120
AN GAOḊAL.
ROBERT EMMETS DYING SPEECH CON¬
CLUDED
Mise naċ ḃ-fuil faitċíos orm a ḋul
as cóir an ḃreiṫeiṁ uile ċúṁaċtaċ le
cuntas a ṫaḃairṫ air mo gníoṁarṫa go
h-uile. Ḃ-fuilim le ḃeiṫ scanruiġṫe agus
ḃreuguiġṫe le fuiġilleaċ básṁaraċt
annso? agus leatsa, as cionn gaċ uil¬
e, ce, dá m-beiḋeaḋ sé cumasaċ an
meud fola neaṁ-ċiontaċ a ḋóirt tú
ann d' oifige ṁalluiġṫe a ḃeiṫ cruinn¬
uiġṫe ann aon tobar mór aṁáin, d'
ḟeudóċaḋ do ṫiġearnais snáṁ ann —
Coisgeaḋ arís é.
Nuair a ḃeiḋeas mé marḃ ná beiḋ-
eaḋ aonduine ċo sunda is go g-cúiseó-
ċaḋ sé mé le easonóir. Ná truailliġeaċ
aon neaċ mo ċuiṁne le creideaṁ go
ḃ-feudfainn a ḃeiṫ tógṫaḋ suas le aon
ċás aċṫ é sin de ṡaoirseaċt agus de
ḟuasglaċt mo ṫíre, no go d-tiocfainn
mar oirnéis úṁal de aon ċúṁaċda a
leaṫtrom agus ann anró mo ṫíreaċa.
Laḃruiġeann fórḟuagraḋ an Tamall-
Riaġaluġaḋ mo ṁianta. Ní féidir aon
ċeo a ḃaint as a ṫaisbeánóċaḋ bárbar-
aċt no úṁaluġaḋ sa m-baile, no daoir-
seaċt ó ċian. Ní ċuirfinn suas le
truailliġeaċt ċoiṁṫeaċ, air ann áḋḃar
ceuona go sáróċainn an tíoránaċ teaġ-
laċáin. A g-céime na saoirse, ṫroid-
fainn air ṫáirseaċ mo ṫíre, agus ní
ḟeudóċaḋ an náṁaid a ḋul asteaċ aċt
ṫair mo ċorp ṁarḃ. Agus a ḃ-fuilim-
se, a ṁair aċt do mo ṫír; a ċuir mé
féin a m-baoġail agus a g-contaḃairt
an leaṫtromóra, aiṫreaċ, eudṁar, agus
anois go brúid na h-uaiṁe, aṁáin go d¬
taḃarfainn do mo ṫíreaċaiḃ a g-ceart
agus do mo ṫír a saoirseaċt; ḃ-fuilim
le ḃeiṫ ualaiġṫe le maslaḋ agus gan
cead agam é aiṫċiúitiuġaḋ? Ní 'lim.
Nár léigeaḋ Dia. — Coisgeaḋ arís é.
Má tá spioraid na g-cáileaċt ṁarḃ-
ṫaḋ roinnṗáirteaċ a g-cúram agus ann
imniḋe na muintire a ḃí cionaṁuil aca
san t-saoġal neaṁ-ḃuan seo, Ó! a sgáṫ
úrramaċ m' aṫar ḟóir-ionṁuin, tá imiġ-
ṫe, feuċ anuas le sgrúdaċt air iomċar
do ṁic ċráiṫte, agus breaṫnuiġ má d'
imiġeas, san niḋ is lúġa, ó 'n ḃ-fóir-
ṫeagasg deaġḃeusaċ, tírġráḋaṁuil, noċ
b' é d' aire a ċur ann úḃal do m' intin
óg, agus air a ṡon táim anois taḃairt
suas mo ḃeaṫa.
Mo ṫiġearnaiḋe, breaṫnuiġeann siḃ
míoḟoíġideaċ leis an ioḋḃairt; ní'l an
ḟuil ċum a d-tartuiġeann siḃ reóiḋte
leis an scanraḋ inntleaṁail a tá dá
ṫimċiolluġaḋ. Saorċúrsaiġeann sí go
teasṁaċ agus go neaṁḃuaḋraċ ṫríd na
seilṫeánaiḃ noċ do ċruṫuiġ Dia ċum
áḋḃaraiḃ céimeaṁaila, aċt cé is mian
liḃse a sgrios, ċum cúisiḃ ċo cráiḋte
is go n-uailleann siad go flaiṫeaṁnais
Dé. Bí foíġideaċ fós, ní 'l agam aċt
beagán focla eile lé ráṫ. Táim aig im-
ṫeaċt cum m'uaiṁ ḟuar, ċiúin; tá leus
mo ḃiṫ ar ti a ḃeiṫ caiṫteaḋ; tá mo
rása roiṫte, fuasgluiġeann an uaiṁ
ċum mo ġlacaḋ, agus ísliġim ann a huċd.
Ní'l agam aċt aon aṫċuinġe aṁáin le
iarruiġ aig m' imṫeaċt ó 'n t-saoġal
seo, is sé — DÉIRĊE A ṪOSD. Ná
beiḋeaḋ m' iarrċuiṁne sgríoḃṫa le aon
ḟear, mar ní ḟeudóċaḋ aon ḟear a tá
fiosaċ air mo ṁianta iad a ċeartuġ'ḋ
anois — ná leigeóċaḋ reiṁ-ḃreaṫnaċas
no ainḟios iad a ṫarċuisniuġaḋ ; leig
díoḃṫa agus damsa fanaċt a ndoiléir-
eaċt agus a síoṫċán, agus mo leaċuaiṁ-
e neaṁ-sgríoḃṫa no go d-tigeaḋ am eil-
e agus fir eile ḟeudfas mo ċlú ċeart-
uġaḋ. Nuair ṫóigfeas mo ṫír a h-áit
'measg náisiúin na cruinne, ansin, agus
ní go d-ti sin, beiḋeaḋ m' iarrċuiṁne
sgríoḃṫa. — tá mé réiḋ.
We are indebted to the Hon. Denis Burns for
the following song.
INĠION AN ḞAOIT Ó'N n-GLEANN.
(White’s Daughter of the Dell)
Siúḃal a ċuid ! biḋ a gluaiseaċt,
Gan sgíġ, gan stad, gan fuaraḋ,
Tá 'n oiḋċe gairid saṁraḋ,
'S bíḋim a raon air siúḃal.
Geaḃair aoiḃneas bailte móra,
'S raḋarc lé m' ṫaoḃ air ċuantaḋ,
'S a ċríost' nár ró-ḃreáġ an uain í
Air an b-paoiteaċ fada ó'n Gleann.
