504
AN GAOḊAL.
O'DONOVAN ROSSA
We cheerfully insert the following poem com¬
plimentary to O'Donovan Rossa. If the English
ignore the will of the Irish people as now express¬
ed at the ballot box (as they threaten to do), in¬
stead of being characterized a foolish enthusiast,
O'Donovan Rossa will prove himself the most sa¬
gacious and trustworthy of Irish leaders. And
there is no doubt but his following will increase
accordingly.
1
Ó Ḋiairmid ! Seo ċúgat do ṡlánte!
Fad saoiġil duit 'gus sonas, ó Luain,
Nar airṁiġ 'iaṁ soċar no táinte
Aċt saoirse do ṫíre go buan.
Seo buaiḋ ḋuit air náṁaiḃ do ċriċe,
Ó ! ḟíor-ċraoiḃ de uas-ċrann na Rós !
So 'n t-Uaiṫne go h-uaiḃreaċ air ġaoiṫiḃ,
'San ruaḋ-ḃrat go h-íosal faoi ċos.
2
'Measg anman n-uasal ar d-tíre —
Na ngaisgiḋ a d' oibriġ do ċrioċ,
A n-diṫċiollaiḃ dána 'gus diana,
Í ṫógḃáil ċum saoirse arís —
Béiḋ d'ainm, Ó Ḋiairmid, 'san aireaṁ,
Ann onóir 'sann uraim roṁ-árd,
Béiḋ cannta 'gus molta i stáiriḃ,
'Gus seinnte le filleaḋ 'gus bard.
3
Ó ġaisgiḋ ! ann d'óige do ṡleaċtaiġ
Go fonnṁar ag altóir do ṫír',
'Gus d-ḟurṫail dí beaṫa 'gus taisge,
'Gus croiḋe teiṫ, dlisteanaċ, fíor :
'S ṫríd ḃliaḋntaiḃ de ḃruid 'gus de
ḃuaiḋreaṁ
Do ċongḃaiġ do ṁóide gan ḃréig —
Teiṫ 'measg na n-iomad a d'fuaraiġ,
'Gus fíor 'measg na n-uiḃir do ṫréig.
4
Gan ċongnaṁ i g-crúbaiḃ an tíoráin :
Ag cosnaṁ do ḃeaṫa a g-cuairt ;
A g-carcar fa ṁasla neaṁ-ḋaona,
No 'gcoigċríoċ 'do ḋeoraiḋ i mḃuairt,
Giḋ gur ḟeuċ sé ní ḟeudfaḋ an tíorán
Do spiorad neaṁ-eaglaċ a ċlaoiḋ',
Óir ċongḃaiġ tú brataċ do ṫíre
A follaṁuin go h-uaiḃreach air ġaoiṫ.
5
'S, Ó Ḋiairmid! nar ṫéid' tú 'na cille ;
Nar síntear go bráċ ṫú 'san uaiṁ,
Go ḃ-feicfiḋ tú ruaṫ-ḃrat na feille
Go h-íosal 'san t-Uaine i m-buaiḋ —
Tír aoiḃinn do ċroiḋe 'gus do ċléiḃe,
A reubaḋ a slaḃra mar laoċ,
'Gus an Ġaṫ-Gréine lasaḋ na spéire,
'Gus sgabaḋ duḃ neultaḋ na daoirs'
6
D'a ċeann sin, seo raṫ agus áḋ ort,
Ó ṫeann ḟir, ro ḋána, gan ċlaoiḋ':
Seo gearr ċúiteaḋ trom air an náṁaid
'S deiġ-ċríoċnúġ' air ṡioṫar do ḃíḋ;
Seo ar n-díl ḃrataċ tógṫa go céim'ṁuil
Tar ruaḋ ġiobóg fuaṫṁar na Sacs',
'Gus bláṫ-ḟleasg na buaiḋe air Éirinn.
'S air Diarmuid ua Dúinnioḃáin Ros
McṀ.
[Ámén — F. G.]
Vocabulary.
Pronunciation.
áireaṁ, counting, awiruv.
uaiḃreaċ, proudly, ooivraugh.
táinte, herds, flocks, thawintheh.
gaisgiḋ, brave men, gaishkee.
uraim, esteem, ur-im.
cannta, chanted, kawuntha.
stáir, history, sthawir,
sleaċtaiġ, to scarify, slaughthi.
taisge, treasure, thaiska.
ṫréig, abandon, deny, thrayig.
coigċríoċ, foreign, kuig-reeugh
follaṁuin, waving, hfollwin.
feille, of deceit, hfelleh.
cúiteaḋ, requital. kooithe,
JOHN O'DWYER of the GLENS.
We publish this old popular Munster song by
request of T. J Madigan, Pittsburg, Pa. —
Air m' eiriġiḋ ḋam air maidin
Grian an t-Saṁraḋ ag taitneaṁ,
Ċualaḋ an uaill d'a casaḋ
Agus ceol binn na n-eun ;
Broic a's míolta ag gearra,
Creaḃar na ngoba fada,
Fuaim ag an mac alla,
A's láṁaċ gunnaiḋe treun.
An sionnaċ ruaḋ air g-carraig,
Míle liú ag marcaiġ,
A's bean go dúḃaċ 'san m-bealaċ
Ag áireaṁ a cuid géi;
Petries A. I. M
No 736.
