28.
AN GAODHAL.
D' Ḟeareagair an Ġaoḋail.
Taḃair cead dam, le do ṫoil, beag¬
án do ráḋ timċioll ranga na Gaeḋilge
annso agus ann áitiḃ eile.
'Sí an loċd is measa leis na sgoláir¬
iḃ a ṁianas foġluim na Gaeḋilge, go naċ
d-tusuiġeann siad laḃairt na teangan
ċo luaḋ agus is cóir ḋóiḃ. Is cóir ḋóiḃ
tionsnaḋ laḃarṫa tar éis do ḃeiṫ mio¬
sa aṁáin dá foġluim, no ag dul ċum
an sgoil.
Ḃí mé ṡuas ag an rang atá annsa
Tres-Sráid-Deug an Dia-doṁanaċ
ċuaiḋ ṫart, agus ba h-í an deac-
raċd ba ṁó agam do ḋeunaṁ na
sgoláireaḋ laḃairt na teangan dá
raiḃ siad annsin le foġluim. Ḃí go-
leor ḋíoḃ ann d' ḟeud Gaeḋilig laḃairt
go maiṫ, aċt níor ḃ' áil leo aon ḟocal
laḃairt aċt an niḋ do ḃí faoi na súiliḃ
anns na leaḃraiḃ. Do ṡaoileas féin go
d-taḃairfinn sompla ḋóiḃ, agus do ġeal-
as buidéil fíona naċ laḃairfinn aon ḟo¬
cal Beurla ċo fad agus ḃeiḋinn 'san
sgoil; do rinneadar a n-diṫċioll focal
Beurla do ḃaint asaṁ, aċt níor ḟeud¬
adar, agus air an áḋḃar sin, níor ioc¬
as an fíon.
Measaim gur cóir do gaċ óide no
teagasgṫóir na Gaeḋilge, a n-diṫċill do
ḋeunaḋ leis a g-cuirfeaḋ d' ḟiaċaiḃ air
gaċ sgoláire an Tres Leaḃair, Gaeḋilig
aṁáin do laḃairt ċo fad a's ḃeiḋeaḋ sé
no sí annsa sgoil. 'So an deacraċd is
mó le teagasgóiriḃ de na h-uile ṫeang¬
ṫaiḃ; biḋeann na sgoláiriḋe eaglaċ go
n-deunfaidis dearmad dá laḃairfidís,
agus 'sí leanaṁain de sin, go naċ féid¬
ir leo trí focail do laḃairt tar éis do
ḃeiṫ ag an sgoil air feaḋ ḋá ḃliaḋain
Muna ḃ-fuil ag an sgoláire aċt deiċ
ḃ-focail Gaeḋilge, caiṫfiḋ sé usáide
a ḋeunaḋ ḋíoḃ, Feuċ na Gearmainiġe
cionus foġluimeann siad Beurla a d-trí
ṁíosaiḃ; beireann siad buaiḋ air an m-
Beurla de ḃríġ gur d' ḟiaċaiḃ orṫa é
ḟoġluim; caiṫfiḋ siad Beurla a laḃ¬
airt no bás ḟáġail le ocras. Tá eolas
ag gaċ óide air na sgoláiriḃ is feárr
ann á sgoil, agus ba ċóir ḋó iad do ċur
fá leiṫ leo féin, agus gan leigint dóiḃ
aon ḟocal Beurla laḃairt ċo fad agus
ḃiḋeann siad 'san sgoil. Ní ḟeudann
aonduine aon teanga ḟoġluim muna d-
tusuiġeann se d'a laḃairt ċo luaḋ a's
tig leis. Adṁaiġim go ḃ-fuil se níos
táḃaċdaiġe tuigsint léiġte 'ná tuigsint
laḃarṫa, go h-áiriġṫe annsa n-Gaeḋilig,
giḋeaḋ is ferrede ḋúinn má ṫig linn a-
raon do ḋeunaḋ go maiṫ.
Is doiġ liom naċ ḃ-fuil an t-am fad
uainn ann a m-beiḋ an Gaoḋal go léir
a nGaeḋilig gan aon ḟocal a d-teangan
na náṁaide ann ó ṫús go deire.
T. O. Ruiseál.
Caṫair Riú, 27ṁaḋ Lá de Ḋeiċṁí, 1881.
M. J. Ua Lóċáin.
A Ṡaoi Ḋíl. — Le mórán áṫais do
fuair mé cóib sampla de 'n Ġaoḋal
Cuirim ċugad trí fiċid píġin, air a
ṡon cuir ċugam "An Ġaoḋal" air feaḋ
aon ḃliaḋain, aig tosúġaḋ leis an g-
ceud uiḃir.
Ḃí mé air tí smuaineaḋ go raiḃ an
coruiḋe, annsa tír seo, air son aiṫ-
ḃeoḋuġaḋ na teangan Ġaeḋilge aig dul
air g-cúl, aċt taisbeánann puibliuġaḋ
an Ġaoḋail go ḃ-fuil siḃ aig dul air aġ-
aiḋ le aṫḃuanuġaḋ na Gaeḋilge. tá 'n
Saoi T. O' Ruiséal sar-ċruaiḋ air ḟear-
aiḃ-eagair na b páipeur Éireannaċ, aċt
tuilleann siad é; óir dá b-puibliġfeaḋ
gaċ uile ḟear-eagair Éireannaiġ roinn
Ġaeḋilge ann a ṗáipeur, agus an cor-
uiḋe a ḃrosduġaḋ air ṁoḋṫaiḃ eile, ní
fada m-beiḋeaḋ a h-áḋ deiṁniġṫe.
Ḃ' áil liom go b-puibleóċṫá "Toruiġ-
eaċt Ḋiarmada agus Ġraine" ,a ḃ'foc-
laċt nuaḋ, óir tá an ḟoċlaċt ársaċ do-
ṫuigsiona do na foġlumṫeioiriḃ.
Is cóir duit gaċ focal cruaiḋ a ḟoill-
siġis anns gaċ uiḃir de 'n Ġaoḋal a
ṁíniuġaḋ, óir tá mórán focla naċ ḃ-fuil
anns na foclóiriḃ — aċt a ḃ-foclólr Ui
Riaġallaiġ agus foclóir Ui Ḃriain, agus
is gann a measg na léiġṫeoiriḃ iad.
Tá dá ḟoclóir agam agus tá mórán
focla anns a treas uiḃir de 'n Ġaoḋal
naċ ḃ-fuil a g-ceaċdar aca.
Is mé go h-óṁósaċ,
D' óglaċ uṁal,
M. A. WEAVER.
