AN GAOḊAL.
263
"Támaoid uile óg ins an nGaeḋilig fós."
Libertiġ, Condae Claiġ Missouri'
An dóṁaḋ lá deug do seaċt
Ṁíosa, '83.
Do Ċlóḋaire an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ḋílis :— Is mian liom, má's
se do ṫoil é, focal a raḋ a d-taoḃ an
leitir noċ do sgríoḃ "Paḋruic" ins an
uiḃir ḋéiġionaċ de'n Ġaoḋal. Ḃí bróid
ṁór orm 'g a leiġeaḋ. Go deiṁin, tá
luaṫ-ġáir ṁór orm faoi. Do sgríoḃ se,
a d-taoḃ an Ġaoġailge, mar is cóir do
gaċ duine, — céilliḋ agus tuigsinte.
Leis an ḟírinne a raḋ leat, ní ṫigim
féin go maiṫ an Ġaeḋilge, aċt, go cinn¬
te, ní féidir liom, ní féidir le duine
eile do ṫigeaḋ muna n-deunfiḋ siad
iarraċd. Is cóir dúinn, mar duḃirt
"Padruic," ar n-guala a ċur leis an ro¬
ṫa agus é ḋeunaḋ ċo maiṫ is féidir linn.
Do rugaḋ me ins a tír so, agus, air
an áḋḃar sin, ní'l fios agam go réiḋ air
gaċ briaṫar ṫárlas orm i g-ċóṁraḋ, &
ní féidir liom an Ġaoḋailge do laḃairt
no do sgríoḃ go maiṫ. Aċt ceart no
mí-ċeart, is sé mo ṫoil diṫċioll do ḋeun¬
aḋ, oir is sé mo ḃaraṁuil d'ḟaġail
ó ḟoġluim ṫeagasg eile naċ d-tig le
duine do ċéimnuġ'ḋ go deo gan iarr¬
aċd. Is cúma liom na daoine a tá foġ¬
lumṫa 'san d-teangain ḃeiṫ aig magaḋ
air m' obair. Adṁuiġim naċ ḃ-fuil me
aċt leanḃ ins an obair so, agus isliġim
me féin i g-coṁnuiḋe ċum eoluis d'ḟaġ¬
ail. Tá fios agam gur, go cinnte, is
iomaḋ iad, a scapaḋ triḋ an tír so, a
tá aċfuinneaċ neiṫe do sgríoḃ ċugad
go maiṫ, aċt ní ṫig liom-sa aon faṫ a
taḃairt air a d-tosd. Tá dóṫċus lai¬
dir agam, go mosgaileóċaiḋ siad as a
d-trom-ṡuan, agus go n-deunfaiḋ siad
cad is feidir leo. Is cóir díoḃṫa go
mór-ṁór leitreaċa do sgríoḃaḋ ċum an
Gaoḋal ó am go h-am ionnos go g-cuir¬
fiḋ an fear-eagair níos mó Gaeḋilge
'san n-Gaoḋal na ḃiḋeas ann.
Do sgríoḃ me féin air éigin, aċt tá
rún agam, mar so, do sgríoḃaḋ go
ceart. Laḃair amaċ, a ċaraide an
Ġaoḋail, agus taḃair dúinn do ċong¬
naṁ. Mar duḃairt "Padruic," támoid
uile óg ins an Gaeḋilge fós ; tamaoid
mar ḋaoine ag fóġluim snáṁ, agus is é
so mo ċeud iarraċd. Tá ḟios agam go
maiṫ go ḃ-fuil se faon agus boċt.
Ag súil, a Ṡaoi eagair, go ḃ-fuil tú
sláinte ṁaiṫ agus, ó mo ċroiḋe amaċ,
go raiḃ ar d-teangan ṁín, ṁilis, ṁaṫ¬
ara faoi ṁeas fós.
Is me, go measaṁuil,
LEITIR-ṠEAN.
Mr. CUMMING'S LETTER.
CNOC NÓ SCIAĊ,
Condae Randolph, N. C
Tríṁaḋ lá Fiċead do Lúnasa, 1883.
Clóḋaire an Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ḋílis — Anns a leitir so cuir¬
im ċugad trí fiċead piġinn air ṡon an
Ġaoḋail air seaḋ bliaḋana. Tá áṫas
mór orm a leiṫid de ṫeagastóir a ḟáġ¬
ail in mo láṁaiḃ. Mo truaiġ naċ ḃ-
ḟuair me leiṫid an Ġaoḋail mórán aim¬
síre ó ċoin; d'a ḃ-fáġainn do ba ṁó m'
ḟios air ṫeanga mo ṫíre 'na tá agam.
Saoileann mórán de na h-Éireann¬
aċaiḃ ins i tír so gur mór an droċ-
ṁeas orrta an Ġaeḋilge laḃairt — tean¬
ga a sinsear! Aris déirfiḋ siad, "tean¬
ga marḃ í." Níor ḃ' iongnaḋ í ḃeiṫ
marḃ mar raḃ le na coṫuġ'd aċt a lei¬
ṫidiḃ sin. Dá m-beiḋeaḋ siadsan marḃ
ḃa ḃeag an truaiġe iad. Mo leun naċ
g-clóḃuaileann tú an Gaoḋal gaċ seaċt¬
ṁain in áit gaċ mí. Cuir agam an
Gaoḋal in seo no go d-tuguiḋ mé ord¬
uġ'ḋ ḋuit a ċúr go baile fosta eile,
mar naċ ḃ-ṗuilim aċt úraċ ins i tír so.
Fuair me páipeur na Lúnása, agus
tá súil agam naċ d-teiġ aon ċeann aca
air seaċrán no go g-cíoċnóċaḋ tú an
"Siota s Ṁáṫair."
Do Ċaraid ṁeasaṁuil,
Tomás O'Commáiġin.
Every Irishman should get a copy
of the Dublin Gaelic Journal, its price
is only six shillings a year. It and the
GAEL are the only papers published in
the Irish Language.
