AN GAOḊAL.
465
Agus tagaim ċúġat anois le sgeula,
Gur gairid d'Éirinn saoirse 's glóir;
Is buaḋ 'gus meas arís do'n Ġaoḋailge,
Air Craoiḃín Aoiḃinn Áluinn Óg.
Annsan do sguir di 'nuas go seiṁ dom
An ċláirseaċ ċaoin bo dual d'á rioġ¬
aċd,
'S is binn do ṡínn sí suas Te Deum,
Is puirt is aoḋair bo ġeall le draoi¬
ḋeaċt;
Le sólás grínn a foínn 'sa dréaċta
Titim traoċda air an ḃ-fód;
'Nuair uċ! ó'm ṫaoiḃ 'na gaoiṫ seaḋ d'
ealaig
An Ċraoiḃín Aoiḃinn Áluinn Óg.
NOTE — Glan Eaḃa in the first verse of
the above song stands for Allegheny,
which in one of the Indian dialects
signifies clear water. Éire Ṁór, in
the same stanza signifies America
which, according to the Icelandic Sa¬
gas, was anciently called Irlande et
Mikla or Great Ireland; which, by
the by, should, I think continue to be
the name of this American Continent
in our Gaelic idiom' i.e Éire-Ṁór. The
other personages referred to are fairy
divinities, or Irish historical characters
[The Gael thanks his friend Russell
for this information regarding Éireṁór
and shall adopt the name in future
when referring to America, — Ed.)
CEARTUIĠ ANTOINE ḊUIḂ.
Fonn — Clúduġaḋ na Fuiseoige
D' éiriġ me féin air maidin go moċ
Agus ċuaiḋ me go ceártuiġ Antoine
Ḋuiḃ,
Áḋḃar mo láiġe tá agam in seo,
Agus ag iarruiġ a deunaḋ a tá me.
Ṫarraing sé 'maċ tobac agus píopa —
So ḋuit an ċaṫaoir & suiḋ le mo ṫaoḃsa
So píosa de ḋuilleoig agus caiṫtear le
siams' í,
Agus toiseóċ' mé air áḋḃar do láiġe.
Co-ṡeinm,
Séid & buail & taḃair asteaċ gual,
Séid & buail 'rís & taḃair asteaċ gual,
Séid na boilg seo ṡiar air mo ċúl
No go d-tosuiḋe mé platáil do láiġe.
Do ṡuiḋeas síos le taoḃ Antoine Duiḃ
A caiṫeaḋ mo ṗiopa, ḃí lán de 'n luiḃ
Do ṁol sé liom na raḃ niḋ níos áille,
Is d'iarras air deifriuġ' le mo láiġe.
Sé duḃairt se liom de ċóṁráḋ ḃog ċiuin
Dá m-beoċ fiċe fear ann 'stú ḋeaḃfas
an uain,
Aċ séid na boilg seo ṡiar air mo ċúl
No go d-tosóċaiḋ mé 'r áḋḃar do láiġe.
Co-ṡeinm.
D' éiriġ mé féin ann sin go h-úṁal
Séideaḋ na m-boilg ḃí ṡiar air a ċúl,
Ḃi na lasraċa 'g éiriġ ṫrí ċeart ṁull¬
aiġe 'n tiġ,
Agus mé fágáil m'anam a gáire.
Rug sé air an tenċeir aige in a láiṁ,
Cruinniuġ na n-iarann 's buḋ doiliġ a
ḃ-fáġail;
Mar ḃí píosa de ċurán a's paisde de
ṡleáġan,
A's láiṁín iaruinn an t-sáspuinn.
Co-ṡeinm.
Nuair a fuaireas mo láiġe deunta ó'n
g-Ceárta,
Ṫug mé a ḃaile í 's ċuir mé 'g obair í,
A's ní'l aon ḟear óg dá m-beiḋeaḋ sí
in a láiṁ
Naċ m-beiḋeaḋ i d-tús na meiṫle an lá
sin.
Ḃí sí ċo geur le cloiḋeaṁ in a beul,
No leis an rásúr a ḃeárróċ' do ġiall,
A's ċluinṫeá í síoscaḋ i gearraḋ an
ḟéir,
A's ní iaróċaḋ sí coṁnaḋ in a raiṫte.
Co-ṡeinm.
Antoine Duḃ was Anthony Sheridan,
a village blacksmith of Ballintubber,
co. Mayo, and the rollicking village
bard’s name I did not hear, although
the song cannot be very old as I am
told that one of Antoine Dub's daugh¬
ters lives still in New York.
Mr. James McHugh of New York
dictated this song to me. — Yours &c.
Martin P. Ward.
