176
AN GAOḊAL.
CASAḊ AN ĊLOĊ ḞAÓḂAIR.
Aṫarruiġṫe le "Padruic” ó Ḃeurla
an Doctúr Ḟrainclíne.
Nuair do ḃíḋeas am' ḃuaċaill ḃeag,
is cuiṁin liom maidin ḟuar geiṁriġ a-
ṁáin ar laḃair fear smigeaċ le biail
air a ġualain liom. "Mo ḃuaċaill ḋeas,"
ar sé, "an ḃ-fuil cloċ-ḟaoḃair aig d' a-
ṫair?" "Ta a Ṡaoi," ar me. 'Is ḃreáġ
an garsún ṫú," ar sé; "an leigfir dam
mo ḃiail a ġeuruġ'ḋ uirri?" Do ṫaiṫniġ
a ṁolaḋ "duine beag breáġ” go ró-ṁór
liom, agus duḃairt me, "Ó leigfead, tá
sí ṡíos anns an t-siopa." "Agus anois
m' ḟear," ar sé, aig bualaḋ mo ċeann
go socair, "an d-taḃairfir beagán uisge
ṫeiṫ ċugam?" Ár mb' ḟéidir dam é eit¬
iuġ'd? Do riṫeas agus gan ṁoill do ṫug-
as lán coire ċuige. "Cád aois ṫú, a's
cad é ḋ' ainm? ar sé, gan fanaċd le
freagraḋ. "Táim cinte gur tú an t-óg¬
ánaċ is feárr do ċonnairc me riaṁ.
An g-casfair an ċloċ-ḟaobair air feaḋ
beagán moimeintiḋ ḋam?" Gigliġṫe leis
an m-baoṫ-ṁolaḋ, mar amadán do cui-
ḋeas le h-obair, agus is ro-ġeur d'ioc
me an lá. Buḋ ḃiail úr í, agus d'oibriġ
agus do ṫarruing mé gur raḃas air
roċt ḃáis le tuirse. Do ḃuail clog na
scoile, aċt níor ḃ-féidir liom siúḃal ḟáġ-
ail. Do ḃí mo láṁa spuaiceaċ, aċt ní
raḃ an ḃiail leaṫ ġeuruiġṫe. Fa ḋeoiġ
do ḃí sí geuruiġṫe, agus d'iompuiġ an
fear orm le "Anois a spailpín ḃig, d'
imiris an leisgeóir; eitill leat ċum scoil
nó iocfaiḋ tú é." Faraor! do smuain¬
eas, buḋ deacair go leor an niḋ cloċ-
ḟaoḃair a ċasaḋ an lá suar so, aċt a¬
nois do ḃeiṫ gairmṫe "a spailpín" buḋ
ṁeasa fós é.
Do luiġ an niḋ so go doṁain in m'
inntinn, agus is minic ó ċoin do smuain¬
eas air.
Anuair a ċiḋim díolteóir a tá ro-
ṁóḋaṁuil le na ċuid gnóḋṫa-ċeannuiġ-
ṫeoiriḃ — aig iarruiġ orra beagán braon
ḟíona d'ól, agus aig caiṫeaṁ a ċuid ear-
aiḋe air an g-clár-ċuntais — deirim liom
féin, tá ċloċ-ḟaoḃair aig an ḃ-fear sin
le casaḋ.
Anuair a ḟeicim fear aig molaḋ na
n-daoineaḋ, aig deunaḋ mór-ċreideaṁ
air a ṡaor-ġráḋaċt, agus a tá in a
ḃeaṫa prioḃaideaċ 'nna ṫioranaċ — deir-
im, dearc, a ḋaoine maiṫe; cuirfiḋ 'n
fear sin a casaḋ cloċ-ḟaoḃair siḃ.
Anuair aċiḋim fear árduiġṫe suas
ċum oifige le spiorad ṗáirtiġe — gan aon
ċáilíḋeaċt le na n-deunaḋ uasal nó ú-
sáideaċ — faraor! a deirim, a ḋaoine
meallta, táṫaoi damnuiġṫe air feaḋ
séasúr ċum cloc-ḟaoḃair do ċasaḋ do
ḃuíbí.
"Padraic."
AN CEANGAL.
Tá sé mar an g-ceudna leis na h-Éi-
reannaiḃ neaṁ-ṫír-ġráḋaċ a ḃeireann a
m-beaṫa le obair ṡalaċ a náṁaid a
ḋeunaḋ, agus naċ ḃ-fáġann aċt mas-
luiġeaċt ó na máiġistiriḃ agus fuaḋ
duḃ ó na g-ceaṫarnaiḃ féin anns an
deireaḋ. Go fírínneaċ, tá na daoine
so aig casaḋ an ċloċ-ḟaoḃair do na
Sacsannaiḃ gan mórán buiḋeaċais air
ṡon a n-oibre. Agus sin é 'n ṗáiḋeaḋ
is cóir dóiḃ ḟáġail, deir
"Pádraic."
SOUND OF THE ASPIRATES
Ḃ and ṁ sound like w when prece¬
ded or followed in the same word by
either of the three broad vowels, a, o, u,
and like v if preceded or followed by
either of the slender vowels e, i; as, —
mo ḃord, my table, pron’cd, mo wordh.
mo ṁart, my ox, " " warth.
a ḃean, his wife, " a vann.
a ṁian, his desire, " " vee-un.
ḋ and ġ sound like y; as. —
a ḋán, his poem. " a yaun.
a ġean, his affection, " " yon.
ṡand ṫ sound like h ; as —
a ṡrian, his bridle, " a hree-un
a ṫalaṁ, his land, " a halav.
ċ sounds like gh in lough ; ṗ, like f,
and ḟ is silent. All the aspirates ex-
cept ḃ and ṁ are mute in the middle
and at the end of words, these sound
in that position like v. F is silent in
the future tense of verbs; as, buailfead
I shall strike, pronouced, booilhadh.
The Welsh Language is now spoken by three-
fourths of the natives of Wales though it was
nearly dead one hundred years ago, and this thro'
the exertion of one man — Rev. G. Jones.
