446
AN GAOḊAL.
We wish our readers would carefully read the
following address of our New Haven friend, Mr.
O'Callaghan, and impress on all within their reach
the truths which it unfolds.
A Ċáirde, — Is deacair na sean ḟoc¬
la a ṡárṫuġ'ḋ; sé sin, "Dá ḟad é 'n t-
ól is tart is deire ḋó." Ó ṫuit ar g-
ceud aṫair i n-Gárdín Ṗárṫais ní'l mí-
áḋ no mí-ḟortún os coṁair na n-daoine
níos measa 'ná n-iomarca óil. Marḃuiġ¬
eann sé corp & anam an te leanann de.
An te dubairt "Biḋeaḋ solas ann, du¬
ḃairt mar an g-ceudna naċ féidir leis
an druncéire ḋul asteaċ trí ġeatuiḋe
órḋa na ḃ-flaiṫeas. Ins an árus a m-
biḋeann biotáile is beoir, is gnáṫaċ ġo
m-biḋeann buairt 's brón ann. Do réir
cóṁaireaṁ oifigiḋe léiġeanta na tíre
seo, slugṫar síos trí ṁíle pótairiḋ gaċ
bliaḋain. Ní'l aċ neiṁni a d-tinneas,
galar no aicíd a g-cumas leis an léir-
sgrios a ḋeunas an t-ól. Ṫuit an Róiṁ
& Caiṫir na Gréige trí ċás an óil, & do
réir taisbeánaḋ Ṁic Aulaiġ, tá tuitim
gan éiríġe roiṁ Ṡasana, & sin go luaṫ.
Tá sé soiléir an te ṫugas scannall d'a
ċóṁursa, is go mór ṁór d'a ċúram ḟéin,
b' ḟeárr do'n te sin cloċ ṁuilinn a ċur
fa na ṁuineul is é ṫeilgean amaċ 'sa
ḃ-fairge. Is minic a deireann daoine
dí-ċéiliḋe gur maiṫ an rud braon biot¬
áile maidin ġeiḃriġ ċum an fuaċt ċon¬
ḃáil amaċ; & mar an g-ceudna, go ḃ-fuil
sé air ḟeaḃas lá saṁruiġ ċum teas an
lae a ċur síos. Ní'l ins na smuaintiḃ
sin aċ caṫaiḋe geura is marḃáil inntin¬
ne. Bí deiṁineaċ gur mó a lotann sé
'ná léiġeasann sé. Taḃair fa n-dear¬
ad da laḋad é an cnaigín go d-tiorm¬
uiġeann sé an báirile. Is feárr go mór
an t-airgead a ċur in ar b-póca 'ná é
scapaḋ go fial. Is deacair linn éist¬
eaċt le briaṫraiḃ an t-sagairt nuair a
deireann sé linn cosg ó 'n ól, aċ is deac¬
raḋ go mór éisteaċt le briaṫraiḃ
Ċríosda, sé sin: "Imṫiġe uáim, a ḋrong
ṁallaiġṫe, do 'n teine ṡíoruiḋe ta oll¬
ṁuiġte do 'n dioḃal & d'a aingliḃ. Ins
na neiṫiḃ is mó a b-peacamuid inseo,
is ionnta is mó ṗianas sinn a d-treun
ṫeine na b-pian; d'a ḃriġ sin, is feárr
ar sean loċta a ṫréigeaḋ anois 'ná iad
a ḃreiṫ linn a láṫair Dé. Faraoir! tá
fios againn féin, taréis oiḋċe ṡúgaċ, go
d-tagann maidin ḃrónaċ. O! buḋ ciall¬
ṁar í cóṁairle Ḃrindliġ Sheridon,
nuair a duḃairt sé le uaisliḃ na h-Éir¬
eann ól air nós na g-capall; b' ḟeárr go
mór an ċóṁairle sin ċur a n-gníoṁ 'ná
ḃeiṫ séideaḋ raiḋṁéis imṫiġeas le gaoiṫ
Mo ċúig ċeud slán le laeṫiḃ m'óige,
is iomaḋ aistir ḟada a rinne an t-Aṫ¬
air Maitiúġ 'san aimsir sin trí oileán
glas na h-Éireann, ag cóṁarlúġ'ḋ na n-
daoineaḋ druim a láṁa a ċur le ól.
Do réir mar ṁeallann duine dall dall¬
aċán eile, sin mar a ṁeallas na pót¬
airiḋe a ċéile, tuiteann mí-áḋ & mairg
orṫa inseo, 's muna n-deunfiḋ siad aiṫ¬
ríḋe lasaiḋ fearg Dé a n-anma air fad
na síoruiġeaċta. Is é duḃairt an t-A¬
ṫair Tomás Búrca, aoiḃneas síoruiḋe
go d-tugaiḋ Dia d'a ánam, go g-cuir¬
eann na diaḃail is meisge sluaiġte if¬
rinn tré na ċéile, ní raḃ sonas acu in¬
seo, no ní béiḋ go bráṫ in siúd; & giḋ go
b-fuil 'n tAṫair Laṁrás Breaṫnaċ anois
go ciuin faoi 'n g-cré, is féidir a ráḋ
gur rinne sé saoṫar mór 'san obair
ċeudna. Is minic d' árduiġ sé a ġuṫ
ceolṁar i h-allaiġe ṁóra Ṡasana-Nuaḋ;
ṫroid sé go fearaṁuil ó ṫús go deir'ḋ
air son saoirseċt na h-Éireann, ag or¬
duġ'ḋ, air an am ceudna, do gach aṫair
& máṫair, gaċ sagart & bráṫair, a d-
toil a ċur le toil a ċéile ċum óg 's aos¬
da i stiúraḋ san m-ḃóṫar díreaċ; is go
mór ṁór na h-uain ḃeaga 'ċosaint ó
ġreim na mactírṫeaḋ.
A ḋearḃráṫair, feuċ suas air árus
Dé & smuainiġ air ṫart Iosa air an g-
crois air do ṡon-sa! Cuiṁniġ go min¬
ic air lá na féile móire & air oiḋċe ḟa¬
da na síoruiġeaċta! Abair leat féin
gur spadaire leisgeaṁuil an te sin naċ
n-deunann saoṫar le solas an lae & le
teas na gréine. Ní áill liom láṁa trom¬
a i leagaint air ṁná pósta & cailíniḋ
óga na tíre seo; aċ ní féidir an ḟírinne
a ċeilt; do réir raḋarc mo ṡúl & clós
mo ċluas, tá na mílte díoḃ ’sna bailte
móra, & is mór go m-ḟeárr leo gloine
leanna 'ná céir ṁeala. Is minic a ḃí
mo ċeann crom & mé lasa le náire aig
