AN GAOḊAL.
299
Dáilid Éire 's Banba,
C'ár loirc Eiḃear gairmid,
Ce Táimse d'éis na ḃ-fearra-ċon,
Gan ċuiṁeaḋ gan ċéill.
Is geárr gur éiriġ seanċas,
D' r g-cointinn a raon,
Ag casaṁ treud na ranna suilt,
Dá n-díog' ar an saoġal;
Gan tráċt air sgeul no eaċtra,
Aċt clára faoḃair 's spealanḋ,
Bánta réiḋ 'gus aċarainn,
'S innseaċa féir.
Ta 'gam sgeul le h-aiṫris,
'S ínnsim duit é,
Gur geárr go réiġfeaḋ an t-Aṫair-ṁac,
De ġeiṁleaċiḃ Gaoḋail;
Ta gárda laoċ fá armaiḃ,
Go dána ag téaċt tar fairge,
Ní gáḋ ḋíḃ téarmaḋ ar ṫalaṁaiḃ,
'S ná coingṁíḋ ḃur léis.
Beiḋ lá tar éis go h-aiṫreaċ,
Ag daoiniḃ na g-laon,
Ársaċt, léiṫeaċt craipiḋṫeaċt,
'S crínneaċt a téaċt;
An bás mar ċéile leapṫa 'ca,
'S as grána gné an ṗeacaḋ orra,
A láṫair Dé gaċ ain 'beart,
D' a n-gníoṁarṫaiḃ le léaġaḋ.
Táim cráiḋte ag beurla Ṡagsannaċ,
San tír air gaċ taoḃ,
'S táid na Gaoḋail ċóṁ gangaideaċ
'Sa n-inntinn is claon;
Lán de ṫréiġṫiḃ mallaiġṫe,
Gan taḃaċt i n-déirc no g-carṫanaċt,
'S grása Dé go n-dearmaid
Le díograis do 'n t-saoġal
* Charleville, Co. Cork.
a River Lee.
12 Chamber St., N Y, Dec. 13, '83.
A Ċaraid Ui Lógáin — Seaċtṁuin ó
ṡoin, do fuaras $1 ḋúit ó ḟear éigin
a m-baile 'ḃ-ḟad siar, air ṡon an Gaoḋ¬
ail, agus ní cuiṁin liom anois ce ṡé an
fear, aċt tá an Gaoḋal a dul ċuige
Ċuirim ċúgat an $1 anois, agus leis
cuirim $1 eile air son mo Ġaoḋal féin.
Do Ċara ṫrioblóideaċ,
Diarmuid O'Donnobáin Rossa
(Maiseaḋ, a ċara, Rossa, air ṡon a ḃ-
fuil áluin — gan mionna níos mó a ṫaḃ¬
airt — ce ḃ-fuiġmid cóṁnuiġe an ḟir
"a m-baile b-fad siar," ó ṫárla go d-
teiḋeann an Gaoḋal go ceudṫa bailtiḃ
i ḃ-fad ṡiar? B' ḟéidir gur ḃ'é Pad¬
ruic Ray, as Caṫair na Pairce, Utah,
a ċuir uaiḋ é ? Cum dán beag i nGaeḋ¬
ilge, ma tá am agad, agus cuir 'san U¬
nited Irishman é, taḃairt fuagra do'n
te a ċuir uaiḋ é carda a ċur ċugainn.
B' an ait an dán "Éire Treasna 'n t-
Saile," noċ do ḃí 'san Éireannaċ Aon¬
daiġṫe suim d'aimsire ó ṡoin, agus duḃ¬
rais gur tú ḟéin a ċum é. — F. An G. )
CAṪAIR REW an t-Oċt-ṁaḋ Lá
air ḟiċid de ṁí na Saṁna, '83.
M. J. O'Lóċáin:
A Ṡaoi Ionṁuin, —
Cuirim ċugad ins an leitir seo
aon dolléir air a ṡon cuir ċugam, má's
toil leat, aon ċóib do Leaḃar Urnuiġe
Gaoḋailge-Sacs-Ḃéarla Aṫair Ui Nual¬
lain, agus "An Gaoḋal" air feaḋ aon
bliaġana.
Go h-ómósaċ,
M. A. WEAVER.
BERÉA, STÁID ÓHIO,
An deiċ-ṁaḋ-lá ḟiċead de ḋeiċ-ṁí, in
Aois ar d-Tiġearna, '83.
M. J. O'Lóċáin.
A Ċaraid Ḋílis — Cuirim ċugat trí
ḟiṫċiod piġin air ṡon go g-cuirfiḋ tú 'n
Gaoḋal ċúgam go ceann ḃliaḋain eile.
Níor ḃ-ḟuair mé an Gaoḋal a raiḃ
an "Siota sa Ṁáṫair" tosuiġṫe ann, &
má ta aon ċeann de 'n airioḃ sin spár¬
áilte agad tá súil agam go g-cuirfiḋ tú
ċúġam é
Do ċaraid, go fíor uaṁal, sean-ḟear
críonna, liaṫ, in aois ċúig bliaḋain &
trí fiṫċiod,
TOMÁS Ó'DONOḂÁIN.
Let every Irishman and woman get the Gaelic
Journal and the Gael. Let them show the world
that they have had a language and that they mean
to preserve it.
