﻿524
AN GAOḊAL
singular phase of Irish national of affairs,
that the only Irish paper ever published with the
genuine stamp on its title page, is not found in the
house of every Irish family in America., — and
there is a large number of those who call them¬
selves patriotic. They do not know what patriot¬
ism is
When O'Donovan Rossa was in penal servitude
in England, the officials used to tie his hands be¬
hind his back, throw him to the floor and make him
lap his food off a platter like a dog. Can any one
then, blame Rossa for trying to avenge these in¬
dignities?
A VOICE FROM DUBLIN
SAOIRSE na h-ÉIREANN & TEAN¬
GA na GAEḊILGE.
Baile Áṫa Ċliaṫ' Éire, Dara lá
Gionḃair, 1886.
A Ṡaoi Uasal, — Ċoṁ tapaḋ is do
leig deiṫneas gnoṫa na Nodlog ḋom
sgríobaḋ, táim aig ċur leitir i triall
ort. An uair seo ní ṫráċtóċaiḋ mé
aṁáin aċt air neiṫeiḃ a baineas leis an
taob seo do 'n ḟairge ṁóir. Is sé tairs¬
gin an t-Saoi Parnell tiġ féise ḟáġail
fá leiṫ do ṁuintir na h-Éireann, mar i
n-deunfaiḋ dluiġṫe ċum riaġluġaḋ na
níre an t-aon ċéiṁ d'a d-tugann fir
ṁór-ḟóġlama an oileáin seo aireaċas i
nis. Air léiġeaḋ na b-páipeur nuaḋaċ¬
da noċ do ḋeunas ċúis an t-Saoi Par¬
nell do ṫagairt buḋ doil le duine naċ ḃ-
fuil níḋ air biṫ ċum coiṁlíonaġ an dóṫ¬
ċuis sin do ċosg, agus go ḃ-fuilmid fa
ḋeire aig fáinne 'n lae atá ċum an t-
saoirse ṫaḃairt do Éireannaiḃ 'na d-
tír féin air a ḃ-fuil siad taiḃreaḋ le
seaċt g-ceud bliaḋan. Gan aṁrus tá
maiṫ ṁór deunta air feaḋ na g-cúig
no sé m-bliaḋan imṫiġṫe ṫarainn i sliġ
na n-daoineaḋ do ṫeagasg agus do
aontuġaḋ anns an móḋ is fearr le ar
féidir dóiḃ cúṁaċt an t-Sasanaiġ ṁall¬
aiġṫe do ṡárṫuġḋ, nár staon ó ḋíoḃáil
do ḋeunaḋ ḋúinn agus sinn do ḃoċtuġ'
ó 'n t-am do ċuir an Dara h-Anriġ a
ċos ḟuaṫṁar air ṫalaṁ na h-Éireann.
Tá muinín láidir aig urṁór na n-daoin¬
eaḋ go d-tiocfaiḋ leo tiġearnuiḋe tal¬
aṁanta agus uaċdaráin buirbe eile do
ċeannsuġaḋ ṫríd an seasaḋ dangṁál¬
ta atá tógṫaḋ aċu, béiḋ sé aimsir ḟa¬
da sul is féidir na doċair ṁóra tugas
áḋḃar gearáin do ċeartuġaḋ, & an boċ¬
tanaċd a ċíḋmid ro ċiotċíonnta i m-
baile & i taiṫe do aṫruġaḋ go faḃaraċ.
Ní donuis iad seo do ṫarraing na h-
aitiġṫeoiriḋe orrṫa féin le uireasbaḋ
tionsgantaċt aċt toraḋ reaċduiḋe do
cuirtaḋ air bun ċum Éireannaiḋe do
iomruagaḋ, & a táid droiċṁéineaċ, loḃ¬
aḋ go ceartlár a g-croiḋṫeaḋ. Air an
laiṁ eile, deir an ċuid is mó de na pái¬
péir nuaḋaċda & de ḟir úġdaráis i Sas¬
anaiḋ naċ g-claonfaiḋ siad ċoiḋċe le
cead saoirse ṫaḃairt do 'n ṁuintir a
ċoṁnuiġeas air an taoḃ seo do 'n t-
Seilṫeán, & go m-beárr leo 'ná 'n réiḋ¬
teaċ sin d'ḟeicsin go m-ḃeiḋeaḋ Éir¬
eannuiḋe i n-daorḃruid airís air an nós
do ḃíḋ'dar ceud bliaḋain ó ṡoin. Is
deacair i ráḋ fós creud ṫiocfas as an
g-caint seo go léir, mar ní'l ann go h-ui¬
le aċ buille faoi ṫuairim.
Má ṫarluiḋeann sé go ḃ-fuiġeaḋ an
Saoi Parnell an tiġ féise tá aige d'a
iarrtiġ, buḋ ċóir dó gan aon aimsir a
i ċailleaḋ go noċtóċaḋ sé cuimse eigin
ċum an Ġaeḋilig do ċosnaḋ. B'ḟéidir
naċ ḃ-fuil cóṁarṫa eile fíor duṫċasaċ
in Éirinn d' ḟulaing oiread maslaḋ ó
ruanair na Sasanaċ le teanga na Gae¬
ḋilgé, oir tá sí i básuġaḋ, mar séin ár
d-tíre air feaḋ na g-ceudṫa bliaḋan &
tá sí dul i luige fós. P. Ua BRIAIN.
(Mr O’Brian's letter will be concluded in our next
as Gaelic "sorts" are run out we cannot advance.)
The Cornell Sun makes these kindly and high¬
ly deserved remarks relative to Prof. Roehrig:
The abolition of the department of Oriental
languages is a source of much regret; and it is to
be hoped that the services of the scholarly and dis¬
tinguished gentleman who has filled the chair dur¬
ing seventeen years, and whose work has been co-
eval with that of the University, will be properly
recognized and honored at the close of his official
term, as an old and worthy servant should be rec¬
ognized and honored, especially one who has, by
his very name alone, contributed more than many
of his associates, to the fame and standing of
Cernell,
Let the friends of GAELIC literature be
alert and push the matter to a success¬
ful end.
Béiḋ an Ġaeḋilge faoi ṁeas fós !
