480
AN GAOḊAL.
Phila. Pa. 11th Sept. 1885.
Herewith is enclosed an article for
publication in the noble Gael. But,
perhaps, you would not deem it worth-
y of a place in your patriotic journal
as it does not directly bear upon mat-
ters relating to Ireland. But, in order
to bring into general usage and collo-
quial expressions several certain Irish
words that are nearly obsolete, or that
are forgotten by the majority of Irish-
speaking persons and who are obliged
to use an English word as a substitute,
it is essentially necessary that a var-
iety of subjects ought to be written on
Besides, it cantains some truths of
great importance, and will be of some
interest to many of the readers of the
Gael, particularly as these facts app-
ear under the beautiful garb of the Ir-
ish vernacular. Consequently, it may
not be altogether an inappropriate
matter for publication. Faithfully,
P. J. Crean.
NA FIACLA.
Tá fiacla nádúrṫa, glan, iomlán agus
falláin riaċtanaċ do ḋaṫaṁlaċt an
eudain ; ní ṡé 'ṁáin go g-cuidiġean siad
le taisbeáint an duine, aċ cuidiġean go
mór le feaḃas sláinte a ċoirp. Air an
áḋḃar sin, ḃuḋ ċóir aire airiġṫe a ṫaḃ-
airt dóiḃ go laeṫeaṁuil, ó 'n g-cúigeaḋ
bliaḋain suas go d-ti an cúigeaḋ bliaḋ-
ain air ḟiċead. Is cóir deoċa an-ḟuar
agus teiṫ a ṡeaċaint air aon dóiṫ. Má
deuntar úsáid de ġleus fiacal uair air
biṫ is cóir é ḃeiṫ deunta d' áḋmud no
cleite. An sgraiṫ a ḃíḋeas air na fia-
claiḃ cumṫar í ó ċuileóga a ċruinniġ-
eas orṫa, cuid acu is féidir a marḃuġ-
aḋ le galaṁnaċ, agus tuile le salan;
mar sin is cóir iad a niġe gaċ lá le
stuab no bruis tá cuimilte le galaṁnaċ
ġeal agus le salann, uair 'sa t-seaċt-
ṁain.
Leaġean siúcra fíor-ġlan gan dad¬
aiḋ ḟágáil na ḋiaiġ air na fiaclaiḃ, 's
teiḋean ann a ḃoilg gan ṁoill : mar sin
ní féidir leis aon díoḃáil a ḋeunaḋ
ḋóiḃ. Teas, fuaċt agus neiṫe searḃa
gniġeas doċar ḋóiḃ. 'S sé an doċar a
ḋeunas siúcra, an uair iṫtear iomar-
caiḋ ḋe tugann sé laig ġoile na neaṁ-
ḋileaġaḋ air ḋuine. Mairt-ḟeoil rós-
ta, suipéir oisre, pí glomaiġ, sudóga 's
putóga 's a leiṫide eile a ḋeunan níos
mó doċair do na fiaclaiḃ ná an méid
siúcra 's neiṫe milse iṫtar; de ḃriġ go
m-buḋ iad-san an coḃarṫóir a ḃrosd-
uiġeas laige ġoile. Is mór an t-olc a
deárnaḋ an uair a síolruiġeaṁ an bar-
aṁuil go raḃ siúcra agus neiṫe milse
eile díoḃálaċ aig na fiacla, mar ṫóig
siad intinn na n-daoineaḋ ó na neiṫe 's
mó raḃ díoḃáil. A saoillead go dearḃ-
ṫa da g-cuiruiġ fiacail a soiṫeaċ lán
de ṡoiroip go n-eíreoċaḋ sí bog, ach na
ḋiaiġ sin fiacail a cuireaḋ a m-leaġ-
ṫaċt do calomel air feaḋ seaċtṁane,
ni feidaḋ aon ċoṁarṫaḋ ḋe ḟáġail uir-
ṫi. Ġeaḃfaḋ leinḃ 's páisdiġe beaga
bás a ngeárr aimsire da g-coingḃeoċ-
aiḋ siúcra agus neiṫe milse eile uaṫa,
mar tá siad so-úusáideaċ le h-aġaiḋ a
gcoṫuġaḋ. Is eolas nadúrṫa an mian
ain-ṁeasarḋa seo na leinḃ ann gaċ níḋ
milis. Dá n-deunfaiḋ úasáid aig biaḋ
de neiṫe siúcra anns a nGeiṁreaḋ 's
de ṫoraḋ na g-crann, smeurṫa agus
caoir a ḃeit sáṫaċ abuiḋ, anns a t-Saṁ-
raḋ, agus leigean do na neiṫe seo eile
a d' ainmne mé, aċ ċo beag 's b' ḟéidir,
no an méid a ḃí fíor-riaċtanaċ, do ċaiṫ-
eoċaḋ leor do na fiaclóiriḋe a tá ans
gaċ baile agus caṫair ceird eicín eile a
leanaḋ.
P. J. CREIḊĊÍN.
Phila,, an 9ṁaḋ lá de Ṁí ṁeáḋain an
Ḟóġṁair.
Ó ċuireamar smuainte ar d-teagar-
ṫóra i g-clóḋ fuaramar teagair an óiġ
Nóra T. Ní Ċoistiola; an Dlíġeadór-
a Seáġan C. MacGuiḃir, agus ṫríd an
t-Saoi, Seáġan O'Dia, Scranton. Pa.
teagarṫaḋ Riosdaird MiċÉil, Ṁiċil
Ruadaiḋ agus Ṡeáġain Ui Longáin.
Deunóċaḋ gaċ caċ a ḋiṫċioll an Gao-
ḋal a leaṫanuġaḋ agus, le congnaḋ Dé,
is geárr no go m-beiḋ sé ins gaċ uile
ċeárda.
