490
AN GAOḊAL.
THE NEW YORK GAELIC SOCIETY
A meeting of the Council of this Society was
held at number 17 West 28th st. on Wednesday
evening, April 15, in order to bring about a uni¬
ty of interests among all desirous of becoming in¬
timately acquainted with the Language, History,
Antiquities and Amusements, of Ireland, and of
cultivating Irish Art, Music and Literature. Va¬
rious persons were invited to represent each of
these interests. The Rev. Thos. J. Fitzgerald, of
Brooklyn, invited to represent the Language, was
first called upon, and spoke as follows. —
A Ollaiṁ 'sa Ḃráiṫre, —
Preabann mo ċroíḋe le h-áṫas an
uair ag ċíḋim an tionól mór atá ḃail¬
ġṫe anso anoċt, mar sin coṁarṫa gur
ṫug gaċ ndaon agaiḃ tora air an gcoi¬
re fuairamuir, agus gur ṫangaḃar go
h-úṁal agus go h-eusgaḋ agus d'aon
ġnóḋ, ċun ḃur g-cóṁairle ċur a gceann
a ċéile ċun go ndeunfamuís amaċ an t-
slíġe is feárr ċun an teanga Ġaeġilge,
ceól ḃinn Crioċ Fodla agus gaċ nós do
ḃainann le tír na h-Éireann do ṫaḃart
ṫar n-ais, do ċosaint, do leaṫanúġaḋ &
do buanúġaḋ ameasg na nGaoḋal 'sa
tír seo, (buala bos).
Ní h-aon iongantas go mboiḋ cruinn¬
iúġaḋ mór annso anoċt ċun an gnóḋ sa
ċuir air bun, aċ is mór an t iongantas
nár rineag rod eigint d'a ṡórt riaṁ
roiṁe seo, t'réis a ḃ-fuil de ṡlioċt na
nGaoḋal sa tír seo. Ní misde é raḋ
go ḃ-fuilmid fuar fáilliġeaċ, & ní féid¬
ir linn é ṡeunaḋ agus tuigeann siḃ go
léir gur fíor san, a ḃraiṫ're. Is miṫid
dúinn músgailt agus cuiṁniúġaḋ air
rod éigin a ḋéanaḋ ċun ar dteanga ṁi¬
lis do ċur air ḃun; aċ "is feárr déiġ¬
ionaċ na ċoíḋċe," sé sin, is feárr tos¬
anúġaḋ anois féin ná é ċur ḋínn níos
sia. Ní'l dada ó Ḋia anuas, sé sin, ní'l
dada ó ar g-creideaṁ amaċ is mó ċuir¬
feaċ sólás air mo ċroíḋe ná teanga ar
seínsear agus ar d-tíre do ċasa, do
ċosaint agus do buanúġaġ, (mola mór).
Mar 'sí is dual dúinn agus ann ḟoċar
sin is ceann des na teangṫaċa is seine,
is birne & is glaine fe luiġe na gréine
í, (buala bos). 'Sí laḃ'rag a g-coṁnuiḋe
riaṁ g-Crioċ Fodla í; 's laḃ'rag 'sa
m-Breatainn í no gur ṫáinig na Saġ¬
sanaiġ ann agus gur ruagadar na
daoine steaċ a g-cúinne beag ḋe 'n tír
sin, sé sin an Ḃreaṫnaisg agus laḃ'¬
raid siadsan fós í, & tá 'n greim dain¬
gion aco airṡí agus níos mó páipéir a
g-clóḋ 'co ná tá aguinne.
Laḃartar ann Albain í agus 'táid
siadsan a b-fad níos greamasaṁala
airṡí ná atá muidne agus níos mó pái¬
péir nuaḋaċta 'co ná 'guinne.
Laḃ'rag 'sa ḃ-Frainc í fe raiḃ aon
tuairisg air Laidin no Fraincis le fáġ¬
ailt agus laḃartar a g-cuid de 'n ḃ-
Frainc fós í (Brittany), agus is 'mo
leaḃair sgríbte ínte.
Laḃ'rag air fuaid na Sḃáinne leis
í agus atá sí fós ansa mBiosgán [ Bis¬
cay ). Sgríoḃtar agus léiġtear fós sa
mBiosgan í — ṫug na Gaeġil a d-teanga
leo ó Ṁaċaire Seanár agus ṫangadar
tríd an Éigipt agus tríd an Ġréig, &
ċuir cuid aca fúṫa sa Sbáinn, san Io¬
táile, agus ansa nGréig, agus do leaṫ¬
anuiġdar air fuaid na Fraince, na h-
Éireann agus na Breatain roiṁ aon
dream eile. D' ḟág an Ġaeḋilge fuiġ¬
ealaċ mór focail na diaig air fuaid na
tíorṫasa, agus annsna teangṫaċa-sa.
'Sí is binne mar tugṫar mar ainm
airṡí "teanga ḃog, ṁilis, ḃinn ċeólṁar
na h-Éirenn," agus is mór an tógaint
croíḋe leis sean-ḋaoine, agus cuireann
sé greann air ċroíḋe na ndaoine óga í
laḃairt (buala bos ).
'Sí is glaine mar is lúġaḋ d' ḟocail inn¬
ti ó aon teanga eile measgaiġṫe leiṫe
agus tá sí aneaṁuil air a sgeul ag ḋ'¬
innsint gan congnaṁ ó aon teanga eile.
— teanga ainti féin í —
Naċ mór an t-iongantas gur mó sgol¬
áiríḋe d'a fóġluim 'sa nGearmáin ná
atá in Éirinn & a Saġsana a dteannta
ċéile, agus táid da fóġluim 'ngeall air
an méid feasa tá innti d-taoḃ a h-aois
agus d-taoḃ na ḃ-focail ag d'ḟág sí in¬
sna tíorṫa-sa na diaig, & mar ceann
desna seaċt d-teangṫaċa í.
'Sé 'n truaiġ í ṁeaṫ agus atá sí ag
meaṫ & sínne feucaint airṫí go spaid¬
eaṁuil agus go neaṁ-ṡuimeaṁuil mar
ḃioḋ daoine gan croíḋe, gan anam. Bo
ċeart dúinn coṁ-ċionna ḃeiṫ air ar d-
tír agus air ar d-teanga mar is le na
ċéile ġaḃaid.
