AN GAOḊAL.
109
Stúirfeaċ sí sliġe agus dliġe ḋi féinig
XV
Siḃeul do ṫainic chum an coróin na
ḋiaiḋ sin,
Bean nar Ṗós fear agus nar "ṫruisg-
gan céile ;
Ċuir cúl agus cuim le druim na cléire,
Ruaig air easboig 's eagluis naoṁṫa,
Ċum an creideaṁ cam a ċur suas le
méirleaċt;
Do ḋíol, do ċreaċ, agus do raob sí go
faol-duḃ,
Na cloṫra beannuiġṫe agus na balluiġe
diagasúil féiniġ,
Go diṁeasaċ a's le mór neaṁnaoṁaċt,
Do cuir sí ċum an d-tír seo compluċt,
táire, slaodaċ,
Ċum gearra 'gus léirsgrios a ṫaḃairt
do Ġaoḋaluiḃ,
Le faoḋar 's ṗilleur, le árḃaiġ 'gus
daor-ḃruid;
Croċa 'gus díċeanna agus aṫġaḃáil a
n-aoinḟeaċt. —
Is iomaḋ caiṫṁór, buala, sparn-duḃaċ
agus céidil,
Doḃí idir compluċt Siḃéil agus muin-
tir na h-Éireann;
Ó ṡin a leiṫ ní 'l stad no staon leis,
Aċt ead agus aiṁréiḋ, corruiḋe, éas¬
aḋ 's fionġal, mo leun-sa!
Do ḃí anns a d-tír seo a nuair sin
ċeudna,
Mórán deaḋṫaoiseaċa 's fíor láoċra
ḋaeṫin,
Do ruagfaċ tar ais an ġraṁuisg go
h-aosga,
Dá m-beiḋeaḋ aon ċoṁċuman ameasg
iad ḟéinig.
XVI
Ní raḃ aon tráċt air Ċromṁaelions,
Go d-tainic Cromḟuil agus a ṡluaiġte
a n-aoinfeaċt,
Le fuiltartaċ díoḋaltuis agus le cláḃe
geura,
Ċum ár agus armċaṫ a ṫaḃart do Éire
Bás Eoin Ruaḋ d' ḟág buairt air
Ġaoḋaluiḃ,
Mar do ċuirfeaċ sé Cromḟuil 'sa
ṡluaiġte ó 'n d-tír go léir seo,
Do ḃí sé crógaċ, uasaċ, clúṁaċ 's
treunṁar,
Cúramaċ, calṁaċ, cneasta, feasaċ 's
gaosṁar.
Tar éis bás Eoin Ruaḋ agus claodai
na nGaoḋaluiḃ
Do ṫuit air an d-tír seo go trom a n-
diaiġ ċéile ;
Geursmaċt 's gorta, díbreaḋ, fuildor-
ta 'gus éigean,
Geurleanṁúint, slaodṁarḃuġaḋ agus
cascairt a n-aoinfeaċt.
Continued on
page 122
The lass of Gowry — Both it and “If the Cat
had a Fortune" copied from the Tuam News.
AINḞIR ĠOṀRAIḊ
Is air ṫranóna saṁraiġ gnaoi,
Sul do ċuaiḋ an ġrian 'na luiḋ,
Ṫainic cailín deas a ṫóig mo ċroiḋe.
Ṫairis na cnoic go Goṁraiġ.
Ḃí buinneán rós' 'n a buiḋ gan meas,
A's fliuċ le drúċt na maidne breas;
Aċt buḋ Cáit óg an bláṫ sar-ḋeas,
Do ḃláṫuiġ a riaṁh a n-Goṁraiġ.
Do ṁol me sgóiṁ go fad 's go sáiṁ
A's ṫart a cum ḋo ṫeilg mo láṁ'
"Taḃair dam do ḟocal a's do ḋáiṁ
Go raċfair liom go Goṁraiġ."
Ċum cuairt m' aṫar do ġlacfad ṫú,
Measg sgaṫa glas a's coillte dliuṫ,
A's beiḋir ban-tiġearna orrá go dú,
A's gaċ uile ruid a n-Goṁraiġ.
D'ḟuasgail me di an sin mo ċúis ;
Ḃí bláṫ na rósa air a gnúis :
"Le cead m' aṫar ḃeirim duiṫ mo ḋúis
A's raċfad leat go Goṁraiġ."
Fuair siad aontoil na n-daoine gris
A's ċum Aṫar Eoin do ċuaiḋ sí ris,
Do ċangal sé siad, a's tá sí anois
Ban-tiġearna ṫairis Goṁraiġ.
Ḃ and ṁ sound llke w when followed
or preceded by a, o, u, and like v if
preceded or followed by e, i; ḋ and ġ
sound like y; ṡ and ṫ, like h; ċ, like
ch; ṗ, like f; ḟ is mute, and all the
aspirated letters at the end of words
are nearly silent
