AN GAODHAL.
11
Baile Séarluis, Deas Ċarolina, an t-
Oċt-ṁaḋ lá Deug de Oċt-ṁí, 1881.
A Ṁaiġistir Ui Lóċáin.
Ceud míle fáilte roiṁ an Gaoḋal
beag; fuair mé é aṫrúġaḋ né, agus ḃí
áṫas mór orainn faoi na ċoṁair. Ṫais¬
beán mé dá 'r g-cuideaċd é agus ċeann-
uiġ cúigear aca na cúig ṗáipéir a ċuir
tú ċugam. Beiḋ mé cuir ċugad g-coinne
cuid dom féin agus an ṁuintir eile an
t-seaċtṁain so ċugainn. Is beag é an
smuaineaḋ a ḃí agam oċt m-bliaḋna ó
ṡoin, nuair a ḃí tú scríoḃaḋ 'san Doṁ¬
an Gaoḋlaċ a brosdúġaḋ na n-daoine
ċum cumain Ġaeḋilge a ċur air bun,
go m-beiḋeaḋ sé ann do ċumas páipeur
a ċloḋḃualaḋ 'san sean teangain, aċt
buiḋeaċas do Ḋia go ḃ-fuil tú ionan a
ḋeunaḋ. Mar duḃairt tú, tá sé beag,
aċt muna n-deunfaiḋ Éireannaiġ mór é,
ní fiú iad áit ṡeasta air an g-cruinne.
Rinne tusa do roinn féin go fearaṁ-
ail, agus is linne anois an ċuid eile do
ḋeunaḋ. Cuirim ċúig Dollair ċugad ó
ar g-cuman. Go g-cuireaḋ Ḋia áḋ agus
sonas air agus ortsa, 'sé ar b-paidir.
Do ċairid ḋíl,
S Ó'DÚGÁIN.
Mobíle, Alabama,
An t-oċd-ṁaḋ lá 's fiċe d' oċt-ṁí '81.
A Ṡaoi Ionṁuin. —
Do fuair me d' aiṫris leis an
dá h-uiḃir deug de 'n Ġaoḋal a d' ord-
uiġeas a ċur ċugam, agus cuirim seaċt
Dollair ċugad le ainmiḃ na g-caṫruiġ-
ṫeoraḋ agus an áit a g-coṁnuiġid.
fáiltimuid le luaṫġáire ṁór tais¬
beánaḋ an Ġaoḋail, agus dóṫċasuiġ-
muid go raḃ buiḋeaċas air do ḋíṫċioll
aig sáḃáil ar d-teanga náisiúnaċ ó ḃás.
Is mise, anns an áḋḃar maiṫ,
Féilim S. Mac Oscair.
Reader, don't smile at the size of
The Gael. The first numbers of the
Herald and Tribune were not as large.
We do not desire to go beyond our
depth; it rests with Clan-na-Gael to
enlarge it.
LETTER FROM MR. WALSH.
Scranton, Pá.
An fiċeaḋ lá de ṁí ḋeiġneaċ an Ḟóġ-
ṁair, Míle Oċt g-Ceud Aon agus
Ceire Fiċid.
A Ċara Ḋílis. —
Is maiṫ liom go ḃ-fuil misneaċ
ort ċum do obair a ḋeunaḋ, agus is sé
mo ḋóċus go ḃ-fuiġeaḋ tú cúngnaṁ ċum
feasa ar sean teangan leaṫnuġaḋ.
Tá mise sásta aon níḋ atá air g-
cumas dom a ḋeunaḋ, aċt is baoġal
liom gur beag é sin.
Padruic M. Breaṫannaċ.
THE LAST GLIMPSE OF ERIN.
Giḋ so m' aṁarc deiġionaċ air Éirinn a
ċoiḋċe,
Geaḃfad Éire 'nn gaċ tír 'm-beiḋ cuis-
le mo ċroiḋe:
Beiḋ d' uċt mar ṫeaċ-ḋidin, a ċéile mo
ċlaon,
Is do roisg mar reult eoluis a n-geur-
ḃruid a g-cian.
Go cluan uaigneaċ fásaiġ, nó cuan
coiṁṫeaċ gorg,
Ann naċ féidir lé 'r náṁaid ar g-cois-
céim do lorg,
Ealóċad lé mo ċúil'ionn, 's ní aireócaiḋ
mé an síon;
Ċo geur leis an náṁaid, tá dá 'r n-díḃ-
irt as díon.
Dearcfad air ór-ḟolt, tiuġ fáineaċ do
ċinn,
Is éisdfead lé ceoltaiḃ do ċláirsiġe tá
binn.
Gan eagla go stróicfeaḋ an Sasanaċ
teann,
Aon teud as do ċruit, nó aon dlaoiġ
as do ċeann.
A Gaelic publication company has
been organized by the P. C. S. for the
purpose of publishing cheap literature
in the Irish Language. The Shares are
only Five Dollars each. Those willing
to promote this worthy object may con-
municate with the Secretary, Gaelic
Publication Company, at the office of
this journal.
