302
AN GAOḊAL.
ties," and Cervantes assures us that there are some
who, although descended from monarchs and
princes, have by the the force of time and adverse
circumstances been reduced to a small point like
a pyramid.
De Foe however asserts that. —
That the fame of families always is a cheat ;—
For 'tis personal value, only, makes us great.
Begging your indulgence for having trespassed
at such length upon your limited space, believe
me, Dear Sir,
Yours very sincerely,
WILLIAM RUSSELL.
CLOḊARḂAR, Deiċ-ṁí 17aḋ, 1883.
A Ṡaoi Ḋílis — Le de ṫoil, a ráḋ, gráḋ
mo ċroiḋe tú, a Ṗádruic, air ṡon do
Ġaoḋaluig taiṫneaṁaċ, cialṁar agus
soṫuigsionaċ. —
"Béiḋ muintir na h-Éireann faoi ḋroċ-
ṁeas go bráṫ
Ma leigfiḋ sinn teanga ar n-aiṫreaċa
uainn."
Do ċaraid fíor, —
Ui Duirnin.
GO MAIRIḊ NA GAEḊIL;
Go mairiḋ na Gaeḋil 's a g-caoin caint ċeoil,
Go mairiḋ le saoġaltaiḃ i d-tréise 's i d-treoir!
Naċ taiṫneaṁ liḃ an sgeul, naċ gráḋ liḃ an glór —
"Anois tá na Gaeġil in Éirinn beo!"
Ní fíor go ḃ-fuil an tír no an teanga dul a ḃ-feoġ'
Ní fíor go ḃ-fuil ár meanmuin caiṫte go fóill,
Cia seal dúinn faoi scamall 's le tamall faoi ċeo,
Tá Gaeḋil agus Gaedilig in Éirinn fós.
Oċ is sáṁ linn na sceula, is gráḋ linn an glór,
Go ḃ-fuil fean-teanga Éireann ag éiriġe in onóir,
Bioḋ an guiḋe in ar g-croiḋe anois a's le n-ar ló,
Ná raḃ Éire gan Gaeḋiliḃ gan Gaeḋilig go deo!
Go mairiḋ na Gaeḋil! a starṫa 'gus a sceoil,
A ngean as a ngreann, a g-cluiċṫe 'gus a g-ceol,
Má's mian linne féin, má's dúinn croiḋe na d-treon,
Beiḋ na Gaeḋil as an Gaeḋilig faoi ḟírṁeas fós.
Mar le cluasaiḃ 's le croiḋṫiḃ na nGall fad ó
Ba ḃinne ar nGaeḋilig 's do b' ḟeárr ná ceol,
Ag slioċt na nGall g-ceudna tá andiu graḋ mór,
Air ar dteangain, sin ar gceangal, ó's le Éirinn dóiḃ
Gaill agus Gaeḋil in aon ġráḋ teo,
Aċ Gaeḋil-ḟir go léir ins an aon ċaint ḃeo,
Do Ḋia na ḃ-flaṫas bíoḋ seaċt míle glóir,
Ta caiṫréim agus clú i n-dán dúinn fós.
Go mairiḋ na Geeḋil 's a ḃ-fuil a ngráḋ leo!
Sonas agus seun orṫa, aosda a's óg,
Suaiṁneas a's síoḋ aca d'oiḋċe a's do ló —
Mar sin go raḃ sé linn in ar d-tír go deo!
LEAĊ ĊUINN.
We are indebted to M. J. Collins for this poem.
