26
AN GAODHAL.
DR, GALLAGHER'S SERMONS,
(Continued).
ṗárṫais ann aonḟaċt leis; d' árduiġ se
ṡí eidir corp agus anam go flaiṫeaṁ¬
nas; do ċuir Criost air a ḋeas,láiṁ 'nn
a suiḋe ṡi ; ṫug se ḋi gaċ uile ċuṁaċt
air neaṁ agus air talaṁ faoi ṡe ḟéin;
do ġeall ḋi naċ ḃ-fuil aṫċuinge air biṫ
noċ d' iarrfaḋ naċ ḃ-fuiġfeaḋ si.
Is air an árduġ'ḋ iongantaċ rinneaḋ
air Ṁuire go parṫas, agus air na mór
ġrása ḋortas sí anuas orrainn is mian
liom tráċt an diu tar éis mo ċoṁráḋ
ruinn ann a ḋá ṗunc.
Árduiġeaḋ Ṁuire go parṫas air ṁoḋ
iongantaċ eugsaṁail; sin ṡé an ċeud
ṗunc. Biḋeann sé 'nn a h-eidirġuiḋṫeoir
agus 'nn a mnaoi impiḋe eidir sinn-ne
agus a h-aon Ṁaċ; sin an dara punc.
An ċeud ṗunc. — An uair a ṫig bain¬
rioġan air biṫ go nuaḋ ċum rioġaċta no
ċum caṫraċ, biḋeann spéis agus dúil ag
an uile ḋuine ṡí ḟeicsint; teid an t-ua-
sal agus an t-ísiol, an lag agus an lái¬
dir, an boċt agus an saiḋḃir, 'nna h-a-
racais agus 'g a fáiltiuġaḋ ; ní ḃiḋeann
niḋ air biṫ le fecsint aċt féastaiḋ 'g a
g-caiṫeaḋ ; fíonta 'g a n-dortaḋ, gun¬
naiḋ móra 'g a sgaoileaḋ; cruit agus
oráin 'g a seinm; brontanais mórluaiċ
'g a m-bronnaḋ do 'n ḃain-prionsa, an
aon ḟocal, an uile cineál sollaṁain a's
suḃáilce gnitear le linn Prions no bain¬
ṗrionsa ṫéaċt a glaċaḋ séilḃ air an g-
córóin.
Seo é an niḋ gniṫear, a deirim, leis
na prionsaiḃ talṁaiḋe; aċt ní fiú air¬
iuġ'ḋ, no innisin, aon niḋ d' a ṁeud is
féidir a ḋeunaḋ air talaṁ, ḃ-farras na
sollaṁainne agus an t-suḃáilce a tais-
beánaḋ a b-párṫas le linn bain-riġne
ḟlaṫeaṁnais a dul a glacaḋ seilḃ air
ċoróin na glóire. Ṫainic naoi n-oird
na n-aingleaḋ 'nna h-aireacais' agus iad
aig seinm aḃráin ḃinne agus cantaċa
molta. Ṫainic, mar an g-ceudna, 'nna
a h-aircacais na faiḋe na patriarca a¬
gus na h-apstoil-naoiṁ agus ban-naoiṁ
ṗarṫais go h-iomlán. Ḃí parṫas go h-
uile air aon, ċo-ṡeinm ceolta fáilte
roiṁ an m-brin-riġin Ṁuire.
Oifig An Éireannaiġ,
Mí na Nodlog, 1881.
A Ċaraid Ġaoḋilig Ui Lóċáin.
Do ḃíḋeas dul go soċraid lá Doṁ-
naiġ, tamal ó ṡoin; do fuaireas An
Gaoḋal 'san b-posd : do tóigeas liom
é go d-ti an t-soċraid, a's guid biṫeaṁ-
naċ bradaċ éigin uaim é, a g-cill Ċal-
ḃariġ.
Do ḃí sé a m' inntinn sgríoḃaḋ ċug-
at air maidin lá'r na ṁáraċ, aċt 'nuair
d' imṫiġ an Gaoḋal uaim, d' imṫiġ m'
inntinn leis. Gaḃ párdún : cuirim ċug-
at anois le caraid Mac Guiḋir 60.
ċum an Gaoḋal do ċuir ċugam air feaḋ
tamall, agus deunfad mo ḋiṫċioll ċum
an bóṫar do leaṫnuġaḋ róṁat.
Do ċaraid,
Diarmad O' Donnoḃáin Rossa.
NUAIḊEAĊT NA MÍOSA ĊUAIḊ
ṪART.
Tá síoṫċán ann gaċ ball de 'n doṁan
aċt Éirinn aṁáin. Tá stáid uaṫḃásaċ;
ní fad go m-béiḋ gaċ carcair innti lán
de "braiṫiḃ. Tá timċioll cúig ċeud a
g-carcir ann Éirinn anois gan coir gan
cúis ; níor ḃriseadar aon dlíġe. Ná
laḃramois níos mó timċioll fóirneirt
Ruisia agus Turcia; tá Sacsainia níos
measa 'ná ceaċtar aca, is ní'l moḋ dial-
tais 'na g-cumas ná 'r ċóir do Éirean-
naiḃ a ċleaċtaḋ anois a n-aġaiḋ na Sas-
annaċ damanta.
Ḃí cruinniuġaḋ breáġ a m-Bruaiclínn
air an 18aḋ de 'n ṁí ċuaiḋ ṫart, aig
éisteaċt lé ċo-ṡeinme ceoil Gaeḋalaiġ,
agus léiġann le T. O. Ruiséal, ainmniġ-
ṫe "Talaṁ agus Teanga." Ní raḃ duine
ann ná 'r ṫaiṫniġ an ceol agus an coṁ-
ráḋ leis, ḃí siad le ċéile air ḟeaḃas.
Ḃí cruinniuġaḋ mór d' Éireannaiḃ a
Chicago air na trí ċeud laeṫiḃ de ṁí
na Nodloig, le briaṫruġ'ḋ air stád na h-
Éireann. Buḋ mór, meas'ṁail an cruin-
niuġaḋ é, aċt tá sinn diliġ le ráḋ ná'r
ḋuḃairt siad aon ḟocal aṁáin timċioll
teangain na tire. Tá sé ráiḋte 'nois
go ḃ-fuil aiṫṁéal orrṫa faoi ḋearmad
a ḋeunaḋ de 'n teanga buḋ ċóir dóiḃ
náire a ḃeiṫ orrṫa.
