494
AN GAOḊAL.
120
Air: Féaċ
Poets and Poetry of Munster
page, 118. —
Cl. Soluis X. No. 29.
" Vol. IV. No. 43.
AN SEANDUINE.
(This song, “The Old Man,” is published by request of Mr. Anthony Walsh
through Martin P. Ward.)
Cóṁairle seaḋ fuairios-sa h-iar air a m-bóṫar,
O'n rógaire sagairt an Seanduine a ṗósaḋ;
Buḋ ċumaḋ leis é aċ go meudóċainn a ṗóca,
Ḋá m-beiḋinn-se gaċ maidin ag braiṫ air na cóṁarsain'.
Is óró Ṡeanduine ní leat a ġeoḃaiġ mé,
Óró Ṡeanduine ní leat a ġeoḃaiġ mé,
Óró Ṡeanduine leagfad ann fód ort,
Luiḋ air do leabaiġ 's nár éiriġe tú ċoiḋċ' ḋi.
Má ṗósaḋ tú Seanduine pósfaiḋ tú cloiḋre,
A ċaiṫfeaḋ a ṁailísiġ leat air a g-claíḋ ḋe:
Greim ní ḃlaisṫeá, air leabaḋ ní luiḋṫeá,
Aċ mar ḃeiḋeaḋ sionnaċ a riṫ air fuaid coillte.
Is óró Ṡeanduine, &c.
Do ċuirios-sa 'n Seanduine siar go Cill Ḟiaraċ,
An áit a raḃ míle 'gus fiċe ḋe ṡliaḃ róiṁe;
Do ċrapadar ioscada 's ḃriseadar ḟiaclaḋ,
Is ċuireadar a ḃaile mo ċeaṫarnaċ liaṫ ṫuġam.
Is óró Ṡeanduine, &c.
Ḋá ḃáġainn-se mo Ṡeanduine báiṫte a b-poll-mónaḋ,
Do ṫaḃarfainn a ḃaile é agus ḋeunfainn a ṫórṫaḋ;
Ḃainfinn an craicionn de 's ḋeunfainn de brógaḋ,
Is ṫaḃarfainn-se an dris do na buaċailliḃ óga.
Is óró Ṡeanduine, &c.
Do ċuaḋ-sa go h-Innis ag iaraiġ gleus tórṫaḋ,
Tabac is píopaiḋe 'gus cláraċa cóṁran;
Aċ air mo ṫeaċt a ḃaile ḋam a d-taca 'n tráṫnóna,
Caḋ a ġeoḃainn aċ mo Ṡeanduine fairsáiġil a ċórṫaḋ,
Is óró Ṡeanduine, &c.
Nuair bíḋim-se gan ġangaid a stracaḋ 's a súgraḋ,
Le buaċailliḋe deasa ḃíḋeas cóiriġṫe múinte;
Seaḋ ṗreabann mo Ṡeanduine amaċ as a ċúinneaḋ,
Is rinceann dreas air a ṗeireabaic ṗúġdair.
Is óró Ṡeanduine, &c.
Tráṫ ċóiriġim mo ṗearsa go deas le ribíniġ,
Le h-úda, le hatta 'gus gúnaḋ ḋon t-síoda;
Sé deir an Sean-ḟleascaċ gur scaipeaċ an t-sraíġil mé,
'S ó aiġneas ní stadann go m-briseann mo ċroiḋe ionam
Is óró Ṡeanduine, &c.
Ċualaḋ muidne an t-aḃrán seo ċeana air ṁoḋ eile, aċt
deir an Saoi MacṀáird go seinneann Antoine Breaṫnaċ
é air ḟeaḃas mar seo, agus de ḃríġ go ḃ-fuil meas mór a¬
gainn air Antoine, cuireamuid a g-clóḋ é.
