310
AN GAOḊAL.
Gaodhailge 'nois, nidh nar thariuigh
ariamh roimhe seo, ceann sa g-cathair
seo agus ceann eile sa m-baile — colion¬
adh gealltanais Mhaoise do shliocht na
n-Gaodhal — agus ta se dlisteanach de
gach uile Eireannach na paipeir so do
sgaradh cho farsaing a's feidir e, do
bhrigh nach bh-fuil rud air bith 'nan
nidh a sgaradh agus fhoilsiugh'dh cho
maith leis na paipeir, agus in am gh¬
earr, le congnamh De, beidh Eire mar
budh choir di a bheith, saor o riaghal
na Sasanach
MR. WARD'S LETTER,
Phila, An dara Lá do ṁí na
Nodlac, 1883.
Do Ċloḋaire An Ġaoḋail:
A Ċara; Cuirim ċugat faoi 'n sgaṫ
seo dollar air ṡon an Ġaoḋail air feaḋ
bliaḋain eile. Ní ṁeasaim gur ċóir ḋam
buntáiste ġlacaḋ air d'ḟéile; air an
áḋḃar sin dúltaiḋim an Gaoḋal do ġla-
caḋ air níos lúġa 'na dollar sa m-blia¬
ḋain. Mas fiú an luaċ sin dod' léiġ¬
ṫeiriḃ uire e, ní féidir do ḃeiṫ daor
ḋaṁsa air an luaċ ceudna — do réir mo
baraṁla-sa ro ṡaor a tá sé. Ní
ṁeasaim go ḃ-fuil tú deunaḋ airgid air
an nGaoḋal, & nuair ċíḋim tusa taḃ-
airt d' ama &, is dóiġ, do ċuíd airgid —
gan tráċta air obair & buaḋairt intin¬
ne — san deáġ ċúis seo, ní ṡaṁluiġeann
sé ceart dam ḃeiṫ "sgoiltiuġaḋ gruaig¬
e" leat i d-timċioll ḋá ḟiċid piġinn san
m-bliaḋain ċo ḟad a's tá ḟios agam go
raċfaiḋ sé air soċar do 'n g-cúis ġean¬
aṁuil buḋ ċóir a ḃeiṫ dílis do gaċ Éi¬
reannaċ san g-cruinne. Ní cóir aṁarc
ort mar ṫuarasdalaċ, aig feuċaint mó¬
rán d'ḟáġail asat air ḃeagán díoltais,
aċ mar aṁairceas talaṁuiḋe maiṫ,
fad-ċeannaċ air a ḟearan, le fios gur
do réir mar ḃeiḋeas sé ḟéin fíal no
cruaḋ-láṁaċ leis an ngort san Earraċ
a ḃeiḋeas méid a ṁaoiseoga fa Ṡaṁ¬
ain — gur do réir mar ṡáġas tú caḃair
'nois a beiḋeas méid & toraḋ do ċuid
oibre dod' léiġṫeoiriḃ & do ċúis aiṫ¬
ḃeoḋuġ'ḋ na Gaeḋilge.
Fasann páidiḋe no niḋ air biṫ d-tús
a óige do réir an ċúirim a ġeaḃṫar leis.
Tá 'n Gaoḋal na ṗáisdín ṁaiṫ. Geall¬
ann sé feaḃasaḋ; sé páisde "príoṁ-
ġeinte na cúise seo é, & ḃuḋ ċóir, tríd
náire féin, go d-taḃróċamuid uile láṁ
ḋó go fial le na ṫóigailt Ċiḋmid a b-
páipeur ḟéin in a d-teangaiḃ ḋúṫċais
féin aig fearaiḃ gaċ náisiún eile sa tír
seo; aig Gearmanaiḃ, Francaiḃ, Brat¬
anaiḃ, Iudaiḃ & gid gur suaraċ ar meas
air an ḃ-fear aġaiḋ-geallaiġe a ṫaireas
ó'n aird-ṡoir; & giḋ gur tearc sa tír é
tá ṗápér féin clóḋḃuailte aige i Nuaḋ
Ġorċ. Feudfamuid ar baraṁuil ḃeiṫ
againn 'na ṫimċioll, agus ar n-díolaḋ
magaiḋe a ḋeunaḋ fa n-aġaiḋ cruinn &
a m-brógaḋ áḋmuid ,aċ foillsiġenn an
niḋ seo go ḃ-feudannn "Hop Lee" a ḃeiṫ
sa n-dealḃ so, 's "rioḃal muice" ċaiṫ'ḋ
fa na hata & fós ḃeiṫ níos tírġráġaċ
na sinne naċ ligeann féile naoṁ no mar¬
taraiġ, tíre no creidiṁ, ṫarainn gan
cruinniuġ'ḋ & beuluiġeas go meaḋon oi¬
ḋċe i d-timċioll ar ngráḋ d'ar d-tír, &
ag geallaḋ gan cloċ d'ḟáġáil gan iomp¬
oġ a raċfaḋ ċum ċuis a saoirse ċuir
air aġaiḋ.
Is náireaċ an niḋ e seo le ráḋ linn —
& ḃíoḋ fios againn naċ ḃ-fuil ceaċtar
againn os cionn fóġluim' & cannaint na
Gaeḋilge. Buḋ é an t-aṫair Seáġan Mc
Héil, ta imṫiġe, an fear b' áirde céim
do connairc Éire ó lá Naoiṁ Laṁrens
Ui Ṫuaṫaill, & is feasaċ linn a ṁeas
air — a ġráḋ do 'n n-Gaeḋilig. Da mb-
ḟéidir dúinn é, na'r ḃ'áil le gaċ aon a¬
gainn ḃeiṫ cosaṁuil leis — le LEÓĠAN
na SREADA — leis an ḃ-fear fóġlumṫa,
deaġ-laḃarṫaċ, deiġ-ṁeineaċ, craiḃṫeaċ
aċ fós, dána, neiṁ-eaglaċ, a ġráḋuiġ a
Ḋia 'gus a ṫír & na'r ċlis ariaṁ a g-
cosnaḋ ó gach naṁaḋ a ṫug iarruiḋe a
n-gonaḋ & le raḃ siad timċilliḋe le na
linn. Ach giḋ naċ féidir ḋúinn seo, tig
linn, má's sé ar d-toil é, triall tamall
'sa t-sliġe. Ṫig linn na laoiġṫe milse
ro ċan & d'arṫuiġ sé ó ṫeangaiḃ eile
láiġeaṁ agus fóġluim agus ar n-deir¬
eaḋ ṫoirt do ḃugaḋ airbiṫ a ċurfear
air bun ċum an d-teangan ḃí dílis ḋó
d' aiṫḃeoḋuġ'ḋ-
Ní féidir mór-ċúis airbiṫ a ċur air
