﻿262
AN GAOḊAL.
stone to me. 9. he is a stone-cutter.
10. I have a true friend.
Mr. WARD'S Letter.
Phila., an 10aḋ lá ḋe'n 9aḋ mí, '83.
Do Ċloḋaire an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Onorrċ. — "Ní maiṫ sgríoḃ
gan oideas," deir an sean ḟocal, & is
ceart, ciallṁar an ráḋ é. Níor ċóir
dam air an áḋḃar sin iarraċt air biṫ
a ḋeunaḋ ċum leitir a sgríoḃaḋ ċugat
no peann a ċuir i n-dúḃaċ air a leiṫid
a ócaid no go m-beiḋinn n-ionad a ḋeun¬
aḋ mar bud ċóir. Aċ ċuir tú cuireaḋ
air do léiġṫeóiriḋe go h-uile, in uiḃir
mí na Lúnása, sgríoḃaḋ ċugat, & táim
cinnte naċ m-beiḋ tú magaḋ faoi loċt¬
aiḃ na leitire seo; go m-beiḋ tú foiġ¬
ideaċ liom & toilteaċ ċum cuideaḋ &
coṁairle a taḃairt dam.
Léiġiḋ me leitir "Ṗadruic" ins an ui¬
ḃir ḋéiġionaċ & is ciallṁar stuama an
leitir í & an ċoṁairle ḃeir se do ḋaoi¬
ne fóġluma & do'n ṁuintir a tá 'g foġ¬
luim na Gaeḋilge. Ní'l aon ḟear sa tír
indiu a mḃ'ḟeárr leis an Ġaeḋilig d'
ḟeicint faoi ṁeas, no beiḋeaḋ níos
luaṫġáiriḋe AN GAOḊAL eicint leiċ¬
idiġṫe & neartuiġṫe 'ná mé. Air an áḋ¬
ḃar sin, air do ċuireaṁ, & leanṁuint
cóṁairle 'Ṗadruic," cuirim ċugat na lí¬
niḋ seo le uċtaṫ taḃairt do scoláiriḋe
eile ; le tasbáint dóiḃ naċ ḃ-fuil áḋḃar
eagla do ḋuine airbiṫ a loċtaiḃ a ċuir
faoi ṡúiliḃ ḋaoine foġlumṫa, óir an
fear foġlumṫa ar fiú a ḋeáġ-ḃaraṁuil
ḟaġail ní ḋeunfaḋ sé magaḋ faoi scol¬
aire boċt mar mé, a ḃíḋeas aig iarraiḋ
é féin a ḃiseaḋ & an fear cliste a ċaiṫ¬
eaḋ droċ-ṁeas orm fa m'easḃaḋ foġ¬
luime ċo ḟad is táiṁ réiḋ, toilteaċ &
díṫċiollaċ ċum biseaḋ, ní duine uasal
é & is cuma liom biḋeaḋ a ḃaraṁuil
olc no maiṫ Ní áil liom tráċtaḋ go
h-olc air ṁuintir ar d-tíre — ta's aig
Dia go ḃ-fuil go leor le trom-ċúis do
cuir oráinn gan mise mo ráma ċuir a¬
steac — aċ deirim an ṁéid seo gan eag¬
la breugaḋ na'r casaḋ 'sa tír seo orm
daoine airbiṫ is mó bród fa ḃeagan
léiġin, & is droċ-ṁeasaṁla air ṁuintir
a d-tíre a tá in easḃaḋ foġluima na
Éireannaiġ iad féin, agus ní coṁarṫa
stuamaċt no uaisleact an níḋ ceudna.
Roiṁ ċríoċnuġ'ḋ caiṫfiḋ me buiḋeaċ¬
as i ṫaḃairt duit fa na foclaiḃ scríoḃ
tú 'g molaḋ Clanna Ṁáird Ṫír-ċonn¬
aill, in d' uiḃir ḋéiġionaċ Tá luṫġáir
orm gur ḟuair tú oiread de 'n treaḃ
fosgailte go leor 's i n- intinn ċum méid
& maiṫeas na h-oibre a ċuir tú róṁat
d' ḟeicsint, agus tír-ġráḋaċ go leor le
cuideaḋ leis an deáġ-obair. Ní'l sé
níos mó 'ná 'n ceart, & is cóir do Éir¬
eannaiġ an doṁain go h-uile ḃeiṫ ḃuiḋ¬
eaċ duit, & aṁarc air 'sa n-dóiġ gur o¬
nóir doiḃ ḃealaċ do ḃeiṫ acu cuideaḋ
leat an obair ṁaiṫ do ċuir air aġaiḋ —
leatsa a ṫug ḋúinn níḋ naċ raiḃ againn
ariaṁ, AN GAOḊAL, an ċeud ṗáipeur
clóḋḃuailte i d-teangain ar sinsear.
Sé seo an dara iarraċt dam ċum
leitir do sgríoḃ ins a nGaoiġilig. Má
ṁeasann tú í ḃeiṫ maiṫ go leor le cuir
ins a leaṫ-ḋuilleog air ar laḃair "Pad¬
ruic béiḋead luṫġáireaċ agus buiḋeaċ,
Do ċaraid uṁal,
Antan Padruic MacṀáird.
PHILADELPHIA,
An Tríṁaḋ Lá Fiċid mí Ṁiaḋ¬
ain an Ḟóġṁair, '83.
Do Ċlóḋaire An Ġaoḋail.
A Ṡaoi. — Ta me a sgríoḃ cúpla lín¬
e ċugat ; glac mo leiṫsgeul mar is se
mo ċeud iarraċt é. Tá me ró iosta
'nois le me féin a cuir air m'aġaiḋ.
Ċonnairc me leitir ó 'n Saoi "Padruic"
ins an nGaoḋal & ḃí bróid ṁór orm
air an g-cóṁairle breáġ ḃí innte. Da
gniḋeaḋ na scolairiḋe maiṫe cuideaḋ
leis an muintir naċ ḃ-fuil fóġlumta
innte ḃeuraċ se misneaċ díoḃṫa in a
n-obair a ċuir air aġaiḋ. Tá dúil ag¬
am, le congnaṁ Dé, go g-caillfiḋ siad
an naire ṁór a tá orra ; deunfaiḋ
mé féin mo ḋiṫċioll, & ta dúil agam
go n-eíróiġ liom.
Is me, go measaṁuil, do ċara,
PADRUIC Ui CUNNELLA,
