AN GAOḊAL.
457
Air an róid, mí na Nodlac '84
Do Ḟoillsiġṫeoir an Ġaeḋil.
A Ṡaoi :— Anns an leitir seo ġeoḃ¬
aiḋ tú dollar, mo ḟaoi-scríoḃa do 'n
Ġaoḋal air feaḋ na bliaḋna seo ċug¬
ainn
Ṫarla aig scríoḃ'ḋ mé buḋ ṁaiṫ liom
do ráḋ naċ áill liom an spiorad ann a
scríoḃann lán de 'n ṁuintir do scríoḃ
air na mallaiḃ ċum an Ġaeḋil. Do
ṁeas mé go m-beiḋeaḋ do ṗáiper mar
ṫeaċtaire gráḋa & carṫanais, & mar
ġníoṁcoiṁ-ḃiseiḋ ameasg na m-buiḋeán¬
a atá brostaḋ eiséiriġ ar d-teangaine
as uaiḋ na fuaire & an ḋroċ-ṁeasa a¬
tá Seáġan Tarḃ — droċ-raṫ ó mo ċroiḋe
air a ḃrúid — ag baint di, go fonnṁar,
eaḋlanta le seaċt g-ceud bliaḋan: &
cuireann sé buaiġreaṁ orm 'nuair do
ċíḋim a ḋuilleoga tógṫa suas mí air
ṁí le leitreaċaiḃ díṫ-ċéilliġe o ḋaoiniḃ
buḋ ċóir do ḃeiṫ air aon inntinn a' bros¬
taḋ cúise ar d-teangaine, a' loċtaġ &
a' geaṁ-ṫroid le ċéile.
Buḋ leor do ṗáistiḃ do ḃeiṫ air an
eaḋalan seo — ag arguin' le leanḃaḋ
feargaċ a d-timċeall ṁaiṫis no olcais
na Gaeḋilge do ċaintear 'san g-cuigeaḋ
seo no 'san g-condae ud a n-Éire, no
fa leitireaḋ an ḟocaíl seo no an ḟocail
ud, Ní'l ṡeo ceart, a Ṡaoi, & do réir
mo breiṫniḋ-se, níor ċóir duit spás an
orlaiġ ṫoirt do earnaḋ do'n t-sórt so:
& ba ċórṫa do ṁór-ċuid na buiḋeána,
ḃeiṫ a' foġlaim' scríoḃaḋ do réir riaġ¬
la nGaeḋilig iad féin- na iad a ḃeiṫ fág¬
ail loċt áir scrioḃnóiriḋe eile; iona,
mo ḋáltá féin, is furas d'aiċneaḋ air
lorgaiḃ láṁ a m-bunnais, nar léiġiḋ &
nar ṁeaḃraiḋ siad an Búrcaċ go ró-
ḋlúṫ. Is gnaṫaċ ceird d'ḟóġluim roiṁ,
ġlacaḋ i láiṁ í ṁuineaḋ do ḋaoiniḃ eile
Aċt fágáil na puince seo ar n-diaíġ,
tá beagán le gnóḋaḋ & mórán le caill¬
eaḋ air leannṁuint an ċúrsa seo. Ins
a' g-ceud ċás do, taisbeánainn sé dia¬
ṁáil ċéille 'gus múinte; & ins a dara
cás, tá sé, fós, gan ḃríġ, mar is fíor
naċ n-deunan tarċuisne, aċt an té b'
áil linn d' aṫruġ'ḋ, do ḋeunaḋ níos
daingne in a ḃaraṁuil féin. Rud eile:
Cuireann a leiṫidiḋe seo bac & eaglaḋ
air ṁórán scoláiriḃ atá claonta air
scríoḃaḋ ċum an Ġaeḋil. Is fios dúinn
uile gur go faiteaċ do ċuirmid ar g-
ceud leitir ċum páipeura, & táim cin¬
te gur b' iomaḋ leitir do scríoḃaḋ le
leiṫ-ḃliaḋain, le cur ċugat naċ ḃ-feic¬
feann tú ċoiḋċe tríd eagla roiṁe na
loċtóiriḋe seo.
D' ḟuaigair tú míle fáilte, bliḋain o
ṡoin, roiṁe ċeud iarruiġteaċaiḃ agus
ġeall tú go g-conḃóċṫá duilleog air
leiṫ, gaċ mí doiḃ. Tá siad a ḃ-ḟeaḋm
go cruaiḋ air an nGaoḋal, aċt béiḋ
siad a' ḋiaṁáil ċo fad as ligis tú do
ḃaoṫ loċtóiriḋe greim scornaiġ ḃreiṫ
air scríoḃnóir air biṫ naċ d-taiṫniġ¬
eann leo.
'Sé mo ċoṁairle-se ḋuit gan éist¬
eaċt na áit 'san nGaoḋal do ṫaḃairt
doiḃ seo a ġniḋeas gnáṫas do ṫafan :
& a ṫóigeas mioṡásaḋ & miosgas eidir
ċáirdiḃ. Níḋinn siad mórán urċóid do
'n nGaoḋal 's dó'n ċúis; sgaoiliḋ uait
iad. Má aṫruiġeann siad béasuiḃ &
scríoḃaḋ go céilliġe stuama — má ṫaḃ¬
arann siad a m-baraṁ'laċa gan ḟearg,
gan tarċuisne & a g-coṁairle go múin¬
te, macánta, mar ḋaoine uaisle, éist¬
fir leo & leigfir iad go h-urramaċ, plé¬
siúra aċt mar n-deunfaiḋe siad seo-
a Ṡaoi, soiṫ síos go trom, daingean-
múċtaċ orṫa, más áil leat an Gaoḋal
& cúis na Gaeḋilge dul ċum ċinn.
Níḋ eile : 'sí Nádúr a ġníḋeas an
file. Coṁairliḋ do scríḃneoiriḋe gur
feárr 's gur tairḃiḋ scríoḃáḋ i g-cóṁ¬
ráḋ — i nGoeḋilge ṁait ċoṁṫrom, 'ná i
n-droċ ḃ-fearsa Cread fá naċ ḃ-feic¬
eann daoine naċ féidir doiḃ dánta do
ċumaḋ no scríoḃ? Agus cad ċaoi naċ
d-tugann a gcáirde cogar doiḃ, nar
smuain Nádúr fileaḋ ḋeunaḋ ḋoiḃ? ]
Tá sé da ualaċ ort, gan aṁras uċ¬
taċ & cuideaḋ ṫóirt do ḃárdiḃ óga, &
slíġe ḃisiġ ṫoirt ḋoiḃ a n-duilleogaiḃ
an Ġaeḋil, aċt d' ḟear filliḋiḋ & ceol
na h-Éireann, ní ṡaṁluiġeann sé ceart
duit do ṗáipeur do líonaḋ gaċ mí le
ramásaiḃ gan dran, gan toṁas, gan
ċíal, gan ḃinneas, le daoineaḋ, a' sgig,
