AN GAOḊAL.
63
AIṪRIS O'N IARṪAR.
Daston, Ohio, an 18aḋ Marta' '82.
D' Ḟear-Eagair an Ġaoḋail. —
Ḃí am breaġ againn ag Baile na
Saiġdiur air Lá-Ḟéil' Ṗadraig. 'Ṫug
má leiġean timċioll na Gaeḋilge, agus
níor laḃras riaṁ le cruinniuġaḋ níos
líonṁara no níos airiġe 'ná do ḃí ann.
Ḃí an ṫraṫnóna an-ḟluiċ, agus ḃí mórán
de na sean ḋaoiniḃ nar ḟeud a ḋul a-
maċ mar ġeall air an droċ aimsir.
'Sé an taoiseaċ Mac Giola Ṗadraig a
tá 'na riaġluiġṫeoir os cionn an Ḃaile,
agus is fear breáġ é go deiṁin. Ṫain-
ic se amaċ air an urlár tar éis an
léiġin, agus duḃairt sé na focail seo:
"Measaim féin," a deir sé, "naċ raiḃ
aon niḋ curṫa air bun riaṁ ann Éirinn
'ná ann America. ċo maiṫ agus ċo
riaċdanaċ do Ġaoḋailiḃ agus tá an
obair seo d' aiṫḃeoḋaḋ na sean teang¬
an an ċiniḋ : is mise Gaoḋal, leaṫ Al-
banaċ, leaṫ Éireannaċ,; agus giḋ naċ
d-tuigim aon ḟoċal de ṫeanga mo ṡion¬
sear, moṫuiġim an ċúram is troime
innti. Is cóir do gach fíor Éireannaċ
agus fós gaċ fíor Ġaoḋal, is cuma
má 's Éireannaċ no Albanaċ é, a ḋiṫ-
ċioll do ḋeunaḋ le cur air aġaiḋ agus
le caḃaraḋ na h-oibre ṁaiṫe seo."
Ní ḟacas riaṁ aon áit níos breáṫa
ná Baile na Saiġdiur Ní'l aon áit eile
san doṁan d'a ṡort, cosaṁuil leis. Tá
sé ċeud acra talṁan ann, agus ní 'l
aon niḋ tasduigṫe ó na daoiniḃ a tá
san m-Baile seo. Tá a saiṫ aca le iṫe
tá leaba fa leit ag gaċ fear; tugṫar
eudaiġe maiṫe ḋóiḃ; tá a n-eaglais féin
aca, cia b'e an creideaṁ leis a m-bean¬
ann siad; agus tá leaḃarlann aca, le
gaċ uile ṡort leaḃar agus páipeur ann.
Tá daoine ann beagnaċ ó gaċ áit de 'n
doṁan, aċt siad Éireannaiġ 'gus Gear-
máinig an ċuid is mó aca. Duḃairt
siad liom go ḃ-fuil timċeall trí agus
ceire ṁíle duine ann. Ní leigṫear aon
ḟear annsa m-Baile, nar ċuaiḋ annsa
g-cogaḋ ḋa ṡaor-ṫoil féin.
Ḃí an léiġean saor, mar atá gaċ
léiġean tugṫa sa m-Baile na Saiġdiur;
níor ṫuill meise píġin as; aċt tá súil
agam go g-cuirfiḋ an Taoiseaċ Mac
Giolla Ṗadraig, duais ḋéas ċum na h-
Aonaċd-Ġaeḋalaiġe ann Aṫ-ċliaṫ.
Do ċara
T. O. Ruiséal.
DOMAIRM ḂÁIS RIOBAIRT EMET
Creud atá agam le ráḋ cia 'n fáṫ
naċ m-beiḋeaḋ breiṫ-ḃáis taḃraḋ orm
do réir an dliġe? Ní 'l dadaiḋ agam
le ráḋ d' aṫróċaḋ ḃur reiṁ-ḋeiṁniuġ-
aḋ, no buḋ ḟoileaṁnaċ daṁ a ráḋ le
súil go n-eadtromóċaḋ sé an breiṫeaṁ-
nas a tá siḃse ann so le ṫaḃairt, agus
a ċaiṫeas mise ḟulang ; aċt tá sé sin
agam le ráḋ a ḃaineas domsa níos mó
ná mo ḃeaṫa, noċ do ḋiṫċiolluiġ siḃse
a ṡladaḋ, mar baḋ riaċdanaċ díḃ a
ḋeunaḋ san stáid ḟóiréigeanaċ a ḃ-
fuil an tír seo 'nois. Tá mórán agam
le ráḋ cia 'n fáḋ go m-buḋ ċóir mo
ċlú a ċosnaḋ ó 'n trom-ċúis aiṫiseaċ,
breugaċ a tá curṫaḋ air. Ní ṡaoilim,
suiḋteaḋ mar tá siḃ, gur féidir le ḃur
g-croíḋṫiḃ a ḃeiṫ ċo saor é ṡalċas as
go g-cuirfeaḋ siḃ suim anns a g-cóṁ-
ráḋ a tá me dul a ḋeunaḋ. Ní 'l aon
dóċus agam gur féidir liom mo ċlú
a ċuir ann uċt ċúrta atá cumṫaḋ
agus cuiḃriġṫe mar tá sí seo. 'Sé mo
aon ṁian, agus ní 'l súil agam le níos
mó, gur ḃ-féidir le ḃur d-tiġeanaiḋe é
leigean síos ann ḃur meaṁairiḃ, neaṁ-
ṡalaiġṫé le anáil ṁurċaiġ na reiṁ-
ḃreaṫnuiġṫe. no go ḃ-fáġaḋ sé cuan
níos fialtaḋ le na ḟasgaḋ ó 'n t-síon
míḃeusaċ a tá d'a ḋornuġaḋ 'nois.
Da m-beiḋinn aṁáin le bás ḟulang
n-diaiġ a ḃeiṫ meastaḋ cionntaċ le ḃur
m-breiṫeaṁnas, ċlaonfainn gan eug-
caoin a g-coinne an bás tá n-dán dam,
aċt breiṫ an reiċd a ḃeurfas mo ċol-
ainn do 'n ċroċadóir, trí friṫeolaḋ an
dliġe sin, oibriġeann sé ann a ċás féin
le mo ṫeastas a ṫarċuisniuġaḋ, óir
ċaiṫfiḋ coir a ḃeiṫ ann áit eigin, cia
aca; a m-breiṫ na cúrta no sa mí-ḟor-
tún, caiṫḟiḋ ar slioċd a ṫuairmiuġaḋ.
Caiṫfiḋ fear a m' áitsa, ṫiġear-
naiḋe, ní ṡé 'ṁáin deacraċd ṗortúin
agus neirt ċúṁaċda air ṁiantaiḃ noċ
