144
AN GAOḊAL.
Agus Cimbeṫi, an riġ gornaṫóir d'
Eaṁana ann an ṫuaiġ;
Cáit gur ċuaiġ ; go minic ċum riama
na Cuiríġe Craoḃ Ruaḋ;
Eidersceol, na h-Éireamóine, do riaġ-
al an d-ṫír an tráṫ,
Do fuair na treudaiḋe ar Slánuiġ-
ṫeóir aig Beitleaṫam go bláṫ;
Connáire, sloinnte an Mór, noċa riaġ-
al sean Éire saor 's sóiṁ,
Nuair a ḃí Agustos 's Tibeiris árd
riġṫe 'san Róiṁ;
Agus Airgeaċ de na "Sgiaṫa Airgid"
agus "Fearadaċ an Ċóir,"
Agus Muineamon, de na "Slaḃaraiġe
Óir," cuiṁniġ air go leor;
Maolseaċlinn de 'n ċoíḋeaṁ buaḋaċ —
Cormac 's Caṫar-Mór,
Agus Conn, noċ tré na "ceud caṫa,"
an "ga gréine, ' do ṫreóir :
Agus Brian, is iomḋa sparn fíoċṁar
do las a ġnioṁara go h-iomlán
"Air ṫalaṁ Múṁan na laoċra — an aṁ-
as de 'n Loċlán;
Agus Ceallaċán, de líne sean Ċaisil,
an ḟuil sin, tá 'gat féin —
Cad é 'n d-tír go raḃ oiread árdriġṫe
breáġ 'san t-sean am imiġṫe g-céin?
VII
"Ḃí fearaiḃ diaḋaċt ann Éirinn, tráṫ
ṫainig cinne Úróip ċum ar d-tír go
sgoil —
O, 'n Palláidius naoṁṫa, go d-tiġ an
treun 's dian-ḟear O'Tuaill;
Aċt go h-árd os cionn an ḃuiḋeán sois-
linn sin go léir, tá ainm ar Ṗádruic,
Mar a ṡeasan an dair ameasc cranna
móra, an sean ḃ-ḟíoḋḃa éigin aistig,
Tá seaċt g-ceud blaḋata fáḋó imiġṫe,
idir duḃrón agus greann,
Do ṫainig 's d'imiġ, creidiḃeaċa gan dia-
'aċt, mar scáil'ċa os cionn 'n d-treun,
O 'n lá cineaṁnaċ úd gur ṫanig cug-
ainn ar n-aoḋrire naoṁṫa —
Ċum lasair liaṫḃán na Bealteine do
ṁúċa, go deoiġ ann Éire,
Ní laoċra, no sáise, 'tuaiṫ-marḃuil'
stoc, no drum ṫug sé,
No sciaṫa uṁa, cláiḋḃe soilseaċ, caḃ-
laċa, no Cuiriġe réiḋ;
No gaisgaiġṫe, cóṁluaduire, no gnóṫ-
uiḋeaċa cogaṁuil,
No onnconna lannuir' aig sil-le-gaoiṫ
os cionn uasaċa uaill;
Aċt do ṫainig sé ċum Banba, le aigne
náoṁṫa, úṁal 's teo;
(Le ḃeiṫ leanuiġṫe)
Nuaḋ Ġorc. an Seaċtṁaḋ lá
fiċid de 'n Deiċṁaḋ mí, '82.
A Ṡaoi ḋílis:
Ḃeirim fáilte do 'n Ġaoḋal anns an
dara bliaḋain d' a ḃeaṫa! Ḃeirim
buiḋeaċas duitse, a Ṡaoi, air ṡon an
páipeur sin do ċuir tú air bun, agus air
ṡon an obair onóraċ, ṫír-ġráḋaċ atáir
aig deunaḋ ag ċraoḃ-sgaoileaḋ ó ṁí go
mí. Is obair í naċ ḃ-fuil mórán tairḃe
duit innte d-taoḃ airgid, aċt is é do
luaiḋeaċt — agus measam gur ab é is
feárr leat — go mbeiḋ d' ainm faoi
urraim aig gach Éireannaċ a ġráḋuiġeas
a ṫír agus a ṫeanga ḋuṫċais, agus go
m-beiḋ do ċuiṁne beannuiġṫe le geiniṁ-
niḃ le ṫeaċt. Tá fios agam mar an g-
ceudna gur iomaḋ cosg ann do ḃealaċ
aig obair mar atáir gan mór-ċuideaḋ
air biṫ ó do ċeaṫarnaiḋ do ṫaoḃ
sgríobaḋ, óir atá mórán Éirennaiġ
anns a tír seo atá na scoláiriḋe clis-
te 'san Gaeḋilge, atá acfuineaċ cuid-
iuġaḋ maiṫ a ṫaḃairt duit, agus naċ n-
deunann niḋ air biṫ níos feárr no a
ḃeiṫ a g-coṁnuiḋe a fáġail loċt air na
niḋṫiḃ atá sgríoḃṫa ó am go h-am ann
do ṗáipeur. Ná taḃair aire air na
loċdóiriḋe seo; tá a leiṫidiḋ ann gaċ
puibliġeaċt — daoine a tá mar an mad-
aḋ san m-bainséar ḃ-fad-ó — "Ní ḋeun-
faiḋ siad an obair iad féin, agus ní
maiṫ leo duine airbiṫ eile a ḋeunaḋ.
Anuair do ċuir tú amaċ do ṗáipeur
air d-tús, ḃí mórán daoine a ṁeas iad
féin a ḃeiṫ críona ċroiṫ a g-cinn, agus
a duḃairt go raḃais air mire a leiṫid
a ḋeunaḋ' óir naċ m-beiḋeaḋ an Gaoḋ-
al beo sé ṁí ó 'n' lá sin; anois ní'l fo-
cal le ráḋ aig an muintir seo; óir a
tá a d-tairgneaċd breugaċ, agus tá
AN GAOḊAL beo fós, agus a fás
níos mó, agus a biseaḋ, gaċ uibir de d-
tig sé amaċ. Do riġne do ṗáipeur niḋ
aṁáin maiṫ — do ṫaisbeán sé do 'n
