AN GAOḊAL
563
Sgaoiltear seólta air neóin do Ṗeobus,
Do ḃí aeolus leó a's Téitis,
Sgeinnid amaċ do ṗreab 'san treunṁuir
A's druidid a ḃ-fad as teas ne gréine.
Níor b' ḟada gur ġoill air an g-cloinn sin Ṁaonuis
An ḟairge ḋoiṁin a's raḋarċ na spéire;
Ḃí beaṫa gan roinn aige Taḋg O'Laoġaire,
'S ní ḃlaiseaḋ sé greiḋm le treiġid ná braon di.
Ḃí Caoilte Ó Caoiṁ ag caoineaḋ a ċéile,
'S ní ḃ-fuiġeaḋ sé a ḃrísde sgaoileaḋ air aon ċor,
Ḃí Peadar Ó Dúḃda a g-cúinne an' aonar
A's é ag úirliocan air ṡúsa Féiḋlim;
Ḃí Cairbre 's Tiobóid 's Gearóid air saoṫar
Ag tairrint mo ṗlucóid a n-onóir na sgléipe;
Ḃí buaċaill Ui Leaṫloḃair ag altúġaḋ a ṁéile,
'S cé ḃuailfeaḋ an leaṫṡúil é aċt Calḃaċ le sgeírde.
Ḃí Gearalt Ó' Doḃair a's Flann ag taosgaḋ,
Caṫal a's Conn a ngaḃail a ċéile.
Ḃí Seáġan Ó Troiġṫe 'san ribe dá ṫraoċaḋ,
'S ḋá ċeann a ġoile aig ċur air an éinfeaċt.
Do ḃí slioċt Ṁic Aṁlaoiḃ a d-teannta ġeár' ann,
Ag aisiog 's ag brúċtail air ṡúsaiḋiḃ a ċéile;
Gur ḋearḃaig Diarmuid ṡiar a's faoḃar air
Ná mairfeaḋ a d-trian dá d-triall ó Éirinn.
Sin mar a ċaiṫeadar tamall go taoṁnaċ,
Tuirseaċ, fadtuirseac, treasgartaḋ, traoċda,
Agus ḃíoċ air m'ḟalluinn nár ṫaise ḋom féin é,
Sínte tarsna ċoṁ h-ainḋeis le h-éineaċ.
D' ḟanas am ṁart gan preab gan glaoḋ ionnam,
Mo ċreaċ ḟada níor ṁagaḋ bu ṁeinn liom;
Buḋ mé an cleas margaḋ nó an lasdrom aonaig,
Aċt bacan an náire tráċt air éigceart,
Aisíoc mo ṡláinte go n-deárna mé air fad:
Buḋ ṁinic mé ag iarruiġ air Ḋia dá m'ḟéidir,
Stuirm d'ár ḃ-fiaraḋ an iar go h-Éirin,
Do b'ḟeárr liom 'ná ḃ-facas do ṁaiṫeas an t-saoġil,
'S a ḟáġail giḋ fairsing i raḃ a d-taisge 'g Cróesus
Ná 'n lomar órḋa ṫóg Mac Aeson,
'S ná soċar na scótac a's Ṁóir Ḋáil-riada,
Nó dá ḃ-fuiġinn 'san imirt an ḟinne ḃean Déirdre,
Lé'r cailleaḋ clann ċumasaċ Uisniġ na d-tréineaċ,
Nó ar ḋearmad Seáġan 'na ċófra do ḋaor-stuif,
'Ṡ é ag teiṫeaṁ ó na náṁaid go h-Eoċaill air éigin
A ndeirim do ṫaḃarfainn mar ṁalairt le buiḋ'ċus
Air ḃeiṫ 'san m-baile nó a g-calaiṫṗort éigin;
Air ḃeiṫ 'san m-ḃarúntaċt am neartúġ' 'dir Ġaoḋliḃ
Ag reic mo ċeaṫraṁan 's ag smaċtúġ' mo ṫreudaḋ
Nó an aice an t-sagairt ṫugas teagasg go séiṁ dam
'S blaiseaḋ na leanna go fairsing gan éilioṁ,
Nó a m-baile Ṡeoirse ag g-cóṁair an t-séiṁ-ḟir,
Risteárd Bán, do ḃ-feárr do Ṗaorċaiḃ.
(To be concluded in the next)
