20
AN GAOḊAL.
Sgeulta ó 'n t-sean Tír
Aṫa-Ċliaṫ, an ceaṫraṁaḋ lá de 'n
aonṁaḋ ṁí deug, 1881.
Fáilte, ceud míle fáilte do 'n Ġaoḋal.
Fá ḋeire, mar deir tú, tá páipeur
fíor-ġaeḋilge againn, páipeur ṫíreaċ
ann gaċ céill de 'n ḃ-focal, páipeur a
ċreideas, agus go fírinneaċ, gurab eig-
in an teanga ġaeḋilge do ċoiṁeud ċum
an tírġráḋaċ ġaeḋilge do ċoiṁeud.
Anois má 's áil leat ḃeurfad, mar
ḟoillsiġeas ceann mo litire, beagán de
sgueultaḋ ó 'n t-Sean tír; d' iompuiġ a-
riáṁ air ais an croiḋe gaeḋilge le cion
ḟíorḃuan. Tá fios againn annso a n-
Éirinn go d-tig linn dóċas a ċur a g-
Clann na n-Gaoḋal a mór-Ṗoibliḋeas na
n-iar, do ḃriġ, mar duḃairt Seáġan
Braḋt, "Anuair iarras Éire caḃair a's
dóċas, iompuiġeann sí go isliuġaḋ na
gréine." Agus is sé do 'n isliuġaḋ na
gréine iompuiġeas sinn, Éireannaiġe, a-
nois ċum an rún fearaṁail d' ḟáġail a
tá éigin dúinn níos mó ioná ag aon
aimsir eile a stáire 'r d-tíre.
Arís, támuid láṁ agus láṁ agus aġ-
aiḋ agus aġaiḋ lé na Sacsanaiḃ. Is sé
an sean coṁrac ceudna, agus tá fios
aig na daoiniḃ Gaoḋlaċa 'san America
gurab ṡiad carad fíorḋílis Ṡacsanaiġ
ann 'sa tír seo a raḃamuid ag coṁ-
rac air feaḋ an dá ḃliaḋain a ċuaiḋ
ṫart, agus dá m-baḋ féidir linn an
tiġearnaċ a sgrios, an sin, ní ḃ-fuil
an lá fad ó ṡoin an uair ṫig linn buille
treun do ḃualaḋ air ṡon saorṫa na h-
Éireann. Tá fios agaiḃ go roṁaiṫ air
na neiṫiḃ a deunaḋ a n-Éirinn air feaḋ
an ċaocaiḋis a ċuaiḋ air ball ṫart, air
ġaḃail faoi ḋlíġe aiṁḋeonta do 'n Saoi
Parnell, agus air aṫġaḃail mar an g-
ceudna do 'n Saoi O' Dilṁain ; leanta
le gaḃála do na Saoiṫe Sisnán, O' Brian,
agus mar sin.
Leanaḋ na gníoṁarṫa so le foillsiġeaċ
ḋluiṫċeangal na talṁan leis an neaċ
sin air ḃ-fuil fios go léir aig Éireann-
aiḃ faoi ainm "Bucseot" (is feárr é gan
an focal sin d' aisdriuġaḋ), agus aig
deire na foillsiġṫe uaḃas ḃí na focla,
"Dia sáḃáil an ḃean uasal." Naċ droċ-
ċroiḋeaċ aċt naċ Ṡacsanaċ go deiṁin,
do ċur faoi ġlas na daoine a ġráḋuiġ
Éire go maiṫ agus go inntliseaċ, na
daoine a saḃluiġ Éire agus do ċuir a-
maċ do 'n ċruinne mar neiṁḋliġeaċ, a-
gus an uile ḋluiṫċeangail a cuireaḋ air
bun ċum na daoine a ṡlánuġaḋ. Ní 'l
áit a g-cionaiḃ daoine na h-Éireann do
'n m-beanrioġa Sacsanaiġ. Ní 'l fios
air biṫ airrese againn. Is cuma linn í,
aċt tá fios againn air ḋluiṫċeangal na
talṁan. Tá fios againne air an maiṫ
a rinne sé, giḋ go ḃ-fuil sé aṁáin air
bun air feaḋ ḋá ḃliaḋan, agus do ḃeiḋ-
eaḋ sé eigin dúinn ar g-cinn do ṫoċus
fios a ḃeiṫ againn air aon ṁaiṫ a rinne
sí ḋúinn air feaḋ na ceaṫar air ceaṫ-
raċa blia'na a ḃ-fuil sí air ċaṫaoir rioġ.
Tá bród ṁór orm d 'innisin go ḃ-fuil
bail air ḟórḟógraḋ ag iarraiḋ na n-
aiṫreaċ gan aon ċíos a ṫaḃairt do ṫiġ-
earnaḃ na talṁan. Iṡ fíor é naċ ḃ-fuil
Árdeasbog an Ċaisil linn, a's go ḃ-fuil
Árdeasbog an Áṫa-Ċliaṫ, aig a obair
ḟéin arís, í, ag sgríoḃ' treuduiġeaċ ann
a n-aġaiḋ. Aċt cad de sin? Mar dúḃ-
airt Patraic Égan, do cuireaḋ air bun
dluiṫċeangal na talṁan ċum tiġearnaiġ'
cuir air g-cúl, agus air an áḋḃar sin,
cíos, agus go cinte, ní l sé cóir anois
do 'n Árdeasbog Cróc; má's mian leis
maiṫ na h-Éireann, dearmad do ḃeiṫ air
mar riaġalaiḃ bundusaċa an dluiṫċean-
gail. Tá brón orm d'innis gur ḋiúltaiḋ an
coṁċorp annso saorṫa na caṫaraċ so
a ṫaḃairt do na Saoiṫiḃ Parnell agus
O'Dílṁan. Do rinneaḋ an tairgsin leis
an Saoi Gré agus do congaḋ suas ṡí
le trí codsaṁlaiḃ ar ḟiċid. Do coisg-
eaḋ ṡí leis an áirioṁ ceudna, agus ḃí
an toġaḋ rúnaċ leis an Méaraḋ ann
aġaiḋ na tairgsionna. Tá fearg annso
agus rún aig na daoiniḃ do ċur air
leaṫ-taoḃ, anns gaċ áit is féidir leo,
gaċ fear a ċoisg an tairgsin, agus gaċ
fear a ḃí as a laṫair gan áḋḃar cóir.
Beiḋ na toġṫa againn an ṁí
so, agus cuirfear air siúḃal na daoine
uaisle a ċoisg an Saoi Gré. Fan go
fóil, deunfamuid díoġaltas milis orra
go h-uile, díoġaltas ann a measfamuid-
ne an maslaḋ mar a ḃeiṫ deunta do
gaċ fear dúinn féin.
