﻿322
AN GAOḊAL.
OIḊĊE NA GAEṪE MÓIRE
(Concluded.)
XV
Iontóċaḋ in sin 'na ṁóraċt
Le fearg ṁillteaċ, leonṁar,
Air ṡluaġ na mallaċt ḋiaḃalṁar
Air ṫaoḃ na laiṁe clé;
Agus eamfaḋ 'maċ mar ṫoirneaċ,
Imṫiġe as mo raḋarc ḋíḃ
Go h-ifrionn, a ḋiaḃalaiḃ,
'S mo ṁallaċt ḋíḃ go h-eug.
XVI
Siúd é an sgaraḋ déiġionaċ,
Naċ m-béiḋ casa 'r ais go h-eug air,
Eidir bean agus céile,
Agus leanḃ ċiuin na g-cíoċ.
Pairtfiḋ gaoil 's gaoltaiḃ,
Agus coṁursanaiḃ mar léiġtear,
Naċ b-feicfiḋ arís a ċéile
Le linn na síoruiġeaċt.
XVII
Cuiṁniḋe-si, a ḋaoine,
Go d-ṫiucfaiḋ lá na g-críoċa,
'S go m-béiḋ deire leis an saoġal,
'S gan ḟios cad é 'n spás.
Réir mar deir na sgríoḃṫaiḃ,
Go d-tiucfaiḋ nuair naċ saoilfar,
Mar an gaduiġ 'r ṡiuḃal na hoiḋċe,
No 'n gruagaċ sladaiḋe 'n bás.
XVIII
Glacaiḋe-se coṁairle,
Anois a neart 'sa n-óige,
An cuntas a ḃeiṫ a g-cóir,
'S san airṫiḋe ḋeunaḋ 'n-am. —
No tiocfaid 'n lá ḃeiḋeas brónaċ,
'Snaċ mḃeiḋ áirde air ar nglór-sa
Da leaġóċ' siḃ le deoraiḃ
Na súile astiġ 'nar g-ceann.
XIX
Tá sé againn sgríoḃṫa,
Ó ḃeul an Spiorad Naoṁṫa,
Bárr os cionn na mílte,
Síos a d-teampull Dé,
Go mbeiḋ trioblóid ṁór i d-tíriḃ,
Cogaiḋe treun' aig riġṫiḃ,
Diaċáin air na daoiniḃ,
Gorta, pláig a's eug.
XX
Ní'l ionnta air fad aċ siúcraḋ,
Fharas gaeṫiḃ ṁór as toirneaċ,
An talaṁ air criċ le eagla,
'S an cine air fad d'a g-ráḋ'. —
Sin é críoċ gaċ cúrsa —
Sin é críoċ gaċ sgiúrsa —
Sin é críoċ an t-saoġail-seo,
'S gan ḟios againn ce 'n lá,
XXI
Biḋiḋ air ḃur ngárda
Níos grinne feasda, a ċairdiḃ,
Mar campaiḋ air na h-árdaiḃ
'N aimsir ċaiṫib a triall —
Ḃiḋeas réiḋ air an tairne,
Le troid n-aġaiḋ a naṁaid,
'G-cuid airm in a láṁaiḃ,
'S gan duine fanaċt siar.
XXII
Sgreaduiḋe-se air Ṁáire,
Impiḋe air Riġ na ngrasaiḃ,
Siḃ a ṫaḃairt sabailte
Ó ġeur-ḃruid na sluaġ,
Diaḃala leónṁar', craosaċ,
A claoiġeaṁ leis an mnaoi sin,
'S le na leanḃ, Iosa,
Rug air ifrionn buaiḋ.
XXIII
Ma ṫóigeann sisi pairt liḃ,
Is treasa liḃ an lá sin,
Buailfiḋ siḃ ḃur náṁaid,
'S dóġa, saoilim féin.
Ní ṫiocfaiḋ is níor ṫainic
Caraid Ó! níos fearr díḃ
Na banriġion na ngrasda,
Aingliḃ agus naoiṁ.
XXIV
Traṫ deunaḋ an dáin seo,
Seo é ṡíos a rann díḃ
Ċo maiṫ agus a b'ḟéidir,
Le ciall, a ċur a ḃ-fuaim. —
For tiocfaiḋ fós an aimsir
Naċ mbeiḋ ṡios ce duḃairt an
ċaint seo,
No ce 'n tír no teampoll
A g-codlóċad go suan. —
XXV
Míle 's oċt de ċeudaiḃ,
Naoi os cionn trí go ḋeugaiḃ,
Suim a's data an téarma,
Go séṁaḋ la de 'n ṁí,
Ó rugaḋ Críosd ó Ṁáire,
I mBetelem ins a stabla,
Gur éiriḋ an ġaoiṫ in áirde,
Leaṫ-uair air éis an naoi.
