146
AN GAOḊAL.
Gan cumann aig aoin ḃean go deo.
A carraḋ na g-carrad le ċéile,
Do ċarras le saor-ġean ar d-túis,
Mo carraid a ċarraḋ do ṫréigfin,
'S do raċainn a g-céin leat na n-déoiġ,
Ní carraid dam carraḋ na céiḃ-ḟionn,
Aċt carraḋ na ḃéiṫe-si am ḃreóġ,
'S mo ċarrad-sa, a carraid ma ṫréigir
Gan carraid aig aoin-ḃean go deo.
A annsaċt na n-annsaċt do ċéas me,
Le h-annsaċd dod' sgéiṁ' s dod' ċló,
Bíḋeaċ do róġa 'gad mo ṡaṁuil-si mar
ċéile,
No dumsa gan beusa gan sport;
A annsaċd na sanntaiġ-si baoṫlaċ,
Na stúmpaḋ na réiġfioċ do ḃrón,
M' annsaċt-sa a annsaċt ma ṫréigir,
Gan annsaċt na rae 'gad am ḋeoiġ.
A stóir ḋil mo stór-sa tar aon tú,
Mo stór tú go n-eugfad dar n-dóíṫ,
'S stór me a ṡtóir-ḋil, gan treuda.
'S gur dóiṫ leo gur réic me gan fód.
Bíḋeaḋ stór ag am stóraċ ní baoġal di,
Bíḋeaḋ bó-laċt gan baoḋaċas 's fós
A stóir-ḋil, do stóraċ ma ṫréigir,
Gan stóraċ ná rae 'gad am ḋeoiġ.
FIAḊAĊ ṠEAĠAIN ḂRADAIḊ.
(The Chase of Thieving John.)
by
Anthony Raftery.
Leanfaiḋ me cúrsa réir na n-úġdar,
A's sgríoḃfaiḋ me uaċta ḃ-foirm dáin,
No go léiġiḋ an ċúige fáṫ na cúise,
Ar ḃuail Seáġan fúmsa air ḃeagán fáṫ.
Faoileaċ mallas ortsa 'Seáġain 'Búrca
Peac'ḋ 'n úḃaill ort d'iṫ Eaḃ 's Áḋaṁ
Is fad' ó duḃraḋ go mb'í 'n ċroiċ do
ḋuais,
Tráṫ ṡlad tú 'n triúr a gCondae 'n
Ċláir.
Ní'l gar 'g a ċeilt no ag deun'ḋ rúin air,
Ó's caint í a duḃraḋ 'as ċuaiḋ os árd,
Gaċ niḋ da n-goidṫear ó Ṫuaim go
Tuaṫ-Múṁain,
Go ḃ-fuiġṫeá ṫuairisg 'nn ualaċ Ṡeáġain.
An t-iarna,'n ċuilt, an ṗluid 'san súsa,
An ċaora, an t-uan, an ḃó 'san láir ;
Le gaċ aon díoḃ bíḋeann sé cúiteaċ,
'S sé 'n sgriosaḋ cúige é 's mó le fáġail.
Na cosa go g-cailliḋ tú ó na glúiniḃ,
Raḋarc do ṡúl agus lúṫ na láṁ,
Luiḃre Ióib go d-tigiḋ anuas ort,
Aċma-ruaḋ agus easbuiḋ bráġad.
Fiaḃras creaṫaċ. fuil agus uaill ort,
Sin go mbuailiḋ tú mar ġalra báis;
Do ġruag go d-tuitiḋ de d' ṁalaiḃ
grúma,
'S nar ḟanaiḋ cluas ort no 'ṁáin 'n áit,
Deacair 's gráin ort, baic 's truaill ort
Riṫ' as ruaig ort 's fuaḋ do ḋáiṁ;
Sgaiṁeaċ ungann as galra súl ort,
A's ṡmior no súġ na raḃ 'nn do ċnáiṁ.
Bearraḋ crosach 's lomaḋ luain ort,
'S nar ṫeiḋ ort úir no cóṁra cláir;
Aċt 'n ġaoṫ a séid'ḋ go geur ó ṫuaṫ ort,
'G-oirneul fuar as tú 'nn do ċuaill'fáil.
Neasgoid ċléiḃ' agus feiliún fuar ort,
Crioṫán, múċaḋ 'gus seileaḋ siḋeán;
Domblas dragúin as niṁ ṫríd suaiḋte,
Go mb' é deoċ do ṡuain é air uair do
ḃáis.
(Le ḃeiṫ leanuiġṫe.)
Beiḋeann roinn dá 'r léiġṫeóirid
dá 'r g-cáineaḋ ó am go h-am nuar naċ
g-cureann muid níos mó Gaeḋilge 'san
nGaoḋal ná ḃíḋeas ann. Is dóiġ linn
naċ ḃ-fuil áḋḃar casáide aca an ṁí so.
Tá dán breáġ ann ó "Ċroiḋín Treun¬
ṁar;" ceann eile ó 'n Saoi O'Caoiṁ;
aḃrán breáġ ó'n Saoi Onóraċ O'Bruin;
leitir ṁaiṫ ó "Ṗádraic "; agus báir-
seaċt ṁór ó 'n Raċtúra, agus muna
fiú an méid sin ċúig ṗiġine, ní 'l muid
annso. Tá focal againn anois le ráḋ
le "Pádraic." Giġeaḋ go ḃ-fuil
sé na ċoṁnuiḋe ann Nuaḋ Ġorc ní
fiosaċ linn go ḃ-facaiḋ muid aig aon
de na sgoiliḃ a riaṁ é! Anois, Ṗádraic,
cuir do láṁ air d, úċt agus fiafruiġ
ḋíot féin ḃ-fuil tú deunaḋ cúitiuġaḋ
dlisteanaċ do ṫeanga do ṫíre.
Déanaċ gaċ uile ḋuine a ḋiṫċioll
an GAOḊAL a sceiṫ go fórḟarsangaċ.
