeḋilg. eaḋan, Leaḃ-
ar na h-Uiḋri, Leaḃar Laiġinn a's Leaḃ'
ar Breac. Ní 'l siad le fáġail ann áit
air biṫ eile 'san tír seo.
B' ḟeárr liom-sa go g'cloḃuailfeá an
Ġaeḋilge go léir a litiriḃ Rómánaċa ; ní
ḟeicim aon ḟéiḋm 'sna sean litiriḃ aċt
le coisg leaṫnuiġṫe na teangan; aċt ná
cuir aire 'san niḋ a deirim; deun úsáid¬
e de na litiriḃ is áil le do léiġṫeóiriḃ.
Do léiġeas ann áit eigin naċ léiġfeaḋ
Bismarc aon leaḃar Gearmánaċ gan é
ḃéiṫ cloḃuailte 'sna sean litirlḃ Gear-
mánaċa, gíḋeaḋ naċ Gearmánaċ air biṫ
iad, óir ḃí siad úsáide air feaḋ Eoiripe
go tí an seiseaḋ ceudḃliaḋain deug, a-
ṁail do ḃí na litire Gaoḋlaċa coitċeann
innti go tí an deiċeaṁaḋ ceudḃliaḋain
deug.
Cuirim ċugad annsa litir so Dollar
agus fiċe piġinn, mo faoisscríobaḋ aoin
ḃliaḋna do 'n "Ġaoḋal": a's cuirim ċug-
ad an deire leaḃar curṫa amaċ leis an
"AONAĊD-GAEḊILGE', eaḋan, MAC-
ĠNÍOṀARṪA ḞINN, le súil go g-cuir-
fir amaċ é 'san Gaoḋal.
T. O. Ruiséal.
