AN GAOḊAL.
291
Aċt do b'ḟeárr liomsa daoirse ar n-oileáin go deo —
A's do b'ḟeárr liom ár d-talaṁ do ḃeiṫ mar a tá —
O! ḃ'ḟeárr liom na tiġearnaiḋe a ċoiḋċe ḃeiṫ beo,
'Ná teanga na h-Éireann a ḃeiṫ marḃ go bráṫ.
PÁDRUIC.
NUAḊ EAḂROĊ, an Dara lá deug Saṁna, 1883.
AN SIOTA SA ṀATÁIR. — Críoċnuiġṫe.
An Ċailleaċ.
Feuċ an mac d'imiġ ó a aiṫir le fearg gan réiteaċ,
Go d-tíriḃ dannarṫa, a ḃ-fad ó a ġaoḋalta;
Do ṗill sé a ḃaile ċum aṫċairt a laeṫiḃ;
Ṫug siad m-beannaċt do, & ṁarḃuiġdear laoġ ḋó,
Agus an mac d' ḟan sa m-baile ní ṁarḃóidís gé ḋó.
An Siota.
Ba ṁór an ḟearg í a's ba ḋeacair í réiteaċ,
Ba ṁiċid do ċasa dá g-casaċ sé air aon ċor,
Ċum a aiṫir caoṁṫoċ mar ḋeunaċ aon-neaċ;
Aċt táim-si gan aiṫir gan árus faraor ! mo ċrá !
Is suaraċ é mo ḃéile nuair a ṡuiġim ċum ċláir !
An Ċailleaċ.
A ċiarsánuiġe ṁalluiġṫe, 'sé do ṫrublóid-si ċoiḋċe
Do ġoile 's do ḃeaṫa go deoiġ anns an ḃíoṫ-so;
Ba ċirte ḋuit do ṗaidreaċa ráḋ gaċ maiḋin 's oiḋċe,
Ċum grás 's cúngna d' iarraġ air Íosa;
Mar is Uaiġ tagan gaċ níḋ ċum na daoine.
An Siota.
Gaċ maidin 'san t-seaċtṁuin nuair a ḃraiṫim-si
dúiseaċt,
Ná faḋaim tú caite cois cnaiste nó cuainne;
Aig ráḋ do ṗaidreaċa air ċrap do ġlúine,
Cad tá d'a ḃarr 'gat? — iṫteaċ 's dúḃalta;
An feoil aig alpa aig luċt anair 's gnúṁaḋ.
An Ċailleaċ.
Do léiġ mé go miniċ air Dives 'san t-seanreaċt,
Agus air Lazarus boċt ḃí aig iara caḃarṫa;
Ní ḃ-ḟaḋaċ an boċtán blúire no bloḋ uaiġ,
Aċt fuair sé anns na flaiṫis sona 'gus sóġ ann,
Agus fuair Dives in iṫfrion losga go deo ann,
Siota.
Do ṫeagasg an ḃíobla air aon ċóir ní ġéilfinn,
Tá 'n teagasg sin, a ċailliġ, gan briġ no éiṫfeaċt,
An té ṁúineas an teagasg sin ní leanan sé féin é,
Dála 'n sagart aig seasaṁ 'san éide,
A ḋlíġe 'sa a ṫeagasg seaċt nacra ó ċéile.
An Ċailleaċ.
A ṁeurlaiġ ṁalluiġṫe, droċ-ċríoċ 's leun ort;
Is ró olc do ṫeanga, a ċlaḋaire saodaċ!
Aig masluġaḋ na sagart tá carṫanaċ, naoṁṫa
A's réiḋ ċúm guiḋe air anama na fíoraonta,
See Gaelic
Journal
Vol. VI. p. 91
