AN GAOḊAL.
239
NUAḊ EAḂRAĊ,
An dara lá deug luil, 1883.
D'Ḟeareagair an Ġaoḋail.
A Ṡaoi ḋílis :
Do ḃí luaṫġair agus aṫas mór orm,
mar aon le gaċ gráḋuiġṫeoir eile na
Gaeḋilge tríd an d-tír so, nuair do
léiġeas ins na páipeuraiḃ nuaiḋeaċta,
gur ċuir an cruinniuġ'ḋ mór do ḃí aig
an b-páirti tíoraṁuil i Philadelphia go
déiġionaċ mar g-clár in ad-tógḃail "Cú¬
ram teangan agus ceoil na h-Éireann,"
& do ġuiḋeas paidir — níḋ naċ gnáṫaċ
liom do ḋeunaḋ go minic — air son go
raiḃ ar g-cine fa ḋeoiġ aig musgaluġ'ḋ
as a suan: go raiḃ an obair a ḃ-fuil tu¬
sa & do ċó-ṡaoṫruiġṫeoiriḋe le bliaḋain¬
tiḃ fada aig cuir air aġaiḋ aig apuġ'ḋ
ċum toraiḋ ṁaiṫ, & go n-glacf'ḋ an síl Éi¬
reannaċ air feaḋ na móir ṫíre so tair¬
ḃe níos mó ins an obair Ġaeḋilge ná do
ġlac siad ins an t-am a tá ṫart, & mar
sin de, go m-beiḋeaḋ ḃur saoṫar níos
eadtroma ná do ḃí sé.
Aċt tá eagla mór orm go raḃas
meallta go h-olc ins na muiniġiniḃ do
bí agam i d-taoḃ geallta an ċruinniuġ¬
aḋ sin, & go raiḃ focla an ċláir so air
a ḃ-fuilim aig caint "folaṁ," & naċ raḃ
ionnta aċt boíġte a ḃí caiṫe amaċ le
beulaiḃ na n-daoineaḋ a tá aig oibriuġ¬
aḋ i g-cúis na Gaeḋilge do ċongḃail
dúnta, mar do caiṫfeaḋ duine greim
feola, ċum madaraiḋ duḃailceaċ le na
ċonġḃail ciuin. Ó am an mórḋáil sin
go d-ti an lá a n-diu do léiġeas gaċ fo¬
cal do laḃair gaċ oifiġeaċ de'n Ċon¬
raḋ Úr, ó'n Uaċdarán síos, aig súil
go n-dearfaḋ siad niḋ éigin air son ar
dteangan do ġealladar do ċúmdaċ & do
scabaḋ , aċt ní feasa liom gur ċualas,
no gur ċonnairceas cloḋḃuailṫe uaṫa
aon ḟocal do ḃeurfaḋ le taisbeánt do
na ndaoiniḃ go raḃadar ionnruic ins
na gealltaiḃ do riġne siad de ṫaoḃ
na Gaeḋilge.
Do b'ḟéidir, a Ṡaoi, go ḃ-fuilim mí-
ċeart ins na m-ḃaraṁuiliḃ so, nó go ḃ-
fuilim ro-luaṫ ag laḃairt amaċ air an
g-ceist. Ma táim guiḋim maiṫeaṁnas
na n-ḋaoineaḋ a táim ag masluġ'ḋ, aċt
'nuair d' ḟeicim iad ag brosduġ'ḋ gaċ
oibre eile noċ do ċuireadar riompa
gan níḋ airbiṫ do ḋeunaḋ air ṡon na
Gaeḋilge ní'l neart agam air na smuain¬
tiḃ so.
Ma táim-se mí-ċeart, is fearr mar
sin é; aċt muna ḃ-fuilim — má tá mo
ḃaraṁuil air an áḋḃar ar ċuir siaḋ
"Cúram teangan & ceoil na h-Éireann"
riompa, sin é, le cosg a ċur air an muin¬
tir do ḃeiḋeaḋ réiḋ le clampar airbiṫ
a ċuir orrṫá, is cóir iad do ṫaisbeánt
suas do'n doṁan ṁór, óir in áit a ḃeiṫ
'na b-páirti tíoraṁuil ! mar glaoiḋ¬
tear orrṫa, do ġlacadar duilleóg as
leaḃar na Sacsan, a adṁuiġeas a gcóṁ¬
nuiḋe go ḃ-fuil an ċneaḋ insin agus a
ġeallas ceirín do ċuir leis, aċt a leig¬
eas do'n ċneaḋ meuduġ'ḋ, gan ċoḃair
airbiṫ do ṫaḃairt ḋó.
Ná bíḋeaḋ Éireannaiġ níos faide ag
scálfartaḋ air Saċsannaiḃ, ag ráḋ go
ḃ-fuil siad aig díbirt na Gaeḋilge, oir
measam go ḃ-fuil náṁaid níos measa
níos goire do 'n m-ḃaile — táid ameasg
ar g-cine féin, ag treorúġ'ḋ na ndaoin'ḋ
boċta le greim sróna, mar scata caor¬
aċ ar ċeann sreangáin.
Is cóir do gaċ Cumann Gaeḋilge san
d-tír seo gnioṁ eigin do ġlacaḋ gan
ṁoill air an g-ceisd so, agus fios cinn¬
te d' ḟáġail ma tá mian aig treoiriḋ¬
iḃ na n-Éireannaċ a n-geallta do líon¬
aḋ go d-ti an litir, agus muna ḃ-fuil,
gan gnúis airbiṫ a taḃairt do 'n ḃpáir¬
ti do "ḋíol" iad, agus a g-caiṫeaḋ ṫar
ḃord mar iarrain teiṫ as láṁ doiġte.
Ag súil, a Ṡaoi, go n-glacfair an
ċeist so a láiṁ, agus go laḃarfaḋ tú
go h-árd, & go neaṁ-eaglaċ air son
ceart ar d-teangan.
Is me, go measaṁuil,
"Padruic."
The Gael can now be had of all
news-dealers at five cents a copy. If
your news-agent makes any excuse,
say he can get it through any of the
news agencies; or send sixty cents to
us and it will be mailed to you one year
