48
AN GAOḊAL.
DR, GALLAGHER'S SERMONS,
Ní iongnaḋ liom, a ċairde, go m-féid-
ir le anam ġlórṁar Ṁuire é féin a árd¬
uġaḋ, air sileaḋ súile ó 'n talaṁ go
Neaṁ, do ḃriġ gur féidir le gaċ Spior-
ad, olc agus maiṫ, ḋul ann ġeárr aim¬
sire ó ċriċ go criċ, agus ó ċearn de 'n
doṁan go soiċe an ċeirn eile. Aċt is
iongnaḋ liom cad ṡé mar b' ḟéidir leis
an g-corpán cré ḃi timċioll an anama
seo, ḋul suas an bealaċ cúṁang, cruaiġ,
gan gleus iomċair. Is fioaċliḃ naċ rád-
uġaḋ a gniḋeas an niḋ a ḃiḋeas trom,
aċt isluġaḋ ċum talaṁ. Cad eile, cad
ṡé an moḋ air a n-deaċaiḋ an ċolan
daonna úd Ṁuire ó 'n talaṁ go Ṗáras?
Maiseaḋ, a ċríostaiḋe, iomcaraḋ an
corp glórṁar seo a g-cóiste ór-ḃuiḋe,
órnáilte le cloċa uaisle agus peurlaiḋ
mór-ċostasaċa. Aċt cad ṡé an t-áḋ¬
mud a ṁeasas siḃ d' a n-dearnaḋ an
cóiste seo? No cad ṡiad na h-eaċraiḋ
ḃí 'g ṫarraint? A tá, críostaiḋe, deaġ¬
oibreaċa agus deaġ-gníṁara Ṁuire.
Seo féin an t-áḋmud d' a n-dearnaḋ an
cóiste úd, seo na peurlaiḋ, seo na cloċ¬
a uaisle ċuir máise agus áille air an g-
cóiste úd; seo an gleus iomċair, seo na
sgiaṫáin a árduiġeas gaċ naoṁ go geata
Ṗarais. Air an taoḃ eile, gaċ duine
malluiġṫe naċ n-deunan stór de na
deaġ-gníoṁarṫa air an t-saoġal so, 's
áit árduġaḋ suas, sé tuitim síos gniḋ
sé, le trom-ualaċ a ṗeacaiḋ, go fíor-
ioċtar Igrinn. Ní ḃiḋeann aṫruġaḋ de
ċóiste aige, aċt cóiste teintiḋ agus
diaḃail Ifrionn 'g a ṫarraint.
Tuigiḋ siḃ anois, a ċairde' cad é an
cineál cóiste ann ar iomcaraḋ corp
ġlórṁar Ṁuire, mar do ḃí a deaġ-oib-
reaċa agus a deaġ-gníoṁarṫa. Aċt ní
móide go d-tuigeann siḃ cad ṡiad
na h-eaċraiḋ ḃí 'g a ṫarraint? Siad
na h-eaċraiḋ ḃí tarraint an ċóiste úd,
na suḃáilciḋ naoṁṫa ḃí aig Muire; agus
air son go raḃ na h-uile ċineál suḃáil-
ciḋ ainti a b' ḟéidir a ḃeiṫ a g-creatúr
daonna air biṫ, air ṁeud go m-b' ḟéidir
a ráḋ leiṫe gur raḃ sí ann a stór-ċiste
lán d' ionnracas, de ġlaine coínsiais as
de ċraḃaḋ ; giḋeaḋ ḃí ceiṫre ṗríoṁ suḃ
áilciḋ aici a g-céiṁ do-innisṫe, mar a ḃí
uṁlaċt, geanmnaiḋeaċt, carṫanaċt
agus foiġid.
(Continued).
TÓRUIĠEAĊT ḊIARMADA AGUS
ĠRÁINNE,
Na ḋiaiḋ seo do ġluais an dís deaṫ-
laoċ sin rómpa, d'ḟág siad a m-beann¬
aċt le Fionn, agus níor aiṫris siad a
n-imṫeaċt nó go d-ṫainic siad go Teaṁ-
air. Ṫárla riġ Éireann agus ceann-
ṗuirt na tíre a n-dáil rómpa air ṁaġ
Ṫeaṁra, agus do ċuir siad fáilte ṁór
roiṁ Oisín agus Diorraing, agus ċuir
siad gnóḋṫa an dáil air g-cúl ċum suim
a ṫaisbeánaḋ do ċuairt Oisín agus
Ḋiorraing. Ann sin, do ġoir Oisín riġ
na h-Éireann air leaṫtaoḃ, leis féin,
agus d' innis sé ḋó gur aig iarruiġ
cleaṁnas do Ḟionn Mac Cúṁall air-
sean do ṫainic siad ann sin.
Do laḃair Cormac, agas is sé a duḃ-
airt sé. — "Ní 'l mac riġe 'ná riġ-ḟlaṫa,
'ná laoċ ann Éirinn nár ḋiúltaiḋ m' in-
ġeansa a b-pósaḋ, agus is ormsa a tá
milleán aig gaċ ceann aca go coitċean-
ta, agus ní ṫiúrfaḋ mise aon ḟreagra
díḃse nó go d-tugfaḋ siḃ m' inġean a
láṫair; óir is feárr a sgeul féin agaiḃ-
se ná a ḃeiṫ díoḃuiḋeaċ díomsa,"
Do ġluaiseadar rómpa na ḋiaiġ sin
no go d-tainiceadar go grianán na m-
bantraċta, agus do ṡuiḋ Cormac air
ċolba na leabṫa, a ḃ-fogus Ġráine, agus
is sé seo a duḃairt sé — "Seo, a Ġráine,"
a deir sé, "beirt do ṁuintir Ḟinn Ṁic
Ċúṁaill aig teaċt d' iarraiḋse mar
mnaoi agus mar ḃain-ċéile ḋó, creud é
an freagraḋ is áil leat a ṫaḃairt ḋóiḃ."
D' ḟreagair Gráine, agus is sé a duḃ-
airt sí. — "Má a tá do ḋíolsa de ċliaṁ-
uin ann, cia 'n fáṫ naċ m-beiḋeaḋ mo
ḋíolsa d' ḟear agus d' ḟear-ċéile ann?"
Do ḃídear sásta an t-am sin, agus
ḃí dáil agus fleaḋ agus feusda mór
aca air feaḋ na h-oiḋċe 'san grianán,
as coinne Ġráine agus a bantraċta,
agus do rinne Cormac áit ċoinne leo
agus le Fionn coicís ó 'n oiḋċe sinn, a
d-Teaṁair.
