AN GAOḊAL.
503
'Nois tá 'n ċoill d'a gearra,
Triallfamuid tar calaḋ,
'S a Ṡeáġain Ui Ḋuiḃir an Ġleanna,
Tá tú gan réim.
Is é sin m' uaigneas fada,
Scaṫ mo ċluas d'a ġearra,
An ġaoṫ a d-tuaíġ am' leaṫa
'San bás ins an spéir;
Mo ġaḋairín suairc ḋ'a ċeangal,
Gan cead lúṫ no aisdíġeaċt,
Do ḃainfeaḋ gruaim de'n leanḃ
A meáḋon ġil an lae —
Croiḋe na h-uaisle air an g-carraig,
Go ceaṫfraċ, buacaċ, beannaċ,
Do ṫiocfaḋ suas air aiṫionn,
Go lá deireaḋ an t-saoiġil;
'S dá ḃ-fáġainn-se suaiṁneas tamall
Ó ḋaoine uaisle an ḃaile,
Do ṫriallfainn féin air Ġailliḃ,
'S d' ḟágfainn an sgléip.
Táid fearainn ġleanna an t-sruṫa
Gan ceann ná teann ar luċdaiḃ,
A sráid na g-cuaċ ní h-óltar
A sláinte no a saoġal.
Mo loma luain gan fosgaḋ
Ó ċluain go Stuaic naoṁ Colam,
'S gan gearrḟiaḋ air ḃruaċ an rosa,
Air fán le an rea !
Creud í an ruaig seo air Ġallaiḃ,
Bualaḋ, buanaḋ, 's cartaḋ,
An smóilín binn 'san lan-duḃ
Gan sár-ġuṫ air ġeug;
'S gur mór an tuar ċum cogaḋ,
Cléir go buaiḋearṫa a's pobal,
D'a seolaḋ a g-cuantaiḃ loma,
Ann lár ġleanna an t-sléiḃ,
Is é mo ċreaċ ṁaidne
Naċ ḃ-fuair me bás gan ṗeacaḋ,
Sul a ḃ-fuair mé scannaill
Fá mo ċuid féin;
'Sa liaḋaċt lá breáġ, fada
D-tig úḃlaḋ ċúmra air ċrannaiḃ,
Duilleaḃar air an dair,
Agus drúċt air an ḃ-feur.
'Nois táim-se ruaigṫe óm' ḟearann,
A n-uaigneas ḃ-fad óm' ċaraid,
Am' luiḋe go duairc faoi sgartaiḃ,
'Sa g-cuasaiḃ an t-sléiḃ;
'S muna ḃ-fáġ me suaiṁneas feasda
Ó ḋaoine uaisle an ḃaile,
Tréigfiḋ mé mo ṡealḃ,
Agus fágfaiḋ mé an saoġal.
CLANNA GAOIḊIL TAR SÁIL.
Air — There is no Luck about the House.
Ó! seinniġ suas liom aḃrán binn
Do Ċlanna Gaoiḋil tar sáil,
Ó ċúige Múṁan, ó ċúige Laíġ'n,
'S ó ṫíorṫaiḃ Ínnse Fáil;
A's guíḋmís ó n-ár g-croiḋṫiḃ teó,
Gur leó-san sláinte 's saoġal —
Gur seunṁar iad gaċ oiḋċ' a's ló,
Gan ġuais, gan ḃrón, gan ḃaoġal.
A Ċlanna Gaoiḋil, air fuaid an t-saoi¬
(ġil,
Ár nguiḋe ċum Ríġ na n-dúl —
Gur mór ḃur seun gan ḃrón gan leun
Tar ṫaoide ḋoiṁin na srúl.
Tá fios againn gur mór ḃur ngráḋ
Do ṫír ḃur n-dúṫċais féin —
Do ċiúṁais ár d-tráġ', d'ár ngleanntaiḃ
(breáġ',
'S d'ár g-cnuic cois bárr Loċ Léin;
Aċ fós gan ġó, tá gráḋ níos mó
Aguiḃ do ċlainn na ḃ-Fiann —
Fíor-ġráḋ gan feóḋ ḃeiṫ ċoiḋċe beó,
'Sdo ṁair le ceudṫaiḃ bliaḋan.
A ċlanna Gaoiḋil, air fuaid an t-saoi¬
(ġil.
Ár nguiḋe ċum Ríġ na n-dúl —
Gur mear ḃur g-croiḋe, gan trom os¬
[nuiḋe
Tar ṫaoide ḋoiṁin na srúl.
San tír úd saor, a ḃ-fad anún,
Gur fada buan ḃur réim,
Gan ċiaċ, gan ċúṁ', gan ḃron, gan ḃrún,
Gan ċáiṁ is lúġ', gan ḃéim;
A's nuair is sé, toil ġlórṁar Dé,
Go ḃ-fáiġ' aon ḟear díḃ bás —
Ár nguiḋe go léir, gur árd ḃeiḋ sé
I b-Páláis Ríġ na nGrás.
The above respectfully addressed in the name
of the Irish people to the sea-devided Gael all the
world over, but especially to the New York and
Brooklyn Philo-Celts, by DANIEL LYNCH, Phil¬
ipstown, Dunleer, co. Louth, 23rd Nov. '85.
Vocabulary
