AN GAOḊAL.
19
Ċum talaiṁ 's táin, go bráṫ gan raol,
Ḃeiṫ ḟeasda 'ga g-caraid a g-Clár
luirc.
Is dearḃ da ḃáir san tráṫ gan ḃéim'
Go ḃ-feicimid Clár luirc ársa a réim —
A clanna le gráḋ, do ṫeangan na
ḃ-fáiḋ,
Da leaṫa, is da ráḋ le gáirdeas béil,
Go g-caiṫfear í sgaipe gan spleáḋa¬
ċas.
Do ṫugadaar Clanna Gall, no na Ṡac-
sain tarcuisne agus masla dá 'r b-pór
le ceudaiḃ bliaḋan, dá ráḋ gur daoine
neaṁ-ṁúinte ar sínsir — gur tuaṫ-ċaint
ar d-teanga — agus ná 'r ḃ-fiú e an leiġ-
eann a ḃí innte ḃeiṫ 'nna ḋiaiġ! Tá an
aiṫis agus an masla so craoḃsgaoilte
air feaḋ an doṁain aca, orain-ne, 'nna
leaḃ'raiḃ éiṫiġ, giḋeaḋ tá a ḟios again-
ne — beagán again aṁáin — go ḃ-fuil níos
mó léiġinn a sean leaḃ'raiḃ anns an
Gaeḋilg 'ná a n-aon t-sean ṫeangain 'san
Eoraip, agus an Laidion 'sa Ġréigis do
ċuir ċuige; agus tá 'n níḋ ceudna ad-
ṁaiġṫe aig cuid de na sgoláiríḋe is
léiġeannta 'san Eoraip féin — Gearman-
aiġ, agus mar sin. Aċt ca ḃ-fuil a ṫair
ḃe a ḟios san a ḃeiṫ aig beagán again-ne,
agus aig beagán de ḋaoiniḃ a náisiúnaiḃ
eile, oir atá an ċoitċionntaċd dá 'r b-
pór féin, agus de ḋaoiniḃ eile an doṁ¬
ain ainḃfiosaċ air? Cá ḃ-fuil ar ḃ-fiaḋ¬
naise ċum a ċur a tuigsin naċ mar atá
ráiḋte aig Gaill na Breatainne, do ḃí, a¬
gus atá, a d-taoḃ ar sínsear, ar d-
teangan agus an léiġinn atá innte? Ní'l
fiaḋnaise iar biṫ aċt an teanga féin a-
gus an léiġeann atá innte. Giḋeaḋ gur
mór dá 'r léiġeann do sgriosaḋ le Dan-
air agus Gallaiḃ féin, le mórán ceudaiḃ
bliaḋan, támuid cinte go ḃ-fuil níos mó
again le noċda fós de, se sin le ráṫ, a
ḃaineas leis an ré roiṁ ṫionsgnaḋ clóḋ-
ḃual'ḋ 'san Eoraip ,ná 'g aon náisiún
eile innte; agus tá sé adṁuiġṫe 'g beag-
án doiṁin sgoláiriḋe (gur doiġ go ḃ-fuil
a ḟios aca), go ḃ-fuil 'n orread léiġinn
'san Gaeḋilge ḃaineas leis 'n ré reiṁ-
ráiḋte 'gus tá 'g náisiún'ḃ uile na h-Eo-
raipe, curṫa 'n aonaċt, de 'n- ré ceudna.
Naċ bun ós cionn 'n tráċt so, leis 'n
d-tarcuisne 'gus 'n aiṫis craoḃsgaoilte
'r Ġaoḋlaiḃ, a leaḃraiḃ Sacson le ceud'ḃ
bliaḋan. Cad ḃuailfeas 'r g-cúl 'n t-éi-
ṫeaċ aiṫiseaċ so? Ní 'l níḋ 'r biṫ
ċum sin do ḋeun'ḋ aċt teanga 'gus léiġ-
eann na n-Gaoḋal ársa do ṫaḃairt poib-
líḋe ós cóṁair 'n doṁain uile. Leis sin
ċíḋfear 'gus deiṁneóġfear go raiḃ léiġ¬
eann 'gus eolas 'measg na n-Gaoḋal
'nuair na raibh ceaċtar díoḃ 'measg na
Sacson, aċt 'nna m-buar'ḃ fiaḋáine, gan
eolas 'r leitir 'r biṫ, go d-tí gur ṁúin¬
eadar na Gaoḋail a letir féin dóiḃ:
ṫionsganadar críosdaṁlaċd mar 'n g¬
ceudna 'nna measg. Naċ maiṫ 'n díol
a fuaireadar 'nna n-iniod so: gaċ tar-
cuisne 'gus masla dá ṁéid do ṫaḃairt
dóiḃ. Cá ḃ-fuil 'n neaċ de ṗór na n¬
Gaoḋal, air léiġ'ḋ, no air ċloisdin 'n
dreaċt so, na lasaċ a inntinn 'gus a
ċroiḋe, ċum a ċaḃarṫa, giḋ be beag no
mór í, ṫaḃairt uaiḋ ċum na fiaḋnaisíḋe
so — teanga 'gus léiġeann na n-Gaoḋal —
do ṫaḃairt a láṫair 'n doṁain, ċum teas-
das na n'Gaoḋal do ċosnaṁ?
Sé mo ṁeas naċ ḃ-fuil 'n neaċ sin
ann. dá d-tuigeaḋ 'n cás a g-ceart; aċt
sé 'n fáṫ go ḃ'fuil ar n-daoine ċó mall
fós, d-taoḃ na teangan, mar naċ ḃ-ḟuil
fiof na diṫfire aca, 'gus 'sé is iomċuḃ-
aiḋ dóiḃ so ṫuigeas é, craoḃsgaoile do
ḋeun'ḋ air có minic 'gus is féidir é.
Leis sin beiḋ 'r n-daoine 'g tuitim 'steaċ
'san líne ceart, n-diaiḋ a ċéile, 'gus ag
oibriuġ'ḋ d' aon toil ċum teasdas na n-
Gaoḋal do ċosnaṁ ó'n tarcuisne 'gus 'n
masla cruaċta orṫa go mailíseaċ, aig
Gaill na Breatainne. Leis na smuain-
te sin canaim 'n rann so leanas; —
Sí 'n sgiaṫ ċosant'ḋ le cur orainn-ne ó
ṫarcuisne na n-Gall,
Do ċogain sin gan doilḃeas is d' ḟág
iarsma orainn mar ġeall;
Teanga ḟocal ṁilis, ṡean, 'r b-puibleaca,
is biaḋ na leaḃar,
Do ṫaḃairt solasṁar, clo-osgailte, mar
ḟiaḋnaise do'n doṁan,
AOḊ BEAG.
