AN GAOḊAL.
259
"Cad é an ċaoi fuair tú do ṫalaṁ
air d-tús?"
Is forus an freagairt, "Le armaiḃ
fuair me
Mo ṫalaṁ, 's le armaiḃ congḃóċaiḋ
me é."
'S ma's Éireannaċ é, fiafróċaiḋ
me 'ris
"Cad é an ċaoi tá 'gad do talaṁ
anois?"
"Ṫug m'aiṫreaċa congnaṁ do Ṡaċ¬
sain air d-tús,
'S d'ḟág Sacsa leo-san a d-talaṁ
mar duais."
Ná bioḋ feasta aon iongantus ort,
Ní'l ins an oileán so aċ an da ṡórt,
'S í muintir an t-Sacsanaiġ máiġis¬
tir aniuġ,
A's muintir an Éireannaiġ rinne
feall duḃ.
Dearc air a n-gníoṁarṫaiḃ 's aiṫne¬
óċaiḋ tú
Millteaċt na d-tiġearna atá 'gainn
andiu,
Is cuma leo cúis agus impiḋe na
m-boċt,
B'olc na sean-aiṫreaċa, 's measa a
slioċt.
Ní'l ins an oileán so aċ an da ṡórt,'
'S gaċ meas a's onóir is nádúrḋa
do ṫaḃ'rt
Do ḋaoiniḃ mór' uaisle tíre air biṫ
Doiḃ-sion feasta diúltóċamaoid í.
Is forus liom cúis an oileáin so do
ċur
Ann aon ḟocal geárr, agus cuiṁniġ¬
iḋe air,
AIa's maiṫ leis an "Tiġearna aon
ġnóṫaṫ air biṫ,
Is olc an rud sin le fear atá faoi.
Is maiṫ le na tiġearnaiḃ sin Sacsa
ḃeiṫ slán,
Aċ leis na daoiniḃ go coitċionn, 's
gráin,
Boċtáin na talṁan — is truaġ a rioċt,
Tiġearnaiġe na talṁan — ag brúġaḋ
na m-boċt.
Boċtáin na tire seo — ceiṫre milliuin,
Faoi ċúmaċt na d-Tiġearna a m-boċ¬
tanus ḃuan,
Giġearnaiḋ na tire seo — míle no ḋó,
Ag congḃáil na milliuin, a sgláḃuiġ¬
eaċt 's anró.
Boċtáin na tíre — ag íocaḋ cíos'
Tiġearnaiġe na tíre — dá ṡluġaḋ é
sios,
Boċtáin dá ċóṁnuiḋe — 'na d-talaṁ-
san féin,
Tiġearnaiġe dá cóṁnuiḋe — gaċ áit
faoi an gréin,
Na Tiġearnaiġe — dá ċáineaḋ a d-
tír-ne go léir,
Na daoine — le fíor-ġráḋ na g-croiḋ¬
ṫiḃ d'a d-tír,
Na tiġearnaiġe — gan meas air na
daoiniḃ boċt' sin,
Na daoine — gan meas air an droing
ós a g-cionn.
Ní ṫig liom a ḟeicsint 's ḃeiṫ fana¬
ṁuin am' ṫost,
Freagair anois, agus cuirfead ort
ceist,
"Da m-bainfíḋe na ceiṫre milliuin
uainn aniuḋ?"
"Ní ḃeiḋeaḋ an náisiún aċ na ḟásaċ
lom duḃ."
"'S dá m-ḃainfiḋe na Tiġearnaiġe
sin, míle no ḋó,
'Sna daoine ḃí fúṫa go fóil a ḃeiṫ
beo?"
"A Ḋé! is in sin do ḃeiṫ seun agus
sóġ
Do ḃeiṫ saiḋḃreas as áḋ san oileán
so go deo."
Na Tiġearnaiġe 's na Daoine! an
Neart a's an Ċeart!
'S ní iomċaraiḋ an t-oileán (ní ṫig
leis) an ḃeirt,
Cia 'ca is fusa mar sin do sparáil?
Cuir fiaċ agus díbir na Tiġearnaiġe
air fán.
Tiomáin agus ruaig na Tigearnaiġe
amaċ,
An ṁuintir sin ṁillteaċ do rinne
ar g-creaċ,
An ṁuintir sin ṁillteaċ do rinne
ar g-ċráḋ,
Agus seinnfimid, glaoḋfamaoid, Éi¬
re go bráṫ.
Ní'l Éire indiu mar ḃí sí in-dé,
Gaḃamoid, glaoḋamoid seinnfimid é,
A misneaċ i meuduġ' ag éirġe gaċ lá,
Sláinte geal Éireann, seinn, Éire
go bráṫ!
