AN GAOḊAL.
469
Mr. M J LOGAN, Editor of the GAEL.
The following hymn, Salve Regina, was dictated to me
by a pupil of our up-town Irish School.
J J LYONS.
AN PAIDIRÍN PÁIRTEAĊ.
Go m-beannuiġṫear duit-se, a naoṁ ḃainríoġain Ṁuire,
'S go ḃ-fuil tú molta ṫar ṁnáiḃ na cruinne;
Glóir agus molaḋ do do ṁéin gaċ lá,
A ṁór ṫrócaireaċ, ṁilis, tá lán de 'n treas lá !
Is tú ár maiṫ, is tú ár milseaċt, is tú ár ndóċus croiḋe;
Is ort a ġuiḋeasmuid, clann Eaḃa gan ḃríġ,
A ngleann seo na n-deor, feuċ orrainn le luas,
No go leigfiḋ tú ár n-osnaiḋe 's ár n-deor' in do ċluas.
O! mar sin duit, a naoṁ ḃainríoġain Ṁuire,
Le do ṡúiliḃ trócaireaċ, feuċ orrainn le truaiġe;
'S taḃair ḋuinn tuigsint air uair ar m-báis
Gur b'é toraḋ do ḃronn, Íosa, d' ḟulaing an ṗáis.
Ó! a ṁór ṫrócaireaċ, 's a Maiġdin ṡáiṁ,
A Ṁaiġdin ġrásaṁuil, sín ċugainn do láṁ;
A naoṁ Ṁuire, a ṁáṫair Dé, na leig sinn a g-caṫuiġṫe,
Aċ saor sinn ó olc. Amén.
Phila. Pa., Márt an Earraiḋ.
tuilleaḋ paidruċai
Vol. VII. l. 926, 930
RANN ÉIREANNAĊ.
Máire.
Tá cailín air an m-ḃaile so, d' ar b'ainm du'ise Máire:
Do ṫug me gnaoi 's gean di seo, ṫar ċailíniġe na h-áite.
Ní'l ór agam no airgiod, ní'l dadaiġ ach mo ṡláinte;
'Smás rógain leiṫe folaḋ me, dar noinín, tá me sásta
Do ṡíl mé gur ba gealaċ í; & do ṡíl me gur ba grian í;
Do ṡíl mé gur ló sneaċta d'a cáṫaḋ ó 'n t-sliaḃ í,
Is do ṡíl mé aríst gur buḋ ṡí an reult eolais,
No bláṫ na súḃcraoḃ, air gaċ taoḃ de na boṫairiḃ.
Do ṡíl mise in mo ċeann, mar do ḃí me gan eolas,
Gur banaiġ ḋom do láṁ ḋeas, is ċuir air fáine pósḋa.
Tá aon níḋ aṁáin eile is mó ḃaineas mo ċiall díom,
Gur mór ṁór an ceo aig dul róṁam agus mo ḋíṫ ṫú.
Translation.
MARY.
A maiden in the village dwells — her Christian name is “Mary "
O'er all the girls in the place I give her love unchary;
No gold or silver store have l, — my health is all my treasure,
Contented in my coat of grey — I envy none their pleasure.
