AN GAOḊAL.
393
SEÁĠAN BEAG CÉITÍNN, Ó RUIS¬
TEÁRD. — Continued.
Ṫugas foḋa dí Carraig-na-Faile,
Ḃí fáilte roṁam aig cóṁarsanaiġe an
ḃaile;
Ḃí seamra ḋam ann go gléasda,
A's oíḋċe ṡeanċuis 'guinn a's féasda.
Do ḋóiġ leat gur as an aer
Do ṫuiteas ċuġċa ann súd,
Mar do ḃailíġdar go léir
Ċun láiṁ do ċroċa liom.
Ḃí Seáġan Seós d'a sdiúga le gáire,
'D taoḃ me ḋ' ḟeicsint air an taoḃ-so
ṡáile ;
Do rug se go muintearṫa air láiṁ orm
A's ċuir se róṁamsa míle fáilte.
Ḃí Páid Ó'Cronaċain go báḋṁar,
Agus an Suíḃnnéaċ féin go gráġṁar;
Ḃí Peig a's Cáit agus Máire,
Gaċ a le sgataḃ 'g gol 's ag gáire.
Seo 'steaċ an Paoraċ, beireann se air
láiṁ orm,
"Se do ḃeaṫa," duḃairt se, "connos tá
tú."
Ní fada ḃí se annsúd am láṫair,
Gur ḋ' ḟiafraiġ se díom connos ḃí a
ṁáṫair.
Air m' ḟocal duit agus air mo láṁ,
Go ḃ-fuil goleór díoḃ annso caoisaċ sáṁ;
Ċuaġdar a d-tiġeas ó ṫangadar análl,
A's tá siad go sásta le mná & clann.
Ḃailiġdar ċúġam na coṁarsain' goléir
Mar ḃeaċ sgata eunlaċa an aeir;
Ḃí greann orṫa goléir agus áṫas,
Me ḋ' ḟeicsint air an taoḃsa ṡáile.
Ḋéanamar trí ṫreana de 'n oíḋċe,
Trían ċun ḃíḋe, ċun sgeuluiġeaċta a's
ċun suain;
Ḃíḋmar go meíreaċ ag caṫaḋ díḋe ann
Gan brón na ḃuairt, gan gleo na gruaim
Bo ċosaṁuil an oíḋċe le ceann féile
Anuair a ḃailiġdar a d-teannta ċéile;
D'ḟanamar suas dí tréis 'n ṁeánoíḋċe,
Ní ḃuailṫaċ codla no suan ṫú ċoíḋċe.
Bíḋdar ag tráċt air an sean-tír,
'S air a liaċt cruaiġinn ar ġaḃ'dar ṫríd
Ag teaċt análl dóiḃ ṫar d-taoide,
A's mar a d' éiriġ leo sa tír seo.
Ḃí sgeul fianuiġeaċta 'guinn ó'n bPao¬
raċ,
A's duḃairt Fionn ṀicCúṁail aḃrán;
Gaċ n-duine cuir ceist orm féineaċ,
Mar is me is déiġnaíḋe d'ḟág Innis Fáil.
Ḃí Seáġan Seós agus Padraig,
Agus an Paoraċ tamal ḋe'n oíḋċe
Ag seanċus daṁsa air an Stát-sa,
A's iad cois na teine a caṫa a bpíopa
'S ag cuir síos ḋamsa air an ṁéid cab¬
rán
Do fuaradar riaṁ ó Ṗuncáin :
'Tá siad anois go socair sásta,
A's Puncáin leo, go mín, macánta
Sgaṫaṁ maiṫ tréis an ṁeaḋon-oíḋċe,
Do ċuaġdar goléir a ḃaile;
Ís curṫa tuirseaċ tráiġte ḃíos-sa,
Agus ċuaḋas gan ṁoill air a leabaḋ.
Is fada farsinn é, Stát Ḃostúin,
Agus is gleóiġte an áit é, Carig-na-
Faile,
Agus da n-áreóġinn gaċ áit ar ġaḃas,
Ní 'l aon áiṫ díoḃ mar an baile!
Taḃair mo beannaċt dam ṁuíntir féin
Agus na ḋiaġsan dosna coṁarsain' go
léir;
Ólaim anois do ṡláinte ṫair saile,
Le braon beag uisige 'gus toġa biotáile.
Bí gaċ am ag guíġe ċum Dé ḋam;
Mo ḃeaṫa do leasúġ'ḋ air an saoġal-so
Ċun go n-deunṫinn diṫċioll air m'anam
ag ḋéanaḋ,
'Sa beiṫ aneaṁail anuair ag ṫugṫig an
bás am ḋ'éilioḃ.
'Tá míle bliaḋain agus oċṫ g-céadṫa,
Ceiṫre bliaḋana a's ceiṫre fiċid leo a
n-éinḟeaċt,
Ó ṫainig Críosd a g-colan daona,
Anuas air an talaṁ-sa ċum sinn ag
ṡaora.
R. CÉITÍNN, ó Stat Mass.
