406
AN GAOḊAL.
Harlem, an Séaṁa la Fiċead de Aug.
Ċum an Onóraċ Donċa Ua Búrn.
A Ṡaoi;
Ċuasa tré an g-ċaiṫir so go minic am
aonar,
Uaireanta aig taḋailleaḋ agus uair¬
eanta air pléisiúr,
Ṫaisbeánaiġ me go minic do ṫíorġráḋ¬
ṫóiriġe,
An Gaoḋal; agus d'iarras orra a
ḃeiṫ faoisgríoḃnóiriġe:
D'feuċ cuid aca orm mar cat air luċ.
Agus duḃairt cuid eile 'ca le focaluiḃ
dúḃaċ, —
"Cad é n ṁaiṫ é? iarruíġim ort: pá¬
peur Gaeḋilge, mo ċás!
Is goirid go b-ḟáḋaiḋ an páipeur sin
bás."
Mar sin do laḃair siad anns an tráṫ,
Faiḋeadóireaċt do 'n Ġaoḋal dólás
's mí-áḋ :
Bu ḃeag do smaoin siad an aigne mór,
A g-ceann an feaḋmanaċ maiṫ, — an
Foilsiṫeoir.
Níor smaoineadar air na smaointe árd
Do riṫ tré ínnċinn an neaċ mór aġ;
Níor ṫug siad fa ndeara an pian 's
díomḃa;
Ṫéiḋeas tré a ċroiḋe 'nuair ṫigeas
air ċráḋ,
Mar ní'l ḟios aguinn-ne in ar roċt,
Cad é 'n obair ḃíḋean aig foilsiṫeoir
boċt-
Le gaiḃṫeaċd ṁór d'ḟeuċ sé air an b-
páipeur,
Agus do leag sé ċuige a ṫoiċe go léir,
Ċum é ċuir a g-cinn ḃíoḋ sé 'san oíḋċe,
Nuair a ḃíomair 'nn a g-codla, aig oib¬
reaḋ ċoiḋċe,
Aig cuarduġaḋ a g-cóṁnuiġe góir neiṫe
nuaḋ,
Ċum a obair ionṁolta a ḋeasuġaḋ.
B'ard do riṫ a ṡaoileaċta lé áṫus mór,
'S do smig sé mar leanḃ, — leanḃ bog óg;
Nuair do ṫóg an paipeur go súgaċ saiṁ,
An ċeud ċeann clóḃuailte in a laṁ,
A's d'ḟás lé bród a ċroíḋe breáġ caoṁ,
Nuair ċonairc sé iomláineaċt air gaċ
taoḃ.
D' éiriġ a ċroiḋe mar ḃí a ḋóċusa ċó
laidir,
Le tonna na mara aig éiriġe 'n áirde,
Brón no duairceas leis, níor ṫainic air
féin,
Nuair a ċáin an spilpín sin é, — "Gaban
Saor,"
Aċ d'árduiġ sé a ġuṫ breaġ suas go
binn,
Mar conairc sé an Gaoḋal dul a gcinn.
D'oibre sé leis mar buḋ ċuma leis féin:
Cad duḃairt madra ċonuig nó bunnán-
leun;
Le anḃeag maoin aċ le ínntinn faláin,
Ċuir sé roiṁe a ṫeanga ṡáḃáil,
Mar do ṫug sé fa ndeara a breáġeaċt
go mór.
An ċaoi ta sí aig imeaċt, aig feoḋ, —
Do ṡaoṫruiġ sé go calma, agus tá rian
air,
Tá'n Gaoḋal na ṡeasaṁ gus iolurraim
air,
Ta liaċt daoine aig léiġeaḋ — beag agus
mór,
An teanga ḃinn ársa (dar ndóiġ, mar
buḋ ċóir;
Do ṡaoṫruiġ sé, deirim é, — ċuige fad
saoġal,
Agus sgríoḃfuim-se mo ṡarċuiteaḋ. —
glóire do 'n Ġaoḋal!
AĊOIḂINN.
GLOSSARY.
Díomba, grief; deasuġaḋ, titivate;
saoileaċda, thoughts; iomlaineaċd,
perfection ; caoṁ, gentle, fine &c.,
madra ċonuig, a rabid dog; bunnán-
leun, bittern; inntinn, intellect; aig
feoḋ, fading ; do ṡaoṫruiġ sé, he strove
ta rian air, lit. sign is on, it is plain
to be seen; iolurraim, great respect;
liaċt, multitude; toice, riches; sar-
ċuiteaḋ, best respects, gratitude &c.;
bród, gladness; fa ndeara, note, no¬
tice; feaḋmanaċ, any one holding off¬
ice.
