AN GAOḊAL.
206
CAITLÍN TIRRIALL.
Is main liom tráċtaḋ air gaċ niḋ
le stuaim,
Agus is miṫid liom traċtaḋ air
Ċitiḋ na g-cuaċ,
'S í an planda breáġ leinḃ ta saoi¬
ṫeaṁuil, 's suairc,
A's a saṁuil ní ḟacas a m-bailtiḃ
na d-tuaiṫ,
'Sém' ċreaċ ṁaidne na'r fagaḋ mé
Air ḃruaċ loċa Eirrill le Fáinne
an lae!
Mar ṡúil go ḃ-faġainn aṁarc air
Ċitiḋ na g-raoḃ,
Mar do ċualuiġ mé teastas ḃre¬
áġaċta a sgéiṁ.
'Sé mo leur-ġuirt mar ċonairc mé
dúḃaċ no peann,
No do ċúl breáġ, triopallaċ, fáin¬
neaċ fionn. —
Dá d-tóigeaḋ an tiġearna Easboig-
si láiṁ ós mo ċionn
Ḃeurfainn Ċitiḋ an staid-ḃean
ṫar sáile liom:
Is gile í na 'n eala, 's is deirge í na
'n ġrian,
Is binne í 'na g-cualaḋ me de ceol¬
tiḃ ariaṁ,
Ní'l aon teaċ-leanna reaca fá 'n t-
sráid seo ṡiar,
Naċ n-ólfaiḋ mé slainte Ċaitilín
T'riall.
Is truaiġ naċ ḃ-fuil me-si agus Cit¬
iḋ ḋeas, ċaoin,
Fa ċúl an toim ċuilinn go n-ólfa¬
maois braoin,
Mar ṡúil le Dia díleas go d-tóig¬
finn a croiḋe,
A's go d-tiuḃrainn a ḃaile ó na
maṫir liom í;
Léiġ mé do litir amuiċ air 'n tsliaḃ
Ba binne í 'na iomad de ċeoltiḃ
siġe,
Pairt ṁór dem' ċruaḋtan, gur leat
ċaill me mo ċiall. —
Is mór i n-aġaiḋ d'anama é, Ċait¬
ilín T'riall.
BEUL-AṪ-ṠAMNAIS
Fonn — Ṗoirt-Gordon.
A Ṁáire, ġráḋ, is tú tá'm ċráḋ
Oċ! taḃair do láṁ go dlúṫ ḋam!
'S gur dual ḋam buaḋ na cóige d'
ḟáġail,
Go bráṫ na deun me ḋiúltaḋ!
A ċuil na n-dual, sé mo ċúṁaiḋ go
buan,
Naċ ḃ-fuilim leat fuaiḋte a g-
cleaṁnais,
Béiḋead go duairc fa ṡíor-ġruaim
Ma ḃíḋir ḃ-fad uaim-se annsaċt.
A ḃlaiṫ na g-caor, o ṫárluiġ mé,
Claóiḋte tréiṫ le greann duit,
Tar faoi mo ḋéiġin, a rún mo ċléiḃ
'S taḃair gráḋ gan ċlaon gan ċam
dam. —
Faraor geur! 's me 'n ceann gan ċéill
'S do ċóṁairle m' aṫar níor úṁ¬
luiġeas;
'S gur b'é cóṁraḋ déiġeannaċ dúḃ¬
airt se liom,
Tréig-si Beul-aṫ-ṡaṁnais.
Aċt ṫug me gráḋ do d' ċúilín bán,
Air ċúl an ġáirdín pónaire,
Dod' ḃéilín tlaiṫ, mar ċúḃar na tráġ¬
a,
'S do d' ḋá gruaḋ ḋearg mar
ċaorċon;
Dod' ḃeul is binne ná'n ċuaċ air bile,
'S na ceileaḃar caoin na n-eunla,
Mo leun 's mo ṁilleaḋ! gan mé 's
tú ċumainn
Ag eulóġaḋ le na ċéile.
A ġráḋ 's a rúin, a n-gluaisfeá liom
Go tír na long as Éirinn?
Ní 'l tinneas cinn, na tuirse croiḋe
Naċ leiġeasfaiḋe ann gan aṁras :
'S tú 'n reult eoluis, ṫar mnáiḃ na
Foḋla
Agus congḃaiḋ féin ó'n mbás mé ;
Oir gan grása Dé, ní ṁairfiḋ mé,
Air an staid-so Beul-aṫ-ṡaṁnais;
ṫásc air ?
— Hardiman's Minst
— Hardiman's Minst
