422
AN GAOḊAL.
Mr. SHERIDAN’S LETTER [Concluded.]
Ḃí breagaḋ mór agam am geárr ó
ṡoin. Ḃí toġáil fir ag cuṁdaċt na m-
boċt an agus do ṡeas ar d-tiġearna
talṁan air an oifige agus ḃí feilmiḋe
ainnmniġte leis an t-sagart paráisde,
agus d'innis me ḋuit go raḃ sagart
mór, maiṫ againn darab ainm Aṫair
Ua Raċtúire, agus ḃí cuid de na tionn¬
óntaċt 'na g-claḋairiḃ ḟan-ġlúnaċ air a
raḃ eagla a d-tiġearnaiḋe talṁan a
ḋiúltaḋ, aċt ḃí eagla ceud uair níos
mó orṫa do 'n t-sagart, agus do ḋeun¬
ṫá gáiré ag éisteaċt leo a troid. Aċ
fuaireamar buaiḋ air mar buḋ ċóir, &
ní'l tiġearna talṁan ag an m-boird
Cannanuis (Kells) anois. 'Sé ċaoi ḋíl¬
is, measaim, buaiḋ d'ḟáġail air ar náṁ¬
aid in áit a ḃeiṫ deunaḋ dúnbarḃaḋ
air neiṁċionntaċt agus ag troid, d'ar
marḃaḋ féin, óir ní'l dóċus go ḃ-fuiġe
sinn buaiḋ air na Sacsain le troid ad¬
rainn féin. Naċ raḃ Dáiḃis ceart
nuair a duḃairt fé —
"Tá Saoirseaċt ó ḋeas-láiṁ Dé
Tré ḋaoiniḃ inntinn fíor,
A's árdóċaiḋ fir maiṫ a's glé,
'Nna náisiún arís ar d-tír."
"Freedom comes from God's right hand,
And needs a goodly train,
Aud rightsous men must make our land
A Nation once again."
Seaḋ! dar liom ċonnairc Dáiḃis le
súile faiḋe an t-am seo ann a ḃ-fuil
fir againn mar Séarlus Maor Parnell
agus a ċuideaċta. "Fir maiṫ agus glé"
mar ṫreasḃeurluiġim a ċocla. Caitlín
Faṫaiḋe. Ḃí aṫas mór orm do ḋeaġ-
ḋán go Kitty Fay a léiġeaḋ. Is maiṫ
agus deargsnaiġṫe é; agus dob ḟeárr
liom 'ná rud air biṫ ma ṫiocfaiḋ liom
guṫaḋ mar sin a ḃeiṫ agam. Smuain¬
ím air neiṫiḃ áilne go minic, aċ bíḋeann
deifir ṁór orm, ró-ṁór, a ráḋ, agus
cailleann me an tionsgaṁ. Biḋeann
mo ċroiḋe ró-lán, aċ fós tá cúram an
t-saoġail ag tiomáin filiḋeaċt as mo
ċroiḋe.
Tá me deunaḋ go maiṫ, buiḋeaċas
do Ḋia, aċ tá cúram mór orm d-taóḃ
mo ġnó, agus tá mórán oiḃre le ḃeiṫ
deunta liom. Tá me a sdiúruġaḋ na
feilme go h-uile agus am' ṁaiġistir
féin (óir tá 'n sean-ḟear díṫċélliḋe) aċ
tá mé buaḋara le cíos agus cáin agus
doċar agas caill gaċ sórt — ḃás caor¬
aċ agus uain agus bó.
Ḃí Earraċ fuar againn — fuar agus
fliuċ, aċ ta aimsir ḃreáġ againn anois
agus ta na
"Geaṁair fás go h-úr as glas,
As sar-ḃinn ceol na n-eun."
Is cóṁarṫa maiṫ Gaeḋilig d'ḟeicsint
'san "Teaċtaire Nuaḋ Eaḃraiġ," foil¬
siġeann sé cuṁaċt na ḃ-fear "Maiṫ as
glé."
Ta me saruiġṫe le sgríob anois, mar
taim trí h-uaire, ḃeagnaċ. Anois deur¬
fad, slan leat, a n-dóċus leitir d'ḟáġ¬
ail uait a ngar,
Agus fanaim do ċara go braṫ,
MIĊEÁL Ua SEIREADÁIN.
New York, An t-Oċtṁaḋ lá air ḟiċid
de ṁí Ṁeaḋain an Ḟóġṁair.
A Ṡaoi, — Is doiġ liom-sa go ḃ-fuil
Déiseaċ Corcaiġeaċ, agus Tomás Ruaḋ
cosaṁuil le tarḃ agus brat dearg
roiṁe. Ta gaċ duine aca traċt air
Ṡasana Nuaḋ. Ní dóiġ liomsa air aon
ċor gur b'é sin an facal ar ḃ-fuair Aċ¬
oḃínne loċt air, aċ air an ḃ-focal atá
sgríḃṫa roiṁ Sasana Nuaḋ. An focal
"ann" níor airiġeas no níor laḃras a
riaṁ, "Ḃ-fuil do ḋearḃṫair ann Sasan¬
a Nuaḋ," aċ do labras agus do airiġ¬
eas mar seo é: "Ḃ-fuil do ḋearḃtair
a Sasana Nuaḋ?" Níor ċualas ariaṁ
an focal, ann, laḃarṫa roiṁ aon áit no
tír aċ róiṁ Spáin; mar seo, ar anns
ann Spáin tá sé, — 'san Spáin.
Sé mo ċeud iarraċt riaṁ aġ sgríoḃ
ċun páipéir. Clóḋḃuail é seo air ḟea¬
ḃas ma ṫaiṫniġeann sé leat. Muíṁ¬
neaċ ó Ċiaruiġe, seaḋ, mise, agus ní
ṫaiṫniġeann Aċoḃínne liom; tá sé ro-
tubuisteaċ; glaċ mo ċóṁairle — sgaoil
uait é.
SÉAMUS FADA.
(A Ṡéamuis, sgíoḃair go h-an ṁaiṫ,
aċ buḋ ċóir duit d'ainm a ċur i n-aoin¬
feaċt le do sgríḃin; ní le na ḟoillsuġ'
aċ le moḋ do ṫaisbeánaḋ do'n Ḟoill-
seoir. Tá sé sin dlistionaċ de gaċ h-
uile sgríḃneoir. — F. G.)
