118
AN GAOḊAL.
Seáġan O'Briain, Pittsburg. Pá. —
Is iomaḋ an duine a sgríoḃ ċugainn
timċioll an niḋ ceudna. Níor "ṫroid"
muid cás an Ġaóḋail anns an Ġaoḋal
air an áḋḃar seo. — Dá d-troideoċaḋ
muid é san Gaoḋal ċaiṫeoċaḋ muid an
uain ċeudna a ṫaḃairt do 'n ṁuintir a
ḃí sgríoḃ ann a aġaiḋ, agus giḋ naċ d'
tóigfeaċ sinn aon ḃuntáiste dúinn féin
ḃeiḋaḋ sé ráiṫte nach m-beiḋeaḋ aon
ṁaiṫ a dul aig imreas linn a b-páipeur
a ḃí faoi nar stiúir féin; agus, os a
ċionn sin, tá 'n Ġaoḋal saor ó ṡalaċas,
agus is mian linn a ċongḃál mar sin.
Ní 'l sé g-cumas éinneaċ doċar a
ḋeunaḋ do 'n Ġaoḋal. Tá primpioll-
áin san doṁan a g-coṁnuiḋe naċ féid-
ir a sásúġaḋ. Tá cuid ann anois a tá
eudṁar faoi 'n Ġaoḋal, agus ḃí siad
mar sin ó 'n g-ceud lá ar cuireaḋ air
bun é. Naċ h-aisteaċ na daoine iad?
Tá siad an gnoḋṫaċ a cur an Teanga
Ġaeḋilge air aġaiḋ, a m-broġḋa, agus
an páipeur beag aṁáin noċ do cuireaḋ
air bun 'nna ṡaoṫar ṫoċdadís é!! Aċt,
mar dúḃairt an Saoi GiolleĠuináin,
Uaċtarán an Ḟílo-Celtiġ, tá sé 'na
ṁalraċ ṁór, ḟearaṁuil, ábulta anois,
'nan aire ṫaḃairt do féin, agus is dóiġ
linn go d-titiġ a n-grúim go h-eudtrom
air, sin é, má ċuidiġeann siad seo leis
a d'oileaṁuin é ann a naoiḋeanántaċt,
agus ce naċ ḃ-fuil aon tuaiġ le faoḃru-
ġaḋ aca aċt an Ġaeḋilge a leasuġaḋ.
Mairfiḋ an Gaoḋal gan ḃuiḋeaċas
díobṫa. Áċt cad a ṫig linn a ráḋ air
ḋílseaċt na muintire so d-taoḃ aiṫ-
ḃeoḋuġaḋ an teangan Ġaeḋilge? ḃ-fuil
siad a cur na n-daoine air mearḃal
timċioll a n-dílseaċt san obair ṁórálaċ
seo? le na ṫoraḋ aiṫniġṫear an
crann, is le na gníoṁara aiṫnuiġṫear
na daoine oibriġeas go h-ionracaċ ann
éinniḋ a ċuireann siad rómpa a ḋeun-
aḋ. Dá m-beiḋeaḋ loċdóiriḋe an Ġaoḋ-
ail dúḃraċtaċ a dtaoḃ an teangan, ċuid-
eóċaidís leis an niḋ is lúġa a ḃeiḋeaḋ
air bun ann a ṡaoṫar, agus a nuair a
beiḋaḋ sé ann a g-cumas páipeur níos
taiṫnuiġṫe leo a ċuir air bun, a ḋeunaḋ.
Sin é an ċaoi a d-taisbeánóċaḋ siad
dílseaċt a gníoṁarṫaḋ. Mar duḃairt
muid ċeana, ní 'l sé g-cuṁaċta aonneaċ
an Gaoḋal a ċuir air g-cúl — ní 'l, ċo
fad as ṁeasas roinn ṁór de uaisle na
h-Eireann, a m-baile agus a g-cian, go
ḃ-fuil sé riaċtanaċ do Éireannaiġe a
d-teanga a ċoimeud más mian leo aon-
taċt an ċine a ċosnuġaḋ.
MOLAḊ NA G-COIGE.
Is áluin sgaiṫ, gaċ flaiṫ a Múṁain
Ag cosaint críṫe gaċ anḃfann,
Is tír líonta í de ṁíl a's de ḃeoir,
A's fíor-ḋídean gaċ díṫleoir!
Is iomda guṫ a g-clár Laiġean go mear,
Steud luaṫṁar, agus treun-ḟear,
Is óiġ-ḃean soineanda sáiṁ ċeoil,
Ann a h-iomad uaisle a's onóir!
Ní liaċtaiḋ fuintín ag fas air faiṫ,
Na maiġdean áluin, a's árd-ḟlaiṫ,
Ag críoċaiḃ Ullaḋ na lann mear,
Na sgaiṫ, na n-eaċ, is na dtrein-ḟear
Tá Connaċt molta, dá mbídinn m' ṫosd
Connaċt aoiḃinn — gan aon loċd,
Tá ór le fáġail ann ag loċd aiṫris rann
A's 'sí Connaċt cruiṫneaċt Éireann!
Óg laoċ na Rann (The Minstrel Boy
Do ṫriall ċum ċaṫa óg-laoċ na rann,
Lár náṁhaid Éireann ársaiġe;
Lann aṫar fáisṫge air go teann,
Ann aonfeaċt le n-a ċláirsiġ.
"A ṫir na n-dán!" ar an laoċ-ċeoil grinn,
"Dá mbeiḋeaḋ an saoġal dod' ḋaor'ḋ
Tá aon ċruit aṁáin le ṁolaḋ go binn,
'S aon lann aṁáin le do ṡaoraḋ."
Do ṫuit an bárd! aċt má ṫuit go fóill
Ḃí a ċroiḋe neaṁ-eaglaċ, tréunṁar :
A's raob sé teuda cláirsiġe an ċeoil,
Do scuab sé an trá ḃí seunṁar:
A's duḃairt "Ní ṁillfiḋ cuing do ġuṫ,
A ċruit ċaoin na ḃ-feaḋ saora ;
Is ní cluinfear go h-éug do lán ḃinnsruṫ,
Lár bruide a's bróin na tíre.
