AN GAOḊAL.
505
See vol. 8. p. 657.
taċrán
Seaċrán Siḋe Ceart
AN SEACRÁN SÍĠE.
Air — The Fairy Boy.
Ḃain seaċrán síġe ḋam a d-tús na h-oiḋċe,
Agus deir mo ġaolta liom naċ raḃ ann aċ breug ;
Dar ḃríġ an méid bíoblaiḋe tá as seo go Seifríġe
Caiṫeas seal de 'n oiḋċe sin le gráḋ mo ċroiḋe.
Ḃí toġa gaċ biḋ ann, ḃí roġa gaċ diġe ann,
A's ḃí soiġṫiġe fíon' ann aḃus a's ṫáll;
'S go g-cuireoċaḋ se aoiḃneas air ḋuine saoġalta
An ċulaiġ ṡíoda do ḃí air mo Ṁeaḃḋ.
Do ḃí friḋeaḋ an ġáire air a h-eudan,
Agus ċuir sí fáilte róṁam agus ceud;
A's d' orduiġ sí a taisléis a ṫeaċt a láṫair,
Agus paca cárdaiḋe a ċuir ar ar g-cóṁair;
"A gaḃail do ṗárdúin, a ċiuin ḃean ṁánla,
Ní ṫig liom failliġe ḋeunaḋ in mo ṡlíġe;
Téiḋim go Buailiḋe Áruinn ag seasaḋ gárda
Air ṁnaoi ḃreáġ áluinn d' ar b' ainm Meaḃḋ."
"Suiḋ fút síos agus caiṫ an biaḋ sin,
Naċ feárr duit bainféis 'ná ag tórṫaḋ mnaoi ?
'S ní ṡí do ġráḋ-sa tá i m-Buailiḋe Áruinn,
Aċ Síoguiġe cráiḋtiḋ as Cnoc na Síġe.
Maiseaḋ brón do ċléiḃ ort naċ mise Meaḃḋa,
No an é d' eagnaḋ tá aig dul amúġaḋ?
'Sa Ṁister Brediġ ca ḃ-fuil na ḃéarsaiḋe
Do ṡeinn tú réir dam aig siúḃal na tráġaḋ ?"
Níor ċuir mé sgáṫ ann a raḃ sí ráḋ liom,
Le teann an ṗléisiúir do ḃí 'san áit;
Aċ mar ḃí sé síneaḋ aig teaċt ṁeáḋon-oiḋċe,
D' imṫiġ suairc an t-siamsa ó na gnaoi,
Do ṫug sí osna noċ do ċraiṫeoċaḋ Néfinn,
A's leáġuiġ sí as m'aṁarc mar ṡeinneán síġe;
'S aig dul air m' aġaiḋ dom go tiġe mo Ṁeaḃḋa,
Os cionn cláir sínte fuaireas rún mo ċroiḋe.
ná coṁarṫa
This song is built on a fairy legend.
A youth was going to see his inten¬
ded bride one night and met her on
the way. She accosted him and invi¬
ted him into the fairy mansion. She
had been taken by the fairies and, of
course, was dead to the world. He did
not know this, and she stipulated with
the king fairy if her lover should rec¬
ognize her before twelve o’clock that
she should be liberated to join him in
life. Throughout the entertainent she
was not once recognized by her lover
notwithstanding the many signs which
she made for his enlightenment, and,
therefore, she was lost to him. On his
arrival at the house of his intended
bride she was dead and being waked
by her sorrowing family and friends.
It was then that he remembered the
night's entertainment in the fairy
mansion with his intended bride.
