190
AN GAOḊAL.
ann d'a ċléir agus d'a ṗobul? Ní h-ion¬
gnaḋ, mar sin, má tá meas mór agus
gean aig a ċlainn Ċríostaṁuil ṫríd an
doṁan air sgeul a ḃeaṫa. Tá an meas
so aig muintir na h-Éireann air, agus
aig na h-Éireannaiġiḃ a tá ins an Am¬
erica, ins an Oileán úr, ins na h-India¬
caiḃ ṡoir agus ṡiar, ins an Ástralia, a¬
gus gaċ céarda faoi an ngréin in a ḃ-
fuil mac no inġean de ċlainn na Gaeḋ¬
eal. Ní féidir, mar sin de, naċ m-beiḋ¬
eaḋ gáirdeaċas orra sgeul a ḃeaṫa a
leiġeaḋ ins an teangain úd a ndúṫċais
féin — teanga air a raiḃ gean agus gráḋ
aig an té ud a tá anois euluiġṫe uainn
go h-áras fíor clainne Dé. Cuirṫear
os ḃur g-cóṁair laeṫe a óige, laeṫe a
ṁeáḋoin aoise, agus laeṫe a aoise foir¬
fe, 'nuair a ḃí sé ag treoruġaḋ agus ag
stiúraḋ muntir na h-Éireann ċum saor¬
saċta a g-creidiṁ; sé sin, saorsaċta,
no cead, Dia an Uile ċúmaċtaċ a áltuġ¬
aḋ agus a aḋraḋ mar rinneadar fíor-
ċlann na h-Éireann roiṁe seo.
San t-Sean-Reaċt buḋ ṁaiṫ leis na h-
Iudaiġiḃ breaṫnuġ'ḋ in a n-inntinn air
Ṁaois a ḃí 'na ṫreudaiḋ agus na ċean¬
airt orra, agus mar ḟear a ḃí aca in
áit Dé ag taḃairt dóiḃ coṁairle air an
m-bealaċ buḋ ċóir dóiḃ siúḃal os cóṁ¬
air Dé, agus air an móḋ ḃí ceart a aiṫ¬
eanta agus a ḋlíġe naoṁṫa ċoimeud a¬
gus a ċoiṁlíonaḋ. Is mar seo ḃí sé air
feaḋ bliaḋanta le pobul na h-Éireann.
Ḃí a súile ag dearcaḋ air Ṡeáġan Mac
Héil, Áirdeaspog Ṫuama, mar ṫreudaiġ
agus mar ċeannairt ó Ḋia, — fear fair¬
e in gaċ gáḋ agus in gaċ ċúis acranaċ
aiṁréiḋteaċ a ṫainic. Is mar seo ḃí sé
aig muintir óig na h-Éireann a d' éiriġ
suas le fiċe bliaḋain, agus is mar seo
a tá sé i láṫair i measg fíor-ċlainne na
nGaeḋeal . Ḃeir Spiorad na Fírinne
coṁairle dúinn na fir measaṁla, treun¬
ṁara, ġlórṁara, agus ar n-aiṫre ṁóra
a ċuriḋ róṁainn in a n-am féin a ṁol¬
aḋ; fir a riġne neiṫe iongantaċa, agus
aig a raiḃ cáil ṁór agus eagna ṁór ins
a n-am ag sáḃalaḋ agus ag stiúraḋ ċum
cuain na síoṫċána agus na maiṫeasa
na muintire a ḃí faoi na sgáṫ agus
faoi na d-treoir.
An Tarḃ agus an Gaḃar.
Mionḟoclóir
Aċran, dispute, difficulty; aḋarcaiḃ,
pl. of horns; aiṫḃeul, regret; aṁáin, on¬
ly; aṁarc, sight; steaċ, within; ḃeiṫ,
be; bíḋeaḋ, let be; buaiḋireaḋ, trou¬
ble, tribulation; buntáiste, advantage
cóṁarsanaiḃ, d. pl. of neighbor; cuas,
a cave or den; diṫfir, difference; eid¬
ir, between; faitċíos, fear, ; fiaḋáin,
wild; gaḃar, goat; goirid, short space;
mianta, desires; músgailte, awakened;
roṁat-sa, before thee (emphatically);
saoil, think; suaraċ, despicable; tarḃ
a bull; tosuiġ, commence; taisbeán¬
fad, I shall, or will, show; tóigeann,
takes, lifts.
Do riṫ Tarḃ noċ do ḃí leanuiġṫe le
leon i steaċ i g-cuais in a n-neárnaḋ Ga¬
ḃar fiaḋáin a áras. Air a ḃeiṫ músg¬
ailte do 'n Gaḃair do ṫosuiġ sé pocaḋ
an Teirḃ le na aḋacaiḃ. "No saoil,"
air s'an Tarḃ, "ma ċuirim suas leis so
anois, gur roṁat-sa tá faitċíos orm.
Beiḋeaḋ an leon aċt aṁáin os ar n-aṁ¬
arc, agus taisbeánfad duit go goirid
an diṫfir eidir Tarḃ agus Gaḃar."
Daonċon.
Tóigeann daoine suaraċ buntáiste
air aċran a g-cóṁarsanaḋ le buaiḋir¬
eaḋ a ċuir orṫa, aċt tiocfaiḋ an t-am
a m-beiḋ aiṫḃeul orṫa faoi na n-droċ-
ṁiantaḋ.
THE BULL and the GOAT — Translation.
A Bull being persued by a Lion, fled in a
cave where a wild Goat had taken up his abode.
The Goat upon this began molesting him and
butting at him with his horns. "Don't suppose,"
said the Bull, “if I suffer this now, that it is you
I am afraid of. Let the Lion be once out of sight
and I will soon show you the difference betwen a
Bull and a Goat.
Mean people take advantage of their neighbors
dificulties to annoy them; but the time will come
when they will repent of their insolence.
Miss Edmonia Lewis, the colored artist, has just
modeled a statue of the Blessed Virgin for the
Marquis of Bute.
