200
AN GAOḊAL.
TOMÁS O'NÉILL RUISÉAL
CAIṪEAḊ DROĊṀEAS AIR
NA DAOINIḂ ATÁ CONGḂÁL
SUAS NA SGOLA GAEḊILGE
'SA TÍR SEO.
San g-ceaṫraṁaḋ uiḃir de Irisleaḃ¬
ar na Gaeḋilge i m-Baile-áṫ-ċliaṫ, tá se
sgríoḃṫaḋ faoi láiṁ Ṫomáis Ui Néill
Ruiséil. — "Siad na daoine ba ḃoiċte in
Éirinn a tá congḃáil suas na sgol Ġaeḋ¬
ilge ins an America."
Ní ḟeudóċ'ḋ inntleaċt an diaḃail
éiniḋ níos éifeaċtaiḋe a ċumaḋ
le na sgoláiriḋe a congḃáil ó na sgoil¬
iḃ Gaeḋilge 'ná 'n ráḋ sin dá m-beiḋeaḋ
se fíor Aċt deir an sean ráḋ, "An
muileann a ḃiḋeas a síor-ṁeilt meilean
sé mín 'gus garḃ." Aonduine a ḃeiḋeaḋ
a láṫair i sgoil an treas-ṡráid-deug in
Eaḃra Nuaḋ, an oiḋċe ċeana, agus a d'
ḟeiceóċaḋ an cruinniuġ'ḋ breáġ, meas¬
aṁuil fiúḋantaċ a ḃí ann, (agus ḃí seis¬
ean ann an oiḋċe ċeudna) déaróċaḋ sé
leis. "Ṫug tú h-éiṫeaċ," agus
déaróċaḋ sé an ḟírnne. Ní ḟacaiḋ sinn
aonduine sa g-cruinniuġ'ḋ sin a ḃreaṫ¬
nuiġ níos suaruiḋe 'ná é ḟéin, agus tá¬
maoid cinnte náċ raḃ aonduine eile ann
a ṡuiḋeóċ'ḋ síos i measg cóṁluadar
geanaṁuil agus a ṁaslóċ'ḋ an cóṁlua¬
dar sin air ċúl a g-cinn! Ní ṫiocfaiḋ
'na daoine ba ḃoiċte in Éirinn" in aice
na sgolaiḃ Gaeḋilge, óir is coitċíonnta
gur b' ṡiad na daoine buḋ ḃoiċte in Éi¬
rinn is saiḋḃre in America, do ḃriḋ go
n-dearnaiḋ siad gaċ h-uile ċineál oibre,
go fiú glanaḋ an tiġe ḃig, leis an saiḋ¬
ḃres sin a ḋeunaḋ. Ní ṫiocfaiḋ siad
seo in aice na sgola Gaeḋilge le fait¬
ċíos go h-aiṫnóċaḋ a g-cóṁursanaḋ cia
h-ṡiad. Siad na daoine a tóigeaḋ go
maiṫ in Éirinn atá congḃál suas na
sgola Gaeḋilge sa tír seo. Is maiṫ leo
measgaḋ i measg a g-cóṁursanaiḃ óir
ní'l éiniḋ aca le ceilt; aċt an ṁuintir
ṫáinic ó n-dadaiḋ sa m-baile 'siad is
poirteaṁla inseo.
D-taoḃ oideaḋ na Gaeḋilge, agus an
droċ-ṁeas is mian leis i ċuir orṫa, tá
a leitir ḟéin lán de loċt. Séideann
sé a aḋarc ḟéin, aċt gan toraḋ.
An Ċraoiḃín Aoiḃinn do ċan.
A stóirín, mo ġean a's mo ġráḋ
Do ṫugas mo ġráḋ ḋuit gan ḃréig,
A g-cóṁnuiḋe gaċ oiḋċe 'gus lá,
'S do ḃuaċaill boċt cráiḋte ná
tréig.
Mo ṁilleaḋ mar so, leat, a stóir
Ní ceart a's ní cóir é a rúin :
Mar d'ḟág tú mé taomaḋ na ndeor
Gan codlaḋ no fóiriġin no suan.
A n-urraiḋ; buḋ lonnraċ an ġrian,
— Is maiṫ a ċuiṁniġim an lá, —
Lá fóṁair — an lá sin do líon
Mo ċroiḋe-se le iomarcaiḋ gráḋ.
Ḃí na punnainn go lán-apuiḋ buiḋe,
'S buḋ d'a g-cengailt do ḃí tú go
cruinn,
Nuair loit tú go dona mo ċroiḋe
'S gan leiġeas do ḃí sé ó ṡoin.
Is é deir an t-eun air an g-craoḃ
Gur ab aoiḃne mo ġráḋ 'ná an
doṁan,
Agus tá an sgeul ceudna 'g an iasg
Mar ċiḋ sé do scáile 'san aḃainn.
Aċt is é deir mo ċroiḋe-se liom féin
Go ndearnuiḋ tú leun liom a's
scrios;
'S muna ḃ-fuiġfiḋ me suaiṁneas ó
'm ṗéin,
Is cinnte go n-eugfuiġ mé leis.
Ó'n uair do ċonnairc me ṫú
Do ċaill me mo ṡúgraḋ 'smo ṡóġ
Ní'l caḃair a g-caoineaḋ go buan
Agus cosgfad gaċ sugraḋa is mó.
Aċt fóiriġin ó ḟlaiṫeas le fáġail
Impiġim go h-árd a's go buan,
Caḃair a's fóiriġin ó ġráḋ,
Suaiṁneas a's sásaḋ a's suan.
A large number of subscribers have
ordered Connelan’s Dictionary: we can
not supply it henceforth as there are no
copies to be had, that we see, except a
few we have bespoken for those whose
orders have been already received.
Owing to a special request to print
Aesop's Fables, we have to hold over
Mr. O’Reeffe's Éire and other matter.
