574
AN GAOḊAL.
THE EXILE OF ERIN:
Translated for The Gael by WILLIAM RUSSELL.
Air — "An Cnoicín Fraoiġ."
Do ṫainic ċum na taoide deoraiḋe boċt o Éirinn,
An síon a leaḃair éide do léir-ḟliuċ san d-traiṫ:
Do ċaoin sé a ṫír san oiḋċe 'sé ag teirnioṁ,
An aonar ċois taoḃ-ċnuic na sgéirde go tláiṫ.
Do ḃreaṫain-sé le súile bo cúṁaċ air an realt ṁoċ,
A d'éiriġ suas os ċionn ínnse duṫċais a ġaolta,
Mar seal is é go súgaċ a d-túis ġil a laeṫe,
Do ċanaḋ-sé duain aoraċ na h-Éireann go bráċ.
Is dúḃaċ é mo ċás, air an fánaiḋe croiḋe-ċeusda,
An fiaḋ 'gus an faol-ċú is léir go ḃ-faiġid sgáiṫ;
Aċ doṁsa ní'l díḋean o easpaiḋe 'ná o ḃaoġalaiḃ;
Aon áras 'ná crioċ-aṫar ní'l dom le fáġail :
O! ċoiḋċe airís a ḃ-fioḋ na nglas ċraoḃa,
Mar a m-biḋeaḋ mo ṡínsior ní síoċ ḃeiḋ mo rae-si,
'S ní ċuirfiod bláṫa luíḃeann air mo ċaoin-ċruit d'á
[gleusaḋ
'S ní ṡínfiod a teuda air Éirinn go bráċ.
A Éire mo ḋúṫaiġ! cé dúḃac tú 'gus tréigṫe,
A d-taíḃriḃ seaḋ ṫeiḋim-se ag feuċinn do ṫraġa;
Aċ is mairg liom nuair ṁúsglaim ṫar triúċaiḃ a g-
céin uait,
Ná casfar liom na gaolta is leir ḋom go bráċ:
A ḋain mo ṁíoḋáirde an ḃ-fáġad uait taréis seo
Aiteas síoṫċánta, gan gnaiṫ ġuais dom ċeusaḋ?
Go deoġ, deoġ mo ḃráiṫre ní ḟáisgiod am ġeugaiḃ!
'Nois éiġḃid am ḋéiġ-se no d' eug dom ṫárṫáíl.
Cá'il anois mo ċúirtin bo dluiṫ leis an g-coill ġlais?
A aṫair 'sa ṡiúra náċ cúṁa liḃ í 'r lár?
An ṁáṫair a ṫug páirt agus gráḋ ḋom a naoiḋean¬
[taċt,
'S cá ḃ-fuil an bráṫair-croiḋe 's dílse ná cáċ?
A anmain mo ċléiḃ, atá tréigṫe ag suaircios,
Cad fáṫ 'r ċuiris spéis a ngréiṫriḃ gan buantas?
Sileaḋ díle deóra gan staonaḋ le m' ġruaḋnaiḃ,
Aċ áille 'gus pléisiúr ni ġlaoḋfaid dom ḋáil.
Aċ fós gaċ so-ċuiṁne am ċroiḋe-se ḋom ṫréigion,
Iarann deoraiḋe boċt an ġuiḋe seo roiṁ bás:
A Éire, mo ṡíor-ḃeannaċt ċoíḋċe ḋod ċaoṁna,
A áitrioṁ mo ṡínsir, a Éire go bráċ,
Marḃ & fuar annsa n-uaġ 'nuair ḃeiḋead traoċta,
Gura glas do ṁuíḋeanna, a ríoġan na h-áiḋḃéise,
'Gus éigse grínn do ċaoin ċrot a síġe-ċana dreaċt-
A Éire, mo ṁúirnín, díl Éire go bráċ.
NOTE. — I have not translated either the cabin or its door which fi¬
gure in the English version of the foregoing song, because they
involve errors which appear to me not to have proceeded from the
pen of the author: I think the word “door" should be dear.
W. R.
