142
AN GAOḊAL.
ERIN IN CHAINS!
The following poem, consisting of over a hun-
dred verses, we have received from
“Croidhin Treunwar.”
It will supply a want long felt by the Irish
Classes, namely easy reading matter. “Croidhin"
bids fair to rival Craoibhin Aoibhin.
ÉIRE CUIḂRIĠṪE.
Le
"Croiḋín Treunṁar."
Tráṫnóna saṁraiḋ is mé a siúḃal
Air ḃord aiḃne grianṁair,
Buḋ ḃeag mo ṡuim a m-brón 'n tsaoġail,
Mar ḃí mé óg as treunṁar.
Siúḃal róṁam, gan smuain' air feall,
Ann aois mo ḃliaḋain as fiċe:
Feuċaint uaim, a non 'sa náll,
Air na h-éisgiḃ ameasg an uisge,
Buḋ ḃreáġ an ócáid' í, go deiṁin,
Do ċroiḋe saor ó ḃrúid,
Le smuain'ḋ a ṫaḃairt air riġ'n doṁain
A ċruṫuiġ na mílte treud,
A ḃí 'nois léimne síos as suas
Air bárr is a n-uċt an t-sruṫa
Aig súil go n-éireoċaḋ leo fós
Breiṫ air an míoltóg tapa.
Mar so ṡiúḃ'las, le croiḋe gan mian,
A faire na n-iasg 'sna míoltóg,
Gur ċualas osna ċo trom 's ċo doṁain
'S gur ċriṫeas go bárr na n-ordóg.
D' ḟeuċ mé ṫart go d-ti 'n taoḃ
Ar ṫainic an guṫ brónaċ,
Is ḋearcas air ṫalċáinín na suiḋeaṁ,
Maiġdean áluinn, ṁáiseaċ.
Do ṡeas mé siar go faon is go fann
Faoi eagla ṁór, a smuaineaḋ,
Le fiar an árdáin, ameasg na g-crann,
Gan fios dam cad a ḋeunaḋ.
Aċt a breaṫnuġ'ḋ go geur air a gnaoi,
Sásuiġeaṁ mé faoi ḋeire;
Go mbuḋ de 'n talaṁ, is ní bean-síġe,
An ṁaiġdean aonraċ, ċráiḋte.
Do ġlac mé meisneaċ ann mo ċroiḋe,
Go raċfainn ann a h-aice,
Súil go n-eudtromóċ'ḋ mo ġlór a caoi,
Giḋeaḋ naċ n-déarfainn faice.
Do ḋruid mé ċuici le cois-céim ṫrom,
Is d' ḟiafruiġeas fáṫ a dóláis,
Is dá m-beiḋeaḋ éiniḋ a ṫiucfaḋ liom
A ṡoillseoċaḋ uirri sólás.
Ṫóig sí suas a súile gorm,
Le deoraiḃ bróna líonta,
Is ṫug sí osna do ċriṫ a cum
Mar ġiolcaċ anns a n-uisge,
Is duḃairt, "Ní 'l sóġ air ṫalaṁ dam,
Nó ann áit air biṫ go deo,
Go ḃ-fáġaḋ mo ċlann, tá sgriosta lom,
Buaiḋ ó Ṫiġearna an ġleo."
Ḃí 'n ṁaiġdean óg is b' iongantaċ liom
Gur laḃair sí air a "clann,"
As ṡaoileas fós, ó ċaoile a cum,
Nar ḃ-féidir í ḃeiṫ ċo sean —
Is duḃras, "a ṁaiġdean ṁaiseaċ, áluin,
Ó ḃreaṫnuġ'ḋ do ġné is do ġnúis,
Giḋ gur laḃrais air do 'clann,'
Ní ḃ-fúilir fiċe saṁraḋ d' aois."
Smig'ḋ 'n ṁaiġdean ṫre fras a deor,
Is duḃairt sí seo go ciuin —
"Tá m' aois," a deir sí, a ṁíle stór,
Os cionn trí ṁíle bliaḋain —
Tá m' aois ó aimsir d' aṫraċ,
A ṫainiċ a ḃ-fad ó 'n oir
Go d-ti tír seo na ḃ-faṫaċ
Ar ṫóig siad seilḃ air.
Air feaḋ trí ṁíle bliaḋain,
Go sólásaċ gan duḃais,
Ḃí mo ṡeilḃ air Éirinn
Gan crosaḋ, bac' nó cúis',
Nó gur ṫainic an Sacsan feall,
Is gur ṫeilg sé mo ċlann
Le fánaḋ 'n doṁain air mearḃal,
Le teine, claiḋeaṁ, is lann.
Le seaċt gceud bliaḋain táim cuiḃriġṫe,
Le saḃraiḃ trom' is geur',
Mar atá ceolta binn' mo ċruite,
A scapeoċaḋ siansa anns an aer —
Mo ċlann gan lúṫ, gan spreagaḋ,
Anns na príosúin dúntaḋ suas,
Gan coir gan cúis gan cáineaḋ
Ó ċaṫair na neaṁ' anuas.
Aċt, a ṁic mo ċroiḋe is fiosaċ liom
Naċ ḃ-fuilir eolgaċ anns a t-saoġal,
As innseoċad duit do ṁuintreas dam,
Ċum go seaċnóṫá 'n baoġal
A tá anois ann do ḃealaċ,
Mar ḃuaċaill óg gan stuaim,
Ó ṫéiḋéas an ġrian a ḃ-falaċ
Air ċúl sléiḃte na Máim —
P J Crean
