350
AN GAOḊAL.
Mr. WARD'S LETTER.
PHILA. Pa-
An 20 ṁaḋ do 'n 4ṁaḋ, 1884.
M. J. Logan.
A Ċara. — Air son an dollar-go-leiṫ
a ġeoḃfas tú faoi 'n scaṫ seo, cuir "An
Gaoḋal," air feaḋ bliaḋna, 'sair e Seaġ¬
an Brúin, aig corneul na sraid Crease
agus ṀicṪomais, 'sa g-caṫair seo, &
annsair f Ṗadruic MacṀaird, Cadue,
Ceanncasloċ, Tírċonaill, Éire.
Buḋ ṁait liom da ḃ-feudfainn tuille
ċuir ċugat, ní'l neart air. Ní'l aon
ḃaile sa tír is mó ḃ-fuil Éireannaġe ann
a d-tig leo Gaeḋilge laḃairt, na ta sa
g-caṫair seo, aċ faraor! is beag a n-
aird air ċúis na Gaeḋilge — cuid acu
droiċ-ṁeasuil orṫa; pairt eile, fuar,
failliġeaċ ainti, agus a m-bunnas go g¬
niḋṫeaċ sin a seilig na piġinne 's go n-
deir siad naċ ḃ-fuil uain acu do gaċ eil¬
e.
Aċt mar ḃ-fuil uain acu do ċúis na
na Gaeḋilge, fáġann siad am go leor le
caiṫeaḋ i d-tiġ an óil, le dul 'siar ṫrid
coileaċ no madaḋ, no go ċoṁraċ "Slug¬
gers," no niḋṫiḃ eile de 'n t-sórt seo,
a ṫarraingeas droiċ-ṁeas orṫu féin,
agus, faraor! air Éire ḃoċt, ar ḃ'ainm
dí ḃ-fad ó, "Oileán na naoṁ 's na n-ol¬
laṁ."
Aċ creidim go ḃ-fuil caṫraċa go leor
ċo h-olc le Phila. i d-timċioll na cúise
seo: mar sin de ní'l aċ baois dam ḃeiṫ
cuir d'ama muġa 'na ṫimċioll.
Ċím, le brón, go ḃ-fuil an t-easbog
MacEḃilli ag ċur i n-aġaiḋ teagasg na
Gaeḋilge i g-colaiste Ṫúma. Faraor
geur! ta treoraiḋe agus cosantóir na
Gaeḋilge, Seáġan MacHéil, faoi'n gċré,
no ní ċasfaiḋe an ċúis seo mar tá.
Le Seáġan MacHéil d'éiriġ ainm Ṫúma
ċum áirdṁeasa agus urrama ṫríd an
g-cruinne, agus le na ḃás, is cosaṁuil,
go múċfar arís é.
An Ġaeḋilig loiteaḋ 'sa g-cliaḃán a
ċóiriġ PLÚR NA g-CLÉIR go cúramaċ.
ċum go n-deunfaiḋe a h-oileaṁuin f ann
ṫríd a dara naoiḋneaċt! 'S iomaḋ aṫ¬
ruġ'ḋ sa t-saoġal, agus seo ceann acu.
Tá fir leiġeannta i foġluim Laidine,
Gréigise, Fraincise agus gaċ teangain'
eile do óglaċaiḃ Éireann, agus an Ġae¬
ḋilge fa ṫarcuisne i g-coláiste Ċaitlig¬
each Ṫúma. An Ġaeḋilig, a d-ḟiġ í féin,
go teiṫ, dlisteanaċ, do'n ċreideaṁ ṫrí
ḃruid agus ain-tiġearnaċt na seaċt g-
ceud bliaḋan a tá ṫarainn — an Ġaeḋ¬
ilig, a d' ionsuiġ baoġal agus bás, j go
fonnṁar air son na g-cléir, nuair a ḃí
siad "ruaġṫa mar na cluain," gan díd¬
eann, gan árus agus luaċ air a g-cinnib —
an sean ċara seo, a deirim, fa ṫarcuis¬
ne i g-coláiste Ċaitiligeaċ i g-Connaċt¬
a, agus le ordaḋ easboige!
"Is cleasaċ an rud an saoġal; agus
is mío-nádúra, neaṁ-ḃuiḋeaċ an beaġ¬
eaċ an duine."
Buḋ í an Ġaeḋilig ann ar labair Pad¬
ruiċ, nuair do ṁúin sé fios an ċreidiḋ¬
e d'ar n-aiṫreaċaiḃ agus ḃuaiḋ sé, lei¬
ṫe, do 'n ċreideaṁ, an t-aon ċaṫ aṁáin
neaṁ-ḟuilteaċ i stair na cruinne, buḋ
ainti glaoiḋ Naoṁ Laṁrens Ua Tuaṫ¬
aill air ḟearaiḃ Éíreann ċum caṫa, air
ṡon a nde 'gus a d-tíre; agus, in ar lá
féin, ċan agus laḃair aniti go milis éi¬
feaċtaċ PRIONNSA EAGLASAĊ NA
h-ÉIREANN, Seáġan MacHéil.
Do Easbog MacEiḃilli ni'l ainti aċt
neaṁ-niḋ — aċt tairim ċum ċriċe. Ní
féidir do Éireannaċ a gráḋuiġeas ar
dteanga ṁilis, arsa, móran do sgríoḃ
i d-timċioll na ċúise seo gan a ḋul ṫar
an ċeasiḋe. l
Do Ċaraid Uṁal,
A. P. McṀaird.
e 'Sair — an-sair. I use this word for
the first time, in writing, that I may
have your opinion as to the correctness
of an idiom in general use in Tyrconnell
to the total exclusion of ċum. ansair is
(in my opinion), strictly speaking, a
prepositional pronoun, compounded of
an or ans, in, and air, on him — lit. "in
on him," to him. The feminine form
is ansoirṫi, with the usual emphatic
terminations in both genders. Ansair
is, however, frequently used as a sim¬
ple preposition, as in the above ins¬
tance. Unlike compound prepositions
