AN GAOḊAL.
251
a ċlos go b-fuil aon neaċ ċo dibliġ 'sa tír
seo is go mbeiḋeaḋ sé glacaḋ & ag léi¬
ġeaḋ do ṗápeir in aisce le oċt míosa
deug gan a luaċ a ċur ċugad, Breall
airfan & air a leiṫide. Aċ mo lom, tá
a ċineál iomaduil sa tír seo, smisdiḋe
breaġ greagaċ, breugaċ, gleusda, cab¬
aċ, a ḃ-fuil an doṁan le raḋ acu cread
naċ n-deunfaidís ar són maiṫis a d-tí¬
re & a d-teangan, aċ sin a ḃ-fuil anntu:
bolsgaireaċt. Dá mbeiḋeaḋ maiṫ dam
a ráḋ leat, dearfainn taḃair cuir'ḋ do
na spreasáin so fanaċt uait & congḃaiġ
do Ġaoḋal do'n ṁuintir a íocas air a
ṡon, oir da ġ-cuirfea oideos na cruin¬
ne asteaċ in a g-cloigne ba smisdiġe
iad 'na ḋiaiġ sin gan ḃail agus ní fiú
iad a múnaḋ. Duḃrais a n-deire do
leirḃreaṫnuġ air mo leitir a d-daob na
sgoláiriḋe. — "Aċ tá faitċíos orṫa air
ġearrṁadgaḋ daoine d'a ṡórt-san."
Fáġaim loċt air an ráḋ sin ṡuas uait
Fo naċ d-teiṫeann an leanḃ an teine no
go n-dóitear é. Maiseaḋ níor deunaḋ
gearrṁagaḋ no fonóiḋ fút féin no fa
do sgoláiriḋe 'sa n-Gaoḋal ó cuireaḋ
air bun é & tuige mar sin a mbeiḋeaḋ
faitċíos orṫu sul do fuairid áḋḃar ?
Saoilim gur iontuigse le gaċ aon go ḃ-
uilim ceart annso. Agus cad is gear¬
ṁadaḋ? — sarcasm. Cad is sarcasm?
Seo ó a ḃunaḋ & a ṁíniuġ. — sart, sarcos
Gr., flesh, feoil, & sciero, Gr., to tear
or bite like a dog, do strócaḋ no do
ċreimeaḋ mar ṁadaḋ; sarcasm, Gr.,
ridicule, irony, scorn taunt &c. Níor
ṡil me gur ṫugas iarraċt air an ḟeoil-
ċuma seo a ṫaḃairt ort féin no air do
scolairiḋe, aċ ḃuḋ é mo rún siḃ araon
a spreagaḋ & a ġríosuġ innos go ḃ-feic¬
finn leasuġ no coirriġ eicint air an n-
Gaoḋal naċ ḃ-ḟacas fós orṫi, or 's
dóiġ go léiġfiḋ an Gobán Saor do Ġao¬
ḋal ó seo amaċ, & ní in aisce no air
iasaċt aċ béiḋ a luaċ in do ṗócaḋ sul
da ċiḋfiḋ se siollaḋ ḋi. Ní le fonn siḃ
a ṁasluġ aċ ar m-ḃrostuḋ a ṫuir me
aiġneas oraiḃ. Ḃí ḟios agam go raḃ tú
féin & Éaḋmond cliste go leor in ḃur
b-pairt féin a ṫógḃáil, & ḃí iongnaḋ
orm an uair naċ ḃ-gacas ainm Éaḋ¬
muind in eanḟaċt leat.
Aċ muna ḃ-fuil Émond abalta frea¬
gra a taḃairt air an n-Gobán is fonn
liom naċ ḃ-fuil muid in a leiṫ, oir ta
O'Caoiṁ eile againn 'sa tír seo, & go
mbuḋ buansaoġalaċ, slán & sona é in
ar measg; croiḋe na féile & an ḟiún¬
tais. Fear & ainm da'r ḃuḋ dual a
ḃeiṫ 'nna sgoláire anois & in sa n-am
a ċuaiḋ ṫart: an sar léiġeanta ċeann-
sa, Daiḃiḋ O'Caoiṁ. Is iomda fear &
cailín a ċuiṁniġeas air a ċoṁráiḋte
greannṁara, a iomċar deaġḃeusaċ, &
a ṁiantiġeas iad a ċlos & a ḟeicsint
arís in a measg mar go snaṫaċ leo am
aon in sa m-Boṁerġ. Anois fuair tú
loċt orm fa ḋó in do ṗaper do ḃríġ
nar ṫugas mo ḋilainm féin duit le mo
leitir. Cia 'n ċall a ḃí agad leis seo?
Ní me an ċeud duine a sgríoḃ fo sgaṫ
ainm aṫraċ. Ḃí m' áḋḃar féin agam
agus seo é — Ní'lím eolgaċ air
ṫeanga boin mo ṁuintire a laḃairt no
a sgríoḃa mar buḋ ṁaiṫ liom agus mar
sin ní'l suim agam a ḋul fo ḋein an
ṗobail an uair naċ ḃ-fuilim. Dar liom
go g-cluinim ṫú 'ga ráḋ naċ ḃ-fuil ann
seó aċ leiṫsgeul. Biḋeaḋ sé mar sin,
tá fios m'easḃaḋ féin agam ċo maiṫ le
dúine eile.
An Goban Saor.
NUAḊ EAḂRAĊ.
An t-Oċtṁaḋ lá deug Lúġnása, '83.
D'Ḟear-Eagair an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ḋílis:
Do léiġeas ins an uiḃir déiġionaċ de'n
Ġaoġal do ċuireaḋ ċum scoláiriḋe na
Gaeḋilge, aig iarraiḋ orra litreaċa do
scríoḃaḋ ċum do ṗáipéir. Tá luaṫġáir
orm faoi so, & measam gur ḃuailis an
nóta ceart ins an g-cuireaḋ sin. 'Nuair
do ċuiris air bun do ṗáipeur air d-tús
do ṡaoileas go m-beiḋeaḋ mórán de h-
aos óg na h-Éireann ins a tír so, aig
sgríoḃaḋ ann, aċt feicim anois naċ ḃ-
fuil sé mar sin, & go ḃ-fuilid an-ṁall
aig teaċt amaċ. Tá scoláiriḋe go leor
aig fóġluim na Gaeḋilge ins na scoiliḃ
ṫríd an tír a tá aċfuinneaċ niḋṫe do
scríoḃaḋ ċugad go maiṫ, aċt ní ḋeun¬
