466
AN GAOḊAL.
REMEMBERING ARCHBISHOP McHALE.
As usual, the P. C. S. of Brooklyn commemora¬
ted the 96th anniversary of the late Dr. McHale,
Archbishop of Tuam, at their rooms in Jefferson
Hall on the evening of March 5th. The program¬
me of the evening, which embraced speaking, re¬
citing and singing, was excellently rendered. Pre¬
sident Gilgannon addressd the audience in Irish
and in English, but the speaker of the evening
was the Rev. Thomas J. Fitzgerald, who spoke in
the Irish Language exclusively. The ease, preci¬
sion and force with which the Rev. Father deliver¬
ed his address plainly shows his perfect command
of the language and his veneration and love for
the subject of his discourse. He was repeatedly
applauded by the vast audience, who understood
him as thoroughly as if they were raised beside
him. Father Fitzgerald spoke substantially as
follows. —
A ċoṁarsan an ċroíḋe, — Is mór an
sásaṁ aigine liom an-uair ag ċíġim gas-
'ra ṁór de ḋaoineaḋ creideaṁnaċa,
mar aṫá annso anoċt, bailiġṫe a d-tean¬
ta ċéile air an taoḃsa ṡáile, le grád &
urraim d' ar n-aṫair spirideálṫa i nDia,
Seáġan Mac Héil, Árd-easbog Ṫuama
(buala basa). Do ḃí, atá & béiḋ tráċt
air a ainm siúd le cionna & le meas,
ní ṡé aṁáin a g-Cúige Ċonnaċta, aċ air
fuaid Ċúige Muṁain, Ċúige Laiġan &
Ċúig' Ullaḋ. air gaċ teíntán ó Ċeann-
t-Saile go ḋ-ti Cloċ-an-Stocáin agus ó
iarṫar na nGailliṁ go d-ti Caṫair
Ḃaile-aṫ-Cliaṫ. Beiḋ tráċt air leis le
onóir go fada fós air fuaid Ṡaġsana-
Nuaḋ, ann Seanna Ṡaġsana, in Albain,
annsna h-Indiaṫa agus air fuaid na d-
tíorṫa Ṫeas, agus ann gaċ ráigiún fe'n
ngréin ann a ḃ-fuil Clanna-Gaoḋal (mór
ḃuala bas). Ḃí meas aige gaċ n-duine
air, uasal agus ísiol, ó Ṗápa na Róiṁe
anuas go d-ti 'n sgláḃuiḋe boċt is suar¬
ṫaíḋe in Éirinn. Is beag a raiḃ
buiḋeaċus gaċ nduine air mar a ḃí air
siúd ; aċ do ṫoíll sé é go léir mar ḃí
an croiḋe agus an t-anam aige a g-creid¬
eaṁ na h-Éireann, a n-daoine na h-Éir¬
eann, agus a d-teanga na h-Éireann
(daḋṁolaḋ ṁór]. Bo ceart dúinn a
ċóṁairle ḋeunaḋ agus a ṡampla do
leaneaṁúint, sé sin, ar d-teanga ḋ'ḟóġ¬
luim, a laḃairt agus a múine d'a ċéile
Mar 'sí an teanga is dual & is duṫ¬
ċas dúinn í, teanga na d-treib Ġaoḋal¬
aċ. Ní ḃíon tréiḃ gan teanga, & ní fiú
treiḃ gan teanga ḋ'áireaṁ.
Mo ċreaċ ċráiġte gan mórán de
ṡort Leoḋan na cleire aguinn ċun
ar d-teanga ċuir air bun.
Mar 'sí teanga na ríġte & na ḃ-faiġ í;
teanga na Féine agus na nGaisgaíġe;
teanga na naoṁ, na n-ollaṁ, agus na ḃ-
feilíḋe; sí an teanga i laḃarag riaṁ
agus a g-cóṁnuiḋe leis na mílte bliaḋ¬
an i n-Éirinn í, no gur ċuir an Sagsan¬
aċ cosg air í laḃairt agus í ṁúine,
mar ṡíleadar na Sagsanaiġ ar g-creid¬
eaḋ a ṁúċa, & sinn ag d'iompóġaḋ leo
féin. Do ṁeasdar ár d-tír ag ṫógaint
agus sinn ag ḋíbirt amaċ no ċuir fe
ċois, agus ár d-teanga ṁílis ag ċuir
ċun báis. Aċ, mollaḋ le Dia, níor ċuaiġ
leoṫa air fad: ní ḃíon buan aċ an ceart.
Is cóṁ-an-aois an teanga Ġaeḋilge le na
teangṫaċ' is sine s. s. Eaḃrais, Gréigis, &
an teanga Ṡeannsgríḃte annsna h-Ind¬
iaṫaiḃ. Atá sé ráiḋte aige úġdair ṁór
gur b'í an teanga is seine díoḃ go léir
í, agus gur b'í ag laḃaraġ air d-túis a
b-Párṫas. Aċ fágfamid an ṁéid sin fe
na h-úġdair léiġeanta duḃairt é (sgarta
mór gárṫa . Deir dream eile gur tean¬
ga ċruaiġ, deocaṁuil do-ḟóġlumṫa í, &
ná faíġaċ an t-áḋarseoir féin í ḋ' ḟóġ¬
luim. Ní fíor san mar is teanga ḃreáġ,
ḃog ṁilis í & 'sé ċúis na d-taiṫníġean
sí leis an áiḋḃerseoir, mar 'sí teanga
na naoṁ agus na n-aingeal í (sgarta
gárṫa & buala bas].
Bíḋmid go léir air aon toil aṁáin &
cuirimid róṁainn go spiucaṁuil cun
í ḋ' ḟóġluim, i laḃairt agus í ṁúine d'a
ċéile, agus na stadaċ dada sinn aċ
deunamid imníoṁ feasda ḋí, agus d'a
ḃriġ sin taisbeánṫamid an gráḋ tá a¬
guinn d'ár d-tír agus an baḋ tá 'guinn
le n-ar d-teanga. Agus beiḋ Árd-eas¬
bog Ṫuama le greann ag feuċaint an¬
uas os na flaṫais orainn agus ag guiḋe
cun Dé ḋúinn le croiḋe mór maiṫ. Mar
bo ḋé croiḋe na féile & ríġ na ḃ-fear
é — Go neartuiġe Dia liḃ.
We are highly pleased at having the opportunity
of placing the foregoing address before the public
because of the erroneous idea which prevails re¬
garding “The Connaught Irish, the Munster Irish"
