494
AN GAOḊAL.
TEAĊ NA ḃFEAR RIAĠALTA,
Naoṁ Iosep, an dara lá déag
de ṁí Márta, '85
Do Ċloḋadóir an Ġaoḋail.
A Ṡaoi :— Do ċaiṫfinn an t-airgiod so
ċur ċugat a g-cionn mí no ḋó, aċd air
measaḋ ḋom go mb' ḟéidir go ḃ-fuil gno
agat de anois, cuirim ċugat é.
Tá uaigneas mór orm, a Ṡaoi, do
ḃríġ nár ṫainic an Gaoḋal ċugam an
ṁí ċuaiḋ ṫorrainn.
Le súil go ḃ-fuil do ṡláinte go maiṫ,
fanaim do ċarad,
MIĊEÁL Ó HOURIGÁN.
Somerset, Condae Ṗerriġ, Óhió,
BOSTON, MÁRT, 1885.
A Ṡaoi Ionṁuin;
Do fuaireas do nóta an t-seaċt¬
ṁain a d'imṫiġ ṫarrainn, aċ ní raḃ uain
agam roiṁe seo do ċuir sgríḃinn ċugat.
Anns an leitir seo cuirim nóta airgid
ċum an Gaoḋal do ċuir ċugam bliaḋain
eile. Sgríoḃ ċugam arís,
Do ċara,
Muiris Ó'Duinnín.
Móḃíle, 28ṁaḋ Feaḃraḋ, '85.
Ċum Clóḋaire 'n Ġaoḋail.
A Ṡaoi Ḋíl :— Táim a cur aon dolair
air son Miss Ellen Finch, ċum díol ar
an nGaoḋal. Deir sí gan an Gaoḋal
ag ċur níos mó de ḃriġ naċ féidir léi a
léiġeaṁ, agus naċ ḃ-fuil aon gnoḋ aice
ḋe. Má tá tuile ag teaċt ċugat air
son an Ġaoḋail deir sí go g-cuirfiḋ sí
ċugat é.
Ba ṁaiṫ lioṁ taisbeánaḋ d' ḟáġail
uait ċun é do ṫaḃairt ḋí,
Do ċara,
M. MacSuiḃne.
( Buiḋeaċas do Ṁáiġistreas Finsh; dá
n-íocóċaḋ fiaċánaḋ an Ġaoḋail leaṫ a
n-iaráiste ċo beaċt leis an mbean uas¬
al sin, d'ḟeudóċaḋ sé tule clóḋ ċeann¬
aċ gan aon ṗiġinn airgid iarruiġ air
iasaċt uainne. Cuirfimid ḋá uiḃir de
Gaoḋal na míosa seo ċugat agus tig
leat ceann aca ṫaḃairt ḋi mar ċoṁṫar¬
aḋ ag adṁúġaḋ a teagaraḋ, agus go b-
fuil a fiaċa íocṫa go h-iomlán. — F. G.).
(These letters from Rev. Father Horrigan and
Messrs. Dinneen and MacSweeney were mislaid
and did not turn up since their reception till now).
DO'N ĊRAṪAĊ.
(Complimentary to Mr. McGrath.)
A Ṡeáġain:
Béiḋ fáilte ġeal air feaḋ mo saoġailsi,
Roiṁ gaċ duan ag teaċt uait féinaċ,
'Só ''Sliaḃ geal Gua riug buaḋ na féile
Ag riar luċt duanta, druaḋ a's cléire."
Bo ḋoiġ liom féin gur tú toġa na ḃ-
feilíḋe
D'a mbioḋ uain agad air roint ḃeag
taiṫíḋe,
Do ḋeunaḋ, a's cúram do ġlacaḋ 'gus
imníoṁ
Ċum do ṫeanga féin ag léiġeaṁ 'sag
sgríoḃ.
Ní ċuirfinn a ḃ-fáir aon saoṫar na
duaiḋ,
Ċum acara ḋeunaḋ do Ċraṫig Ṡliaḃ
Gua,
Mar ḃídar cuidṫara, ceannsa 's báḋ¬
ṁar,
Coṁarsanaṁuil, carṫanaċ, cneasta 's
gráḋṁar.
Daoine farsaing, fial, feileaṁuil,
Macánta, séiṁ agus croíḋeaṁuil,
Deárṫúil, múinnte 'gus coṁ ṁoḋail,
Le na g-coṁursain o 'n Seanna-Ċoḋail.
Bo ḃreáġa liom féin ḃeiṫ in Éirinn ṫáll,
Dá mbioḋ sí saor ó reaċt na nGall,
Mo ḃrón! is fada 'n Saġsanaċ táir 's
toḋail,
'S air "Oileán na Naoṁ" ag deunaḋ
foḋail.
Bí ag guiḋe ċum Dé gaċ maidin 's oíḋċe,
Agus béiḋadsa leat go bráċ a's ċoíḋċe,
Ċum na Saġsanaiġ ḋíbirt gan cas' air
sáil,
Ṫar n-ais go deo go h-Innis Fáil.
Sean Ċoṁursa, ó'n t-Seanna-Ċoḋail.
