AN GAOḊAL.
489
Our Dublin friends do not wholly
forget us. Our corresponding friend
seems to be better acquainted with lo¬
cations in our State than we are. We
are always pleased to hear from the
Old Sod; as the poet says, —
“Where e'er we roam, whatever realms to see,
Our hearts, untravelled, fondly turn to thee !"
ĊUM EAGARADÓIR AN ĠAEḊIL.
Baile Aṫa-cliaṫ, Éire, Seaċtṁaḋ lá
Deug Oċtṁí, 1885.
A Ṡaoi Uasal, — Fáġaim do irisleaḃ¬
ar luaċṁar gaċ mí ua ċaraid, aċt síl¬
im naċ ceart ḋom, no do aon Éireann¬
aċ eile aig a ḃ-fuil meas air ṫeangain
ársa a ṡinsear, gan an beagán do ṫaḃ¬
airt ḋuit iaras tú mar ḋíol air son an
Ġaoḋail. D'á ḃriġ sin, foluiġim fá clú¬
daċ na leitre so orduġaḋ air ṫrí sgil¬
ingeaḋ, agus béiḋ me buiḋeaċ díot aċt
cuir do ṗáipeur i triall orm air feaḋ
bliaḋain. Adṁuiġim go fírinneaċ naċ
míosaṁuil buḋ ṁaiṫ liom an Gaoḋal d'
ḟeicsin d'a ċlóḋḃualaḋ aċt laeṫeaṁuil,
agus é ċoṁ fóirleaṫan le aon ṗáipeur
nuaḋaċd Sacsḃeurluiġ no Gearmánuiġ,
i cloḋḃualtar i Nuaḋ Ġorc, agus gan
focal do'n ḃeurla Gall ann ua ṫosaċ
go deire. Annsan b' ḟéidir linn i ráḋ
go raḃ páipeur againn do réir saṁlaċ¬
uis ár mianta. Is fíor go ḃ-fuil obair
ṁór deanta aig Éireannaiġ i d-tír Éire-
ṁóir do ṫeangain na Gaeḋilge. Coḃ¬
aruiġeann siad go fial gaċ corruiġ air
i m-biḋeann dearaṁ maiṫeas do ḋeun¬
aṁ ann aġaiḋ dliġṫe buirbe na Sacs¬
anaċ, ta fós go teann anns an dúṫaiġ
seo ag díbirt na n-daoineaḋ ua ḃailte
a n-dúṫċuis. Is iomḋa slíġ air a ḃ-fuil
deiṁnuġaḋ tugṫa aca gur foistineaċ a
tá siad le congnaṁ do ṫáḃart ċum Éi¬
re árduġaḋ i meas agus i réim. Dob-
ḟéidir n'ar ṫaisbeánadar an deáġ-in¬
tin sin aon tráṫ níos iomláine 'na leis
an gaisge rinneadar i g-Canada i m-
bliaḋain 1866 ag taḃairt coṁḃroċ
ḃrioġṁar do ṡluaiġte an t-Sasanaiġ.
Ċum fiaḋnuise ḋeunaḋ air an gníoṁ
so tá an iomad aḋlacaḋ 'sa g-cill Cait¬
ioloice Buffalo, Stát Nuaḋ Ġorc,
leaċd no tuama breáġ air a ḃ-fuil
sgríoḃṫa, — "Árduiġṫe le Fiannuiġe Bu¬
ffalo i g-cuiṁne Caiptín Lunargáin ag¬
us Fiannuiġe cróḋa uile do marḃaḋ i
g-Canada aig troid air son na h-Éir¬
eann."
Aċt fós ṫar ċeann a ḃ-fuil ráiḋte ṡuas
agam ní'l iomad deunta aig Éireann¬
aiġe anns na Stat Aontuiġṫe do ṫean¬
gain na Geaḋilge an oiread is buḋ ċóir
dóiḃ. Tá fios aguinn go léir go ḃ-fuil
scapuiġṫe air fuaid caṫraċa na tíre
sin mílte de ṁuintir na h-Éireann air
a ḃ-fuil eolas maiṫ air Ġaeḋilge do
laḃairt, agus a tá i g cumas ċum díol
as do irisleaḃar gan díṫ d'a b-póca.
Da d-tógfaḋ a d-trian an Gaoḋal ag¬
us an ċoḃair atá riaċtanaċ do ṫaḃ¬
airt ḋuit, ní'l aon aṁras naċ g-cuir¬
feá breis cruṫ air ċlóḋ-ḋeilḃ do ṗáip¬
éir. Caiṫfeamuid anns an am ceudna
leiṫsgeul urṁór na n-daoineaḋ so do
ġaḃail, mar tá leaḃair clóḋḃuailte i n-
Gaeḋilig daor agus gann, stáid i ċuir¬
eas sinn bun os cionn air an saṁ-ṡoc¬
aireaċt le ar féidir do Ġearmánaiġe,
Francaċ no Sacsanaċ a láiṁ do ċuir
air leaḃar grin-eolais no staireaṁuil
do réir a ṫola no a ċanaṁuin féin; ní
ṡé naċ ḃ-fuil iomarcaḋ de leaḃair láiṁ-
sgríoḃṫa, líonta le dánta agus sgeul¬
ta aoiḃne ċuirfeaḋ áṫas air ċroiḋe
ḋuine in dá oircisde leaḃar anns an g-
caṫair seo ná'r clóḋḃualaḋ ariaṁ, óir
ní raḃ airgiod ċum an cosdus do ḋíol
ag an muintir ḃí aigeantaċ air a ḋeun¬
aṁ. Do rinne an Sacsanaċ náṁadaċ
agus a coṁluċd in Éirinn a n-diṫċioll
ċum an Ġaeḋilig ċuir fá ċois, agus dí-
ṁeas do beiṫ air aig luċt ciniḋeaċa
coiṁṫiġe. Aċt tá muiniġin láidir agam
naċ d-tiocfaiḋ leo an láṁuaċdair ḟáġ¬
ail air ṡean teangain ṁilis na h-Éir¬
eann, anois o tá Éireannuiġe na Stat
Aontuiġṫe aig taḃairt a g-congnaṁ
ċum an obair ṁaiṫ do leasúġaḋ.
Críoċnóċaḋ mé anois go sgríoḃfad
mé i triall ort arís, aċt aṁáin guiḋe
go g-cuireaḋ Dia raṫ air do ṡaoṫar, &
gur fada ṁairfeas tú féin agus an
Gaoḋal.
Is mé do ṡeirḃíseaċ uṁal,
Pádruic O'Briain.
bliaḋna
being
an sin
a
do b' ḟ
a b-fuil eolus
maiṫ acu
aon agamsa
an
leis
