AN GAOḊAL.
169
Bídís fá ḋó ċo tiuġ,
Atá da g-congḃáil sa staid seo,
Gan lúṫ as gan neart,
Le tíoránaiḃ coiṁṫeaċ,
Gan baint air, gan ceart?
Ca ḃ-fuil calmaċt ḃur sinsear,
O! Éireannaiġe fann,
Naċ b-pleusgṫaoi ḃur g-cuiḃreaċ'
Go luaṫ as go teann,
Naċ feárr a ḃeiṫ caillte
In iarraċt na saoirse
'Ná ḃeiṫ ċaoiḋċe as go deo
Faoi ḃruid as i n-daoirse?
(Le ḃeiṫ leanuiġṫe.)
MOBILE, AN 7MAḊ LÁ
GIONḂAR, '83.
Go Clóḋaire an Gaoḋail :
A Ṡaoi Ionṁuin. — Ḃeirim ceud míle
fáilte do,n Gaoḋal air ṫeaċt an ḃliaḋ-
ain nuaḋ, agus tá dóċus diongṁálta
agam go m-beiḋ do leiġṫeoiriḋe ainmiġ-
ṫe innsa mílte aon bliaġain ó aniuḋ,
sé sin má tá aon ġráḋ no meas aig ar
muintir orta féin no air a d-tír-ḋúṫ¬
ċais. Mar is dóiġ le roinn ṁór de
ṁuintir na tíre seo naċ ḃ-fuil aon
teanga fóġlumṫa againn.
Do ḃí me beagán bliaḋan ó ṡoin
'san Árḋ-ṫuaṫ, a Staid Pen. ball dá
n goirtear Iar-Ċester. Do bhí me a
saoruġ'ḋ do feilméir, fear d'ar b'ainm
Seoirse Facuit, stumpa de ċabóig
neaṁ-ḟóġluimte aċt saiḋḃir a maoin 'n
t-saoġail seo, agus lán de ḋroċ-ṁeas
as de ṫarċuisne air na Gaoḋlaiḃ boċta.
Do ḃíḋeadar a caint oiḋċe airiġṫe, ṡé
féin agus a ṫeaġlaċ air ṫeangṫaiḃ na
Euróipe. Do ḃí dís mac aige, ógánaiġ
óga. Do ḃí aon díoḃ ag fóġluim Gear
manaiġ agus an duine eile aig Franc-
ais. Do ḃí me féin aig éisteaċt le na
g-coṁráḋ, gan me a cur mórán spéis
ionta no gur ċualaiḋ me an stumpa a
ráḋ na raḃ aon teanga fóġluimte aig
na h-Éireannaiḃ. Do ṗrab me suas a
láirṫeaċ agus duḃairt me réis go dán-
a, "Cad é seo tá tú tar éis a ráḋ?"
"deirim, a deir sé, "naċ ḃ-fuil aon
teanga fóġluimte agaiḃ." Duḃairt me
reis go raḃ, agus do ṫaisbeán me ḋó
go tapa go raḃ teanga ḟóġluimte aig
na Gaoḋlaiḃ. Is duḃairt me go raḃ
teanga ḟóġluimte agus ṡíḃialta, agus
creidioṁ aig na Gaoḋlaiḃ nuair a ḃí a
ṡinnsear-san inn a mbárbarbanaiġ noċ-
duiġṫe, air seaċrán ṫríd cnocaiḃ agus
gleantaiḃ na Sasana.
Aċt buiḋeaċas duitse, a Ṡaoi Uiló-
ċáin, tá an Gaoḋal againn anois ċum
iad a ḃreugnuġ'ḋ, agus buḋ ċeart do
gach Éireannaċ do beiṫ uaiṁireaċ air
ṡon do ṁíosaṁuil ma tá aon ġráḋ inn
a g-croiḋe d'a d-tír ḋúṫċais no d'a d-
teanga ḃinn, ġlóraċ. An teanga do laḃ-
air Brian Boroṁ an tan do scuab sé
na Loċlannaiġ asteaċ 'san ḃ-fairge, is
tá dóċus láidir agam fós gur b'é an
teanga ċliste Ġaeḋilge a ḃeiḋeas d'ar
n-gríosuġ'ḋ ċum 'n Sasanaċ cealgaċ do
sgrios asteaċ san ṁuir, no asteaċ go
h-ifrionn damanta: an áit is mó a d-
tír ḋuṫċais.
Naċ brónaċ an obair é gur feárr le
treoiriġṫeóiriḃ a ḃeiṫ a troid a n-aġaiḋ
a ċéile ná le na náṁaid fuilteaċ meal-
taċ feacṁar. D' imig airgiod an Ċiste
Caṫa; tá rint airgid uaimse sa g-cis-
te sin. Ba ró olc an obair do ġín Ros-
a an t-airgiod sin a ṫaḃairt uaiḋ air
aon ċor, mar táim cinte da m-beiḋeaḋ
cuid de'n ċiste sin le fáġail aig Rosa
go g-cuirfeaċ sé sméaróid-ḋearg fa
ṡrón Ṡeáġainteirḃ roinn de'n am seo.
Ní'l aċt amadántaċt a ḃeiṫ cailluint
aimsire le dlúṫċeangal talṁan; tá an
greim ró ḋaingion aige air scornaċ ar
muintire agus caiṫfimid teine 'gus cloi-
ḋeaṁ a ṡaṫa asteaċ in a m-beul ċum
go m-bogfeaċ sé a ḟiacla dínn. Ní'l
aon t-sliġe againn ceart a ḃaint d'ar
náṁuid ṁalluiġṫe aċt é ḃualaḋ in gaċ
áit agus in gaċ sliġṫe le arm faoġḃar
agus teine.
M. McSuiḃne.
The GAEL can now be had of all
news-dealers at five cents a copy. If
your news agent makes any excuse,
say he can get it through any of the
news agencies; or send sixty cents to
us and it will be mailed to you one year
Beiḋ an Ġaeḋilge faoi ṁeas fós
