﻿264
AN GAOḊAL.
AN SIOTA sa ṀAṪAIR.
Leantaḋ.
Collated by E. O'KEEFE. N. Y. P. C. S.
Más dos na m-boċt do ċeapag na flaiṫis mar
saoirseaċt!
No más áit é go ḃ-fuil mórán bainne 'gus biaḋ ann!
B'ḟeárr ḋuit-si ṗreab ann air maidin nó aon oiḋċe ;
Ná ḃeiṫ bailliúġ'ḋ na déirce air fuid na d-tíorṫa. —
An Ċailleaċ.
A ḋailtín smeirle malluċt mo ċléiḃ duit,
'N aṁla ṁeasair dam ṗreaba do léim ann?
Na naoiṁ, nó na h-abstolaiḃ, nó na cléire naoṁṫa,
Ní ṫéiḋeann siad ins na flaiṫis go n-eugair —
An Siota.
Más áit é na flaiṫis naċ ḃ-fuil geata no céim leis;
Nó más áit é go ḃ-faḋainn casa ceann coicíos no
lae as;
Do raḋiann-si go páras le 'n foinneaṁ is aosga.
Aċt le eagla mo ṁasluiġ agus oireasba mo ḃéile;
Fana me sa m-ḃaile aig steala na déirce. —
An Ċailleaċ.
Is áit é na flaiṫis de ṁaireantus naoṁṫa;
Áit 'ná casaid aon neaċ air aon ċor-os ;
Ní'l brón, tinneas, no lasraċa cráḋ ann;
Ní 'l feoḋ, gorta, náṁa, no gáḋ ann,
Aċt ceol, aitis, 's anċuid luaġáire. —
An Siota.
Mar naċ ḃ-fuil aon rud 'sa ḃ-flaiṫis aċt ceol 's
luaġáire
Cionus a ġeoḃaċ bolg boċt folaṁ aon sasaṁ ann?
B' ḟeárr liomsa tora mo ṗota 's mo ṁála
'Ná da m-beidís aig seinne ó Nodlag go Cásga:
Tosd, a ċailliġ, 's scuir do ṫráċt-si,
Nuair a raḋair-si go flaiṫis nár ċasair go bráċ os.
An Ċailleaċ.
Go bráċ 's ċoiḋċe malluċt mo ċroiḋe ḋuit,
Do ḋliġe na n-abstail ní ṁeasann tú stríoċuint,
'S is sé tá sgríoḃṫa 'san ċaḃaduil naoṁ Ṗeadair
do sgríġ é,
Gur b' é duḃairt an leanḃ do ċeannuiġ na mílte,
An te ṡeunaċ air d-talaṁ é, ní ḃeiḋeaċ na flaiṫis
a ḋíona. —
An Siota.
No tarruinn ċugam Peadar air aon ċor,
Mar buḋ suaraċ a ċasmairt do ṡeas sé ḟéin ann,
Dá ḃeiḋeaċ sé plae le cailleaċ gan orra gan eudaċ,
Gan biaḋ, gan beaṫa, aċt aig codla ins gaċ h-aon
teac;
Na péiste d'a ṗioca, a ġiuḃa 's a ṫraoċa,
